Ní raibh seans agam cuairt a thabhairt ar an mblog seo an tseachtain seo chaite chomh gnóthach agus a bhíos......... Ar dtús, bhí an Lá na Gaeilge ar an 29ú curtha le cheile ag An Scoil Chois Claí i gcoláiste Í ar fheabhas. Bhain gach duine an taitneamh as na ranganna, na leachtaí agus an craic go hiomlán agus táim ana bhuíoch de na léachtóirí, na múinteoirí uile agus ar ndóigh na cuairteoirí go léir.
Díreach agus a bhí an lá mór thart bhí orm, in éineacht le
Ba mhór an onóir dúinn agus d'fhoilsitheoir an leabhair,
Thug an t-Aire Éamon Ó Cuív léacht suimiúil faoin teideal “Todhchaí na Gaeilge san Aonú Aois is Fiche” Ansin labhair Eibhlin agus mise, mar eagarthóirí an leabhar, agus ansin bhí cúpla focal an deas ó Liam Guidry,
Caithfidh mé a rá go raibh an t-Aire, agus a bhean cheile Áine, go h-an deas cairdiúil agus toilteanach caint le gach éinne. Bhí seans agam labhairt leis ag an dinnéar tar éis na h-ócáide faoi saol an pholaiteora agus alán ábhar eile, gan trácht ar an méad atá déanta ag a oifig, An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, ar son na Gaeilge. Duine an-suimiúil agus dearfach atá ann.
Is féidir teacht ar cóip ar an suíomh seo: siopa Daltaí na Gaeilge agus amach anseo ag deireadh seachtainí na Gaeilge agus Amazon.
Fuair Eibhín agus mise cuirí an leabhar a sheoladh i gCeanada ag an Deireadh Seachtaine na Gaeilge i Kingston Ontario ag deireadh na míosa seo, agus i Portland Oregon ag an Lá na Gaeilge ansin ag tús Meitheamh.
1 comment:
Go gcúitigh Dia sibh as bhur gcuid oibre ar an leabhar seo!
Post a Comment