Friday, January 30, 2009

Oiche Anocht- Bailiúchán na nGaeilgeoirí

Ná déanaigí dearmad a chairde! Beidh ócáid ar siúil anocht san Ard- Chonsalacht anseo i Nua Eabhrac a chuirfidh tús le imeachtaí Gaeilge na bliana sa chathair seo. Beidh fáilte roimh gach uile duine le suim aige nó aici sa teanga. Seo a leanas an cuireadh oifigiúil:

Oíche Shiamsaíochta le ceol, amhránaíocht agus filíocht na Gaeilge

Céiliúradh taca na Féile Bríde

Ard-Chonsalacht na hÉireann

345 Park Avenue Urlár 17ú


Cuirtear fáilte romhat bheith linn ag oíche lán de cheol, d’amhránaíocht agus filíocht na Gaeilge idir

6-8 pm ar an Aoine 30 Eanáir 2009


[We’re celebrating February 1st aka St. Brigid’s day in Irish language song, poetry and music. This should be a good occasion to start brushing up your Irish!]

RSVP: 2123192554 Marie

Wednesday, January 28, 2009

Deireadh an Leabhair Úd.

Chriochnaigh mé é agus is oth liom a rá nár bhaineas mórán taitnimh as deireadh an leabhair úd! Bhíos ana mhíshásta leis an údar…Theip air dar liom nó saghas cop out. (Cabhair!! Cad í an fhoirm ceart sa Ghaeilge ar an meon sin? ní féidir liom smaoineamh ar maidin!) ar aon nós do bhí díomá orm leis. Tá cúpla cara liom á léamh anois agus suim agam a gcuid tuairimí faoi a fháil gan mhoill. Anois os rud é nár mhaith liom an deireadh bím a caitheamh súil níos géire ar an scéal go hiomlán! na carachtair agua araile ach fós féin tá orm a admháil nach raibh aon rudaí lag iontu agus choimeád an leabhar mé sásta go dtí na cúl leathanaigh.
Chuir duine le fios orm go bhfuil an leabhar seo ar liosta OPRAH. An cúis í sin clúdach donn a choimeád air in aon áit poiblí mar leabhar pornagrafaíochta? Ní dóigh liom é ! Ní léitheoir ard srónach mise!

Friday, January 23, 2009

Leabhar

Nuair a chuireas tús leis an mblog seo plean amháin a bhí agam ná cur sios a dhéanamh go rialta ar na leabhair a bheadh idir lámha agam. Bíonn leabhar nó dhó idir lámha agam i gcónaí agus is annamh a luaim anseo iad. Cuirim naisc ar thaobh an bhlog seo anois is arís ach faraoir bím leisciúil…. Faoi láthair táim ag baint an taitneamh as The Story of Edgar Sawtelle. Cheapas ar dtús nach mbeadh sé ró mhaith ach mar a tharlaíonn go minic do tharraing an scéal isteach mé, (saghas mistéir atá ann anois nach raibh soiléir ón dtús) agus oireann an leabhar tráthnónta os comhair an tine nó tréimhsí ar an traein. Baineann an scéal le muintir a gcothaíonn madraí fé leith, agus mura bhfuil suim ag an léitheoir i madraí agus an tslí ina smaoiníonn siad ní dóigh liom go n-oirfeadh an leabhar leis! Tá rian finscéil (fantasy) ann chomh maith rud a chuireann isteach ar daoine áirithe ach bímse ceart go leor le sin.

Tá carachtair amháin ann atá ana cosúil le mo mhadra féin Cara, madra críonna eile atá inti, Almondine is ainm dí. Feictear gaois an seana mhadra go minic sa scéal. Is le buachaill balbh í agus tuigeann sí gach rud a labhraíonn sé lena lámha dí gan trácht ar a theanga choirp, rudaí nach bhfuil deacair domsa a thuiscint ar chor ar bith.

Wednesday, January 21, 2009

An Pictiúr Mór

Is minic a insíonn íomhánna an scéal. Féach anseo ar An Pictiúr Mór. Iontach.
Bhain taitneamh astu.

Lá Grianmhar sna SAM

Bhuel, tá uachtarán úr againn anseo agus go n-éirí leis, nach mór an cairn oibre atá ós a chomhair inniu agus tuirse air tar éis an lá inné gan trácht ar na cóisirí uile aréir? Chonaic mé inné é ag tabhairt an móid ar scáthlán mór thíos bhaile in NYC. Bhí breis agus cúig céad sa láthair déarfainn agus atmaisféar iontach dearfach sa halla.
Níor mhaith liom a bheith diúltach ar chor ar bith ach mar a dúirt cheana, ní Superman é agus tá súil agam go mbeidh an pobal foighneach leis. ‘Sea lá grianmhar a bhí ann inné ach bhí sé fuar leis agus beidh droch aimsir fós le teacht.
Ná bí ag feitheamh ar míorúiltí!

Tuesday, January 13, 2009

Fógra : Oíche na Gaeilge i NYNY

Bhí Breandán Ó Caollaí (Leas Ard-Chonsail na hÉireann i Nua Eabhrac) i dteagmháil liom díreach roimh Nollaig faoi teacht le cheile a bheidh acu san Ard Chonsalacht ar an 30 Eanáir, 6 – 8 IN. (345 Park Ave # 1700, NYNY). Beidh fáilte agus fiche roimh cách le suim acu sa teanga.
Tá oíche bhreá geallta dar liom, seans bualadh le daoine eile le suim acu sa teanga, seans agat a bheith ag canadh más maith leat? scéal a insint? píosa filíochta a léamh? nó do scíth a ligint agus tú sa lucht féachana / éisteachta.
Má bhíonn suim agat a bheith páirteach, ní gá ach glaoch ar an oifig (212) 319-2555 agus abair leo d’ainm a chur ar an liosta chun cheada istigh a fháil, ansin bí cinnte go bhfuil ID agat an oíche úd.

Monday, January 12, 2009

An Obamarama

Tá an lá mór ag teacht!
Bhuel, chuir mé m’ainm sa hata an chrannchúir ar suíomh an fheachtais chun teacht ar ticéid chuig an ócáid mhór i
Washington - ach faraoir níor éirigh liom, (go fóill ach go háirithe.) Níl díomá ró-mhór orm caithfidh mé a rá, nach mbeidh an trácht go dona? Beidh an domhan agus a mháthair i láthair, ní dóigh liom go ndéanfaidh sé mórán difríochta dóibh agus mise as láthair!

Friday, January 09, 2009

Duaiseanna Blogadóireachta 2009!

Cuireadh fios orm go bhfuil an comórtas ar siúl arís a cháirde, níl mórán ama agaibh bhúr vótaí a chaitheamh mar sin má bhíonn an nós agat blogs a léamh ná bígí cúthaileach agus tar aghaidh libh go dtí an suíomh seo.

Tony Gregory, i gcónaí 45

Rud amháin a tharlaíonn nuair a bhíonn duine ina eisimirceach nó ina deoraí ná go stopann an t-am i slí áirithe maidir le íomhánna... Bhí ionadh orm a fháil amach (in ainneoin na mílte turais thar n-ais go Éireann agus teagmháil le clann, cairde agus cúrsaí ansin gach aon seachtain) go raibh Tony Gregory 61 bliana d’aois nuair a d’imigh sé ar slí na firinne seachtain ó shin, grásta Dé air.
Beidh sé i gcónaí timpeall 45 domsa.
Is cuimhin liom go raibh sé ina chara don teanga chomh maith a shaol iomlán agus ní raib h drogall ar labhairt sa Ghaeilge in aggalaimh aon uair.

Léigh mé cur síos faoi i gcolún na marbh agus chuir sé i gcuimhne dom íomhá soiléir dó ag argóint le polaiteoirí eile ar an teilifís go minic, chomh maith le sin é páirteach le sluachorraitheoirí eile sna 80’s ag iarraidh cabhrach dá toghdóirí ó lár na cathrach i mBAC.
Bhí sé dílis dá ghnó agus dá lucht leanúna agus má tá sé ráite ag féachaint siar nár éirigh ró mhaith leis sa chluiche pholaitíochta ní dóigh liom gur chuir sé sin isteach ná amach riamh air.

Wednesday, January 07, 2009

An Bhliain Ur

Beannachtaí na bliana úire!Thar n-ais sa diallait atáim!
Cairn mór oibre os mo chomhair ach smaointí iontacha agam faoin tréimhse sa tuaisceart.

Ach ag an am céanna táim croíbhriste faoi cursaí i Gaza, tá sé go dona amach is amach, tá pictiúir anseo ón Boston Globe.
Is cuma cursaí eachnamaíochta
na tíre nuair a bhíonn fulaingt mar seo ar siúil…In ainm Dé nach féidir leo stopadh? Beagnach 700 caillte anois i Gaza agus 10 in Israel.