Friday, September 21, 2012

Cá háit ar imigh na litreacha uile?


....Agus mé ag súgradh le mo ghuthán cliste nua agus lán sásta leis, rith sé liom nach amháin gur iontach iad na huirlisí atá cruthaithe dúinn ár saolta a chabhrú, ach cad faoi na poill a fhágtar dá barr, nó an poill iad?
Is gnáth córais iad teachtaireachtaí meandair, ephoist, fís-chomhráite agus araile ar ár bhfóin anois, agus muna bhfuil na seirbhísí seo ag gach éinne le fón-phóca faoi láthair ní fada go mbeidh - déarfainn taobh istigh glúin amháin eile. Ach is teagmhálacha gearra agus gearrshaolacha iad de ghnáth nach mbíonn mórán le fáil ó athchuairt orthu. Agus cad a dhéanfaidh na staraithe amach anseo gan cairn mhóra litreach acu ón aois seo?

Bhí Packie ina dhéagóir óg i lár na bhfichidí san aois seo caite in iarthuaisceart Mhaigh Eo, agus é an duine ba shine i gclann aon pháiste dhéag. Chuaigh sé chun oibre lena athair nuair nach raibh sé ach trí bliana déag d'aois, ach, ó tharla go raibh scríobh maith aige óna laethanta gearra scoile d'ainmnigh mar scríbhneoir é ina cheantar beag féin ar thaobh cnoic. Bhíodh an jab aige litreacha a scríobh ó am go ham ar son daoine áirithe na háite nach raibh bua na scríbhneoireachta acu,  ansin bhí air na litreacha a thabhairt chuig oifig a'phoist ar a rothar, faraor b'fhada an turas san dó, dhá mhíle dhéag gach slí nó mar sin de. Ach múineann gá seift agus tar éis tamall gearr chuir Packie féin litir sa phost chuig ard oifig a'phoist i mBaile Átha Cliath agus é ag iarraidh bosca poist dá cheantar. Níor éirigh leis ar dtús, bhí air feachtas a chur ar bun ach sa deireadh thiar thall d'éirigh leis. Cuireadh an bosca uaine ón Saorstát i lár seanbhalla cloiche gar do chrosbhóthar beag ina cheantar féin agus thug na seandaoine áitiúil Packie's box air. Is mó litreacha a cuireadh sa bhosca céanna faoi dhéin Meiriceá, agus déarfainn gur léadh arís is arís eile cuid mhaith acu ar an taobh seo.



Má bhíonn uaigneas orainn an lá atá inniu ann, ní hé an t-uaigneas céanna a chuireann isteach ar an imirceach i bhfad i gcéin i gcomparáid le saolta gan mórán nuachta ón sean fhód fadó.  Is iad forbairtí teileachumarsáide na blianta beaga anuas atá cúis leis an athrú agus ní fhaightear (nó is annamh a fhaightear) litreacha nó grianghraif sa phost níos mó ach oiread. 

In anneoin na buntaísí atá againn anois bíonn sé go deas ar uairibh féachaint i mo bhailiúchán litreach agus cuid acu a athléamh. Ansin tamall a chaitheamh ag taisteal ar bhóthar na smaointe leis an scríbhneoir tríd an dúch a mhaireann mar líne bheatha eadrainn.


Lean Packie mar réiteoir fadhbanna a shaol iomlán, níl fadhb ach a bhfuil réiteach aici a deireadh sé go dearfach agus teacht aniar aige gach fadhb a réiteach i gcaitheamh a shaoil. Do bhíodh gliondar agus iontas air forbairtí nua a fheiscint agus níor chaith sé aga maoithneach riamh ag gearán faoi athruithe an tsaoil, ba chrua an saol fadó. B'fhuath leis aon Stick in the Mud. Bhain sé an-taitneamh as litir phearsanta sa phost i gcónaí agus iad a athléamh - ach déarfainn go mbainfeadh sé an-sult as iFón.