Monday, July 18, 2011

Cara Cliste

Tá an aimsir ana the ar fad le seachtain anuas anseo i Nua Eabhrac, is maith liom í ach bíonn sí ró-the domsa i lár an lae, fanaim laistigh idir meán lae agus a ceathair a chlog de ghnáth. Ach inniu braithim athrú ag teacht, tá sé fós an te ach tá an t-aer ag éirí trom, braithim mar ualach orm é, ag brú ar mo ghuaillí. Níl an spéir glan geal níos mó, tá an solas bog. Ciúnas gach áit, níl na héanlaith ag canadh tráthnóna inniu, tá a fhios acu go bhfuil stoirm ag teacht ar ball anocht. Níl Cara sásta, braitheann sise an t-athrú chomh maith cé nach bhfeiceann sise mórán níos mó, ní chloiseann si tada mar tá ciúnas na seanaoise uirthi, ach is fuath léi toirneach agus tintreach, cuireann siad scanradh uirthi agus bíonn a fhios aici i gcónaí ó thús an lae, gan bogadh as a leaba, nuair a bhíonn siad ag teacht.

Wednesday, July 06, 2011

More Signal Less Noise




D'fhreastail mé ar cheolchoirm Peter Gabriel an tseachtain seo chaite. Is aoibhinn liom a cheol, ón tús nuair a bhí sé i nGenisis agus ó shin i leith. Gníomhaire ealaíne is ea é i ndáiríre, má fhéachtar siar ar a chuid oibre ó na laethanta fiáine na seachtóidí go dtí an lá atá inniu ann, feictear ealaíontóir, aisteoir, ceoltóir, amhránaí, fear grinn, scríbhneoir agus gníomhaí ar son cearta an duine- gníomhaí polaitíochta, measctha le chéile ann.

An duine achrannach míshuaimhneach é de dheasca coimhlintí á tharraingt i dtreonna ildifriúil?  nó an duine fíor iltréitheach é le fonn a bheith faoi sholas os comhair an phobail go rialta? Ní fheadar, agus is cuma dar liom! ní gá ach féachaint ar toradh a chuid oibre le blianta fada anuas agus tuigtear go bhfuil meas an phobail tuillte go mór aige.  Is liosta ana fhada é taobh amuigh dá chuid cheoil fiú! Bíonn baint nach beag aige le Amnesty International agus cabhraíonn sé ceoltóirí nach leo mórán seans a bheith ar ardán na cruinne le doirse a oscailte rompu agus roimh a gceol neamhghnách trí ...Real World Music,  Is maith an nós é nuair nach bhféachann duine mór le rá síos ar dhaoine eile ach amháin chun lámh a shíniú síos chucu chun iad a tharraingt aníos. Is cosúil go bhfuil ana chuid ceol foilsithe ag Real World Music nach mbeadh ar stáitse an domhain gan cabhair. D'fhoilsigh siad an CD is ansa liom, "sé sin Seacht gCoiscéim na Trócaire le Iarla Ó Lionáird, 1997.

Chonaic mé oíche Aoine seo caite é in aimfitéatar faoin spéir i Connecticut, thosnaigh an ceolchoirm díreach in am,  nóiméad nó dhó tar éis a hocht a chlog - ní rabhamar ag fanacht air... Cuireadar tús leis an imeacht le Heroes ó pheann David Bowie agus leanadar ar aghaidh ansin le ceol ó na tréimhsí i saol Peter Gabriel, mar aon le hamhráin ó bhanna ceoil eile mar shampla Arcade Fire agus Talking Heads anseo is ansiúd. Bhí amhráin ciúin smaointeach le cloisteáil agus ansin gan choinne bheadh ceann fiáin agus ag lucht éisteachta go léir ar ár gcosa ag canadh agus ár mbosa ag bualadh le chéile le fuinneamh ar leith.

Bhí an fhuaim agus ceol féin go hiontach ar fad, tuige nach mbeadh agus ceolann caoga ceoltóra taobh thiar de..The Red Blood Orchestra, meascán atá ann do cheoltóirí atá ar an turas leis ón Bhreatain Mhór agus ceoltóirí áitiúil. Ba mhinic a labhair Gabriel linn faoina shaol, cúrsaí pholaitíochta agus fiú fóin phócaí agus athruithe an tsaoil comhaimseartha a mbaineann leo, níos mó cumarsáide timpeall na cruinne, "More signal less noise" mar a duirt sé..... .

Déarfainn go raibh gach píosa den seó seo cruthaithe ag Gabriel nó ag a bhainisteoir roimh ré - gach uile rud cleachtaithe aige - ach níor chuir an smaoineamh sin isteach ná amach orm, dearadh proifisiúnta a bhí ann a d'oibrigh ar an oíche, agus, is dócha a oibríonn gach oíche den turas seo ar a dtugtar The New Blood Tour.  Má bhíonn an seans agat dul - glac é!
Tá orm mo bhuíochas a ghabhail chuig Collette Quinlin, stiúrthóir Boston Irish Tourism Association de bharr crannchur a bhí ar siúil ar an suíomh, tháinig mé air de thimpisteagus nuair a tháinig mé ar an gcrannchur dúirt mé liom féin á léamh.....cén dochar?...chuireas m'ainm isteach agus d'éirigh liom! Fuair mé dhá thicéad chuig an seó iontach seo ó Cholette!