Friday, December 03, 2010

Aisling Géar

Éire bhocht a scríobh cara i nóta chugam coicís ó shin. Éire bhocht cinnte, bíonn sí i mo smaointe go minic le déanaí agus chuir imeachtaí na coicíse seo caite brón nach beag orm agus tocht scríbhneoireachta orm leis. Ní fheadar an bhfuil sé ceart an locht go hiomlán a chur ar na hEorpaigh, tá a gcuspóir féin acu ag iarraidh an Euro a choimeád slán, ach quelle costas….(ní fheadar cad a bhí idir lámha ag an ECB blianta ó shin agus gach rud ag dul as smacht? an rabhadar ar saoire) Ní féidir an locht a chur ar an Euro féin, nach raibh fáilte is fiche roimh an Euro ar dtús? Pósadh atá i gceist sa cheangal sin: thuas seal thíos seal!

Bíonn sé ráite go bhfuil smior na nGael caillte in Éirinn anois, díolta, agus gur éirigh an smior níos laige i ré an Tíogair, an tíogar bocht, is ceap milleáin eile é dar liom. Tá an locht ar easpa céille treoraithe na tíre, ní hamháin an dream atá i gceannas an lá atá inniu ann ach an dream roimhe seo. Tá sé ana-brónach áfach mar bhí seans ann forbairtí fíor dearfacha a chur ar bun le linn ré an Tíogair...dá mbeadh daoine cliste agus fad radharcach i réim: córas sláintíochta a áth-thógáil mar shampla. Ach in ionad aon rud ciallmhair mar sin a dhéanamh cuireadh tús le forbairtí foirgneoireachta timpeall na tíre atá tréigthe anois agus an tír is an talamh ag titim ar a chéile gan mórán ós comhair an chéad glúin eile ach a bheith báite i bhfiacha baincéirí ár linne.

Saint as smacht.

Ní rud úr í tréimhse anróiteach in Éirinn, tharla cheana. Sa 17ú haois déag bhí an tír ina praiseach le saint, san 18ú haois arís le tiarnaí talún ag crú na tíre, ní gá an 19ú haois a luaigh, tá a fhios ag cách faoi sin. Bhí cuid mhaith den 20ú aois deacair go leor ach thug an tsaoirse anam agus croí do dhaoine, agus deireadh na haoise seo caite, bhí sé go híontach ar fad.

Ach anois: An bhfuil Éire bhocht ag feitheamh ar Mac an Cheannaí arís? Nó truaillithe arís.

Aisling ghéar do dhearcas féin
ar leaba ‘s mé go lagbhríoch
an annir shéimh darbh ainm Éire
ag teacht im ghaor ar marcáiocht
a súile glas, a cúl tiubh casta,
a com ba gheal ‘s a maili,
dá mhaíomh go raibh ag tríoscht ‘na gar
a diogras, Mac an Cheannaí.

/ ….

Adúrtsa léi ar chlos na scéal,
I rún gur éag do chleacht sí,
Thuas sa Spáinn go bhfuair an bás-
’s nár thrua le cách a ceasnaí;
ar chlos mo ghotha i bhfogas dí
chorraigh a cruth ‘s do scread sí
is d’éalaigh an t-anam d’aonphreib aistí-
mo léansa an bhean go neamhbhríoch.

Sliocht as Mac an Cheannaí le Aogán Ó Rathaille (c. 1675- 1729)
An Duanaire Dolmen Press (1981)

Wednesday, November 10, 2010

An Rud is Annamh is Iontach.

Tháinig an damh seo luath sa mhaidin. (Ach ní raibh sé chomh luath sin mar nach bhfuil na cloig casta thar n-ais, mar sin b'fhéidir go raibh sé déanach ar a chuairt? No an raibh a fhios aige go mbeadh tús déanach againn ar an lá úd)
Ní fheictear damh ró mhinic sa cheantar seo, agus má fheictear bíonn sé ag an am seo den bhliain, séasúr na cúplála. Ní rachainn gar dóibh, níl siad mar a bhíonn na heilití agus a hoisíní. Bíonn siadsan i gcónaí ciúin agus séimh, ar tí imeacht de rúid uait chomh luath agus a gcloiseann na máithreacha glór ar bith; bíonn a gcluasa móra i gcónaí ar a bhfiachaill ar gach rud.

Deirtear go mbíonn cúthaileacht ar na daimh chomh maith, ach ní aontaím le sin. Is ainmhithe bródúil iad....... Cuireann siad suas linn agus a bhfearann millte againn. Níl siad toilteanach a ligint go bhfuil siad ag fulaingt. Tuigeann siad nach bhfuil mórán le déanamh acu romhainn, ár gcarranna. ár gclaíocha, ár ngunnaí agus ár gcrosbhoghanna.

Coimeádann siad iad féin uainn, agus de dheasca sin téann na sealgairí ar a dtóir, nó ar thóir a mbeanna....spórt na fola. Siamsa! An rud is annamh is iontach.

Sílim gur scríobh Liam Ó Muirthile dán uair amháin faoi damh, ach faraor ní féidir liom teacht air. (Má bhíonn an dán seo ag éinne agaibh chuir chugam é le do thoil)

In ionad sin tá píosa ana dheas anseo agam ó leabhar iontach The Outermost House le Henry Beston 1888-1968 :


We need another and a wiser and perhaps a more mystical concept of animals. Remote from universal nature and living by complicated artifice, man in civilization surveys the creature through the glass of his knowledge and sees thereby a feather magnified and the whole image in distortion.

We patronize them for their incompleteness, for their tragic fate for having taken form so far below ourselves. And therein do we err and greatly err. For the animal shall not be measured by man. In a world older and more complete than ours, they move finished and complete, gifted with the extension of the senses we have lost or never attained, living by voices we shall never hear.

They are not brethren, they are not underlings: they are other nations, caught with ourselves in the net of life and time, fellow prisoners of the splendour and travail of the earth.



Thursday, November 04, 2010

Scéala Dearfach Eile agus Rothaí Mora an Domhandú

Tá nós inmheánach ag daoine, ag an gcine daonna is féidir a rá, le bheith ag taisteal, agus bíonn na mílte cúiseanna ann a bhaineann leis an nós sin. Castar ar Éireannaigh anois ar fud an domhain, cuid acu de shliocht na nGael ó na cianta ó shin. Is cosúil gur saghas treibhe scaipthe atáimid faoi láthair agus más fíor é sin an féidir na ceangail atá eadrainn a thomhas i slí éigin agus an dlúthbhaint eadrainn a thuiscint ar chor ar bith?

Is fíodóirí sinn ar fud na cruinne ag obair ar thaipéis chultúir, ag baint úsáid as na dlúth téada céanna; an ceol, an teanga, an radharc tíre, an litríocht, an damhsa, stair na tíre, spóirt, i slite difriúla de bharr an snáth innigh a roghnaímid. Tosaíonn taipéis le dlúth téada agus leanann siadsan ó thús go deireadh. Cuirtear an snáth innigh trasna, anonn is anall, is féidir athruithe a dhéanamh leis an snáth innigh, do phictiúr féin a dhearadh. Bíonn na dlúth téada i gcónaí ann ámh, tugann siad neart don struchtúr. Seo mar atá sé le cultúir dar liom. Má ghearrtar ceann de na dlúth-téada beidh an cultúr i bhfad níos laige, agus oidhreacht an chéad glúine eile níos laige de dheasca sin. Is pictiúr nó íomhá phearsanta a thagann le chéile dúinn sa deireadh, gathanna solais ar phíosa nó dhó agus iad sin a thabhairt chun cruinneas inár dtaipéis chultúrtha féin.

Bíonn sé ráite go bhfuil an domhan ag éirí níos lú le domhandú na meáin, na nuachta, cúrsaí eacnamaíochta, srl. An bhfuil sé fíor a rá go bhfuil domhandú cultúir ar siúl chomh maith? An anois an t-am ár gcultúr féin a cheiliúradh níos mó ná riamh? Tháinig sé slán as tréimhse imris agus achrainn eile. An dtéann an dá rud, domhandú cultúir agus cultúr a cheiliúradh, ar aghaidh le chéile? An féidir ár gcultúr a athaimsiú in áiteanna iargúlta áille agus sna cathracha chomh maith agus é a chur chun cinn?

Fuair Dearbhall Standúin agus Charlie Troy duais idirnáisiúnta iontach Global Vision le déanaí de bharr le Cnoc Suain, a bhforbairt in iarthar na Gaillimhe. Plean acu clár turasóireachta, bunaithe ar chultúr na hÉireann agus ar bhuan-choimeád na tíre a chur ar bun ansin: Seans do dhaoine ina gcónaí in Éirinn nó de shliocht na nGael thar lear, teagmháil a dhéanamh arís nó den chéad uair le dlúth téada ár gcultúir shaibhir. Beidh an bheirt acu ag labhairt faoin duais seo agus Cnoc Suain i Glucksman Ireland House, NYU,1 Washington Mews (@ ascaill a cúig) Nua Eabhrac, Dé Luain seo chugainn. Tuilleadh eolais anseo. Beidh an tOllamh Fionnbarr Bradley ag caint chomh maith an oíche céanna faoin bhforbairt seo i nGaillimh agus chomh tábhachtach agus atá cultúr na hÉireann i rothaí móra an domhandú.

Is fearr liom féin an téarma clár saibhrithe, ná clár turasóireachta, baineann rud éigin fulangach ó thaobh na céille de leis an bhfocal turasóireacht sa chomhthéacs comhaimsire sílim, easpa fuinnimh b'fhéidir? Is mór an tairbhe dúinn sinn féin a saibhriú le teacht ar dhlúth téada ár gcultúr, agus ní mór dúinn a aithint ar ndóigh go maireann sé sna áiteanna iargúlta áille agus sna cathracha chomh maith, agus aon áit ina mbailíonn Éireannaigh le cheile.

Bíonn níos mó le foghlaim i gcónaí.


Sunday, October 31, 2010

Scéal Dearfach





Bíonn scéalta dearfacha i gcónaí tábhachtach ach faoi láthair le drochscéalta mar chlócaí umainn sílim go bhfuil dea-scéalta níos tábhachtaí ná riamh.

Chuir éalú na mianadóirí i Chile áthas mór ormsa mar shampla agus ar gach duine le croí agus cuisle déarfainn. Is minic a chloistear faoina leithéid de thimpiste nach dtagann duine beo riamh as agus bím buartha uaireanta nach bhfuil suim ag na boic mhóra an t-airgead a chaitheamh na créatúir a aimsiú agus a scaoil amach... ach ní hé sin a tharla sa chás seo, buíochas le Dia. Scaoileadh amach iad agus chualathas osna fhaoisimh timpeall an domhain.

Bhí mé ag taisteal le déanaí…bhí mé i gCathair Luimnigh faoi dhó taobh istigh míosa. Bhí sé go breá, bíonn cuma dheas ar an gcathair agus a pobal faoi láthair, go háirithe aon lá ina mbíonn an ghrian ag taitneamh, í ag glioscarnach ar an abha.... agus.... chomh maith le sin, má bhíonn cluiche spóirt ar siúl sa chathair....agus san am seo den bhliain má bhíonn cluiche Rugby le bheith ar siúl i bPáirc Thuamhan agus foireann na Mumhan ag imirt. Tá an chraobh Heineken faoi lán seol anois agus is mór an tsuim atá ag lucht na cathrach sna cluichí. Nach minic a chuireann cúrsaí spóirt aoibh mhaith ar dhaoine?

Seo mar a bhí ar an 16ú lá déag de mhí Deireadh Fómhair. Tharla go raibh mé ag tiomáint ar bhóthar na hInse i dtreo lár na cathrach luath san iarnóin an lá úd, fad is a bhí tonnta dearga gealgháireacha ag bogadh chugamsa! Tonnta dearga gealgháireacha? Ba iad lucht tacaíochta Foirne na Mumhan a bhí ann; fir, mná, páistí óga, déagóirí, iad go léir gléasta i ndearg agus slua mór acu ag siúl amach chuig Páirc Thuamhan atá suite ar taobh thiar thuaidh na cathrach. Ba léir go raibh muinín acu as a bhfoireann, tháinig miongháire ormsa ag féachaint orthu agus cuid acu ag pleidhcíocht agus ag ligint geáitsí orthu féin agus iad uile ar shanks mare! Spraoi geallta cinnte. Ba léir chomh maith go raibh mise ag dul sa treo mí cheart, bhí an ghrian ag taitneamh agus fuinneog an chairr ar oscailt agam... "Arn't ya coming to the match missus?" mar a dúirt sreangán óg amháin liom agus é chomh tanaí leis an gcrann brataí a bhí á iompar aige! Bhuel faraor, ní raibh ticéad agam dul, ach d'fhéach mé ar an gcluiche ar an teilifís le mo mháthair ar ball sa tráthnóna. Bhaineamar sult as cé go mbíonn sé iontach garbh agus fiáin mar chluiche, dar liom. Bhaineas taitneamh chomh maith as féachaint ar an tslí inar bhain sise sult as... : "Get that fellow!" a ndéarfadh sí i nguth íseal séimh, nó "That so and so, stop him!" Focail nach gcloisim i NY! Bhí suim mhór aici sa chluiche seo ó laethanta a óige toisc gurbh iomaitheoirí Rugby iad a deartháireacha agus a h-uncailí, bhíodh suim ag m'athair i gcluichí iománaíochta agus caide!

Ar aon nós is cluiche proifisiúnta é Rugby anois agus mar sin tagann baill na foirne ó gach aon áit, ach chomh luath agus a chaitear geansaí dearg na Mumhan is Muimhnigh iad! D'éirigh go maith leo an lá úd, bhíodar i gcoinne Tulon agus b'é toradh an chluiche 45 - 18.

Is bliain iontach í 2010 i gcúrsaí spóirt sa Chuige Mumhan. D'éirigh le Tiobraid Árann craobh iománaíochta na hÉireann a bhuaigh agus corn Liam Mac Carthaigh a fháil dá bharr, ní hamháin é sin ach d'éirigh le Corcaigh craobh caide na tíre a bhuaigh agus teacht ar chorn Somhairle Mag Uidhir arís. Is laochra ár linne iad na lúthchleasaithe iontach seo, a chuireann a gcroíthe san obair agus a thugann sásamh nach beag dá lucht leanúna. Ní lúthchleasaithe proifisiúnta iad murab ionainn leis na lúthchleasaithe ar bharr cúrsaí Rugby; de ghnáth bíonn orthu lá lán oibre a chur isteach roimh oíche thraenála nuair a bhíonn séasúir a spóirt faoin lán seol.

Scéal nach bhfuil ar fud na háite ná gur thug IRFU na Mumhan (Munster Irish Rugby Football Union) cuireadh don fhoireann iománaíochta is fearr sa tír, Tiobraid Arann agus don fhoireann peile is fearr, Chorcaigh, teacht go Páirc Thuamhan ar an lá úd, an 16ú, chun féachaint ar an gcluiche mór. Cuireadh lón deas os a gcomhair ar dtús agus ansin bhí seans acu féachaint ar an gcluiche le chéile agus gáir molta a ligint ar son foireann mhaith eile na Mumhan.

Uair amháin bhí cosc ar teagmháil idir na cluichí seo, bearna ollmhór eatarthu, agus idir na lúthchleasaithe fiú..... ach anois critheadh lámh eile eatarthu, aitheantas cothrom ceart é ó IRFU na Mumhan do Chumann Lúthchleas Gael.

Wednesday, September 22, 2010

Am a chur amú, ach...ag foghlaim

Bhí comhrá suimiúil agam le fear ón Ind tá cúpla lá ó shin. Tharla go raibh trioblóid riomhraíochta agam agus bhí mé ar an bhfón leis, bhí sé lonnaithe in ionad glaonna áit éigin sa mhór roinn sin. Fad is bhiomar ag feitheamh ar ioslóidáil bhogearraí thosaíomar ag caint le chéile. Chas an comhrá chuig teangacha tapaidh go leor, mhínigh mo dhuine dom go bhfuil ocht dteanga náisiúnta déag acu siúd san Ind agus gurb í Hindi a theanga dhuchas féin. Ach dúirt sé nach raibh a chumas i léitheoireacht nó i scríbhneoireacht in Hindi ró mhaith aige níos mó. Dúirt sé go raibh a léitheoireacht agus a scríbhneoireacht i bhfad níos fearr i mBéarla anois. An nós a bhíonn acu san Ind ná an bhéim a chur ar staidéar ar an mBéarla ar scoil, agus ós rud é nach gá ach teanga amháin a staidéar ar an ard scoil déanann beagnach gach duine Béarla má bhíonn aon suim ar bith acu in oideachas. Is cosúil go mbíonn an Bhéarla acu mar ábhar scoile ón dtús báire. “Faoi láthair,” a dúirt sé in a Bhéarla beagáinín briste blas láidir, “Is fearr liom a bheith ag léamh nó ag scríobh i mBéarla in ionad mo theanga dhúchais, ní bhíonn an méid sin botún agam ann” Bíonn na nuachtáin foilsithe sna teangacha náisiúnta agus i mBéarla agus ceannaíonn sé ceann i mBéarla i gcónaí; bheadh an ceann in Hindi ró dheacair do.

Monday, August 23, 2010

Tháinig an Fhearthainn,

Dhúisigh mé go luath maidin inné. Bhí mé san áit chompordach chluthmhar sin idir múscailt agus lán dhúiseacht. Mo shúile dúnta gan suim agam iad a oscailte, mo chorp leagtha amach fós trom le codladh, mo chosa gan fuinneamh, mo lámha thuas thar mo cheann, marbh agus mé ar mó sháimhín só.
Chuala mé glór bog, ciúin, glór nár chuala le tamall anuas, ag cogarnach, ag athrá. Glór deas, ag bladar faoi choim, íseal. D’aithin mé é, chuala mé cheana áit éigin é. Glór suaimhneasach. Agus mé ag teacht chugam féin rith sé liom go raibh sé ag cur fearthainne lasmuigh, ba í an fhearthainn ar dhíon an tí a bhí ag canadh go caoin dom ag tús an lae, agus déarfainn gurb í seo an chéad uair riamh go raibh fíor fáilte agam roimh an fhearthainn!

Thursday, August 05, 2010

Ná Déan Dearúd




Má smaoinítear ar na hÉireannaigh a aistriú go dtí na Stáit Aontaithe Mheiriceá timpeall 1850 tagann pictiúr áirithe ar an gcéad amharc, sé sin ar ndóigh na mílte bochta ó fud na tíre a bhí in ann éalú ón ocras agus ó anró an tsaoil go dtí an tOileán Úr. Ach nach mbíonn níos mó i ngach pictiúr ná an príomhábhar agus is fiú féachaint siar le radharc níos fairsinge ar an dream mór a d’fhág an tír le linn na tréimhse dorcha san ….Tháinig eisimirce go Meiriceá ó Bhaile Átha Cliath chomh maith, seans maith nach raibh na taistealaithe sin ar a ndé deirí i gcomparáid leis na créatúir bhochta ó thimpeall na tíre- ach bhíodar go léir ag iarraidh saoil níos fearr a bhaint amach, dóibh féin, dá bpáistí agus i slí indíreach, dá muintir fágtha sa bhaile.


Chonaic mé taispeántas dealbhóireachta le Augustus Saint-Gaudens (1848-1907) sa Metropolitan Museum of Art tamaillín ó shin. Seans nach bhfuil ainm an dealbhóra seo ar eolas ag cách ach, ag an am céanna is beag duine nár bhfaca sampla dá shaothar uair éigin í Nua Eabhrac agus i gcathracha móra eile, Baile Átha Cliath ina measc ……sin le rá ar ndóigh….má bhíonn a súile ar oscailt. Cuireann an smaoineamh sin chara liom i mo chuimhne; do bhíodh sé i gcónaí mí shásta le daoine gan an nós acu rudaí a thabhairt fé deara ar ghnáth bóthar an tsaoil.. “erra, bíonn súile an té sin oscailte ceart go leor ach faraoir ní fheiceann an t-amadán céanna tada” a ndearfadh sé . (Púicíní a chuirtear ar chapaill na cathrach tá a fhios agat.. agus is é púicín focal eile a chiallaíonn le h-amadán sa Ghaeilge…duine nach bhfeiceann an pictiúr go hiomlán).

Ba é Augustus Saint-Gaudens duine de na dealbhóirí is mo i stair ealaíona na SAM, ach níor Mheiriceánach ó dhúchas é. Rugadh ar shráid Charlemont í mBaile Átha Cliath é, ba Éireannach í a mháthair , Mary McGuinness ó Bhaile uí Mhatháin, Co Longfort, agus ba Fhrancach a athair, Bernard Saint-Gaudens, caibléir a bhí ann agus é lonnaithe i mBaile Átha Cliath ó 1840. D’aistrigh Bernard a chlann go Meiriceá nuair nach raibh in Augustus ach leanbh, bhí beirt mac caillte ag an gclann cheanna agus ba chosúil go raibh eagla air roimh an gorta mór cé go rabhadar ina gcónaí i mBAC . Chuir Mary agus a maicín fúthu ar dtús i mBoston ar feadh cúpla seachtain fad is a bhí Bernard ag eagrú árasáin i Nua Eabhrac dá chlann, agus ansin d’aistríodar go Nua Eabhrac, go Sráid Duane atá thíos bhaile i NYC na laethanta seo, ach a bhí i lár na cathrach ag an am san. D’oscail Bernard siopa bróg. Ní raibh ard mheas ag muintir Nua Eabhrac ar na hÉireannaigh bochta a bhí ag díle isteach sa chathair na blianta san, an chuid is mó acu i gcruachás, ach d’éirigh le clann Saint-Gaudens. Tá sé soiléir ó scríbhneoireacht Augustus faoina thuismitheoirí go raibh saol réasúnta compordach acu agus gur bhain sé sult as a chúlra neamhghnách. Labhraíodar Béarla agus Fraincis sa bhaile.

Nuair a bhí Augustus dhá bhliain déag d’aois d’éirigh leis printíseach a fháil le gearrthóirí chaimeo, ba iad seodra coitianta an t-ard aicme an ré sin agus ba mhór an t-éileamh orthu. Chaith sé trí bliana le máistir amháin agus lean sé ar aghaidh le máistir eile ansin, d’fhreastail sé ar coláiste Cooper Union i NYC agus ansin an National Academy of Design. Nuair a bhí sé 19 bliana d’aois bhailigh Augustus leis go Páras agus d’éirigh leis tús a chur ag staidéar san École des Beaux-Art, ar aghaidh leis go Rome ansin agus sa deireadh chuir sé faoi thar n-ais i NYC i 1874. Bá ré mhór cogaidh í, agus le linn a shaol tugadh údaráis phoiblí do Saint-Gaudens le fonn saolta na laochra móra a cheiliúradh i slite poiblí.

Thug an t-oideachas a fuair Saint-Gaudens i bPáras fuinneamh nua aimseartha dá chuid oibre agus ní fada go raibh eisean duine de na dealbhóirí is cáiliúla sa tír. Feictear a chuid oibre sna cathracha móra, mar shampla The Sherman Monument i Manhattan, agus The Robert Gould Shaw and 54th Massachusetts Memorial i mBoston ( Boston Common), agus Lincoln ina Sheasamh i Chicago. Sílim ó na cinn atá feicthe agam gur dhein Saint-Gaudens teagmháil le hanamacha a ábhar trína aghaidheanna, feictear gach mionchuntas ar a gcuntanóis. Thug na blianta ar chaith an dealbhóir ag obair mar ghearrthóir chaimeo taithí dó mion thréithe pearsanta a nochta ina chuid ealaíne.

Faoi láthair ní dóigh liom go bhfuil aon mhaitheas le fáil cogaidh a cheiliúradh, is trua nach bhfuilimid in ann teacht ar slí eile ár ndifríochtaí a réitigh ach seo ré eile. Ach tar éis dom an Robert Gould Shaw and 54th Massachusetts Memorial a fheiscint d’éirigh suim ionam sa bhfear sin agus a scéal; scéal tábhachtach atá ann, ina gcuireadh tús le gluaiseacht chuig cearta comhionanna do dhaoine gorma í gcóras míleata na tíre seo. Ba é an 54th Massachusetts an chéad reisimint do fir ghorma sa tír faoi cheannas Coirnéal Gould Shaw, fear óg, 25, agus é mór le rá sa ghluaiseacht i gcoinne an daorsmachta. Ag féachaint ar an píosa ealaíne seo agus an scéal ar eolas agam anois ba bhreá liom mo lámh a shá amach trí na blianta agus é a chur ar ghualainn duine de na fir óga gorma cróga sin ag siúl go bródúil le chéile agus cogar a chur ina chluas, Ádh mór a fhir óig agus tar abhaile slán, tá a fhios agam áfach gur baineadh úsáid as an reisimint seo; níor tháinig mórán acu abhaile ar chor ar bith, a dtaoiseach-catha óg i measc na mairbh.

Thosnaigh Saint-Gaudens ag obair ar shéadchomhartha Charles Stewart Parnell i 1903, buí le John Redmond, cé go raibh an ealaíontóir breoite le ailse ag an am. Cuireadh suas i Sráid uí Chonnaill i 1911 le sliocht ón rí gan coróin féin. Ní fheadar an raibh saothar Saint-Gaudens faoi tionchar mór a bhunadh Ghaeil ar ach ba eisean a mhol píosa as Gaeilge a chur le Parnell: Go Soirbhigidh Dia Éire dá Chlainn.

Is minic a shiúltar thar shéadchomhartha gan féachaint orthu, gan iad a fheiscint i gceart ar chor ar bith, níl iontu don chuid is mó againn ach cúlbhrat inár saolta a mbaineann le ré eile, fadó. Ach, anois is arís, labhraíonn ceann liom i gcogar: Ná déan dearúd.



Monday, August 02, 2010

Willie Nelson- File



Chonaic (agus chuala) mé Willie Nelson i gceolchoirm amuigh faoin aer oíche Dé Sathairn. Bhi sé go h-iontach, níl duine mar é! Bhí banna cheoil leis agus a dheirfiúr ar an bpianó comme d'habitude.
Tá sé beagnach ceithre scór bliana d'aois anois agus a ghuth chomh maith agus soiléir agus a bhí sé riamh, caoin agus láidir ag an am céanna. Bhíos i mo shuigh sa naoú líne díreach os a chomhair amach agus, cinnte, bhí sé ag canadh díreach i mo threo an t-am ar fad… ‘sea bhí sé ag canadh chugam.

Tá an méad sin amhráin scríofa aige nach raibh sé in ann ach blaiseadh a thabhairt dúinn taobh istigh uair go leith, ach ní dóigh liom go raibh aon duine sa lucht éisteachta mí shásta. Ba mhinic a bhí "hit" ag daoine eile lena chuid, Elvis, Patsy Cline, Kris Kristofferson, Linda Ronstadt agus i bhfad nios mo, agus is minic nach bhfuil a fhios ag cách gurb eisean an scríbhneoir taobh thiar amhráin cáiliuil. Chuala na hamhráin mór le rá: You were always on my mind; Crazy; Still is still moving to me; Blue eyes crying in the rain; On the road again, To all the girls I’ve loved before, srl srl srl agus na cinn greannmhar: Mama dont let your babies grow up to be cowboys; You got the money? I got the time.
Bhí an slua go léir ag canadh leis agus aoibh ana mhaith orainn uile.

Tá sé ró shimplí uair nó dhó a chur isteach ag éisteacht leis ar Youtube, ach téigh ann... is fiú é; tá an ceann seo ana mhaith idir cheol is fhocail, dar liom: I Never Cared For You.

The sun is filled with ice and gives no warmth at all
the skies were never blue
the stars are raindrops searching for a place to fall
and I never cared for you

Friday, July 30, 2010

Aisíoc Grámhar.

Tá cara mo mhic ag dul faoi scian inniu. Chuadar amach le cheile luath aréir chun uachtar reoite a fháil sa pharlús reoiteoige, nós samhraidh sa tír seo. Thug sí an scéal dó. Is bean óg chróga naoi mbliana déag d’aois atá inti. Tá sí ag iarraidh a shaol a thabhairt thar n-ais dá hathair; tabharfaidh sí ceann dá duán dó inniu. Chuala mé go raibh eisean ana bhreoite le cúpla bhliain anuas ach ní raibh a fhios agam go raibh sé ag feitheamh ar duán úr. Ní raibh an t-eolas sin amuigh. Níl a fhios ag mórán dá cairde fiú go bhfuil sí san ospidéal inniu, choimeád sí an scéal dí féin. Go dtaga an bheirt acu slán abhaile.

Thursday, July 15, 2010

Anbháis Bhóthair i dTír Chonaill

Fr J.Walsh

Chuir an timpiste seo scanradh orm, ochtar imithe. Tá triúr mac agam, bíonn an triúr acu ag tiomáint. Tá aithne agam ar a gcairde. Bhíodar uile i dtimpistí beaga.

Dá mbeadh mac agam i dtimpiste mar seo an mbeinn in ann maithiúnas a thabhairt don tiománaí? Agus dá raibh duine do mo chuid ag tiomáint, cad ansin? Aontaím go mór le focail an tsagairt seo, tá súil agam ní amháin go raibh cluasa ag éisteacht leis, ach go gcloistear an teachtaireacht ar fud na tíre.

Fr John Walsh, who presided over this morning's funeral service at St Mary’s Church in Buncrana, made a direct appeal to Mr McDaid’s friends and contemporaries.

"Allow me to say to you that you are not indestructible at the age of 22. You are very fragile. All of us are. Life itself is fragile,” Fr Walsh said. “We have to be careful and even wise if we are to reach adulthood and middle age and old age. There are no guarantees, but care and caution are mighty helps in the effort at holding onto life.

"I don't mean to patronise you. When I was your age I too felt indestructible. But none of us is. That's a plain fact of life. So please, please, please live life on its terms, within its rules and boundaries; otherwise life will be cruel and merciless towards you and towards your family and friends who will have to bear you to the grave."

Focail shimplí, teachtaireacht ghaoismhear