Friday, December 03, 2010

Aisling Géar

Éire bhocht a scríobh cara i nóta chugam coicís ó shin. Éire bhocht cinnte, bíonn sí i mo smaointe go minic le déanaí agus chuir imeachtaí na coicíse seo caite brón nach beag orm agus tocht scríbhneoireachta orm leis. Ní fheadar an bhfuil sé ceart an locht go hiomlán a chur ar na hEorpaigh, tá a gcuspóir féin acu ag iarraidh an Euro a choimeád slán, ach quelle costas….(ní fheadar cad a bhí idir lámha ag an ECB blianta ó shin agus gach rud ag dul as smacht? an rabhadar ar saoire) Ní féidir an locht a chur ar an Euro féin, nach raibh fáilte is fiche roimh an Euro ar dtús? Pósadh atá i gceist sa cheangal sin: thuas seal thíos seal!

Bíonn sé ráite go bhfuil smior na nGael caillte in Éirinn anois, díolta, agus gur éirigh an smior níos laige i ré an Tíogair, an tíogar bocht, is ceap milleáin eile é dar liom. Tá an locht ar easpa céille treoraithe na tíre, ní hamháin an dream atá i gceannas an lá atá inniu ann ach an dream roimhe seo. Tá sé ana-brónach áfach mar bhí seans ann forbairtí fíor dearfacha a chur ar bun le linn ré an Tíogair...dá mbeadh daoine cliste agus fad radharcach i réim: córas sláintíochta a áth-thógáil mar shampla. Ach in ionad aon rud ciallmhair mar sin a dhéanamh cuireadh tús le forbairtí foirgneoireachta timpeall na tíre atá tréigthe anois agus an tír is an talamh ag titim ar a chéile gan mórán ós comhair an chéad glúin eile ach a bheith báite i bhfiacha baincéirí ár linne.

Saint as smacht.

Ní rud úr í tréimhse anróiteach in Éirinn, tharla cheana. Sa 17ú haois déag bhí an tír ina praiseach le saint, san 18ú haois arís le tiarnaí talún ag crú na tíre, ní gá an 19ú haois a luaigh, tá a fhios ag cách faoi sin. Bhí cuid mhaith den 20ú aois deacair go leor ach thug an tsaoirse anam agus croí do dhaoine, agus deireadh na haoise seo caite, bhí sé go híontach ar fad.

Ach anois: An bhfuil Éire bhocht ag feitheamh ar Mac an Cheannaí arís? Nó truaillithe arís.

Aisling ghéar do dhearcas féin
ar leaba ‘s mé go lagbhríoch
an annir shéimh darbh ainm Éire
ag teacht im ghaor ar marcáiocht
a súile glas, a cúl tiubh casta,
a com ba gheal ‘s a maili,
dá mhaíomh go raibh ag tríoscht ‘na gar
a diogras, Mac an Cheannaí.

/ ….

Adúrtsa léi ar chlos na scéal,
I rún gur éag do chleacht sí,
Thuas sa Spáinn go bhfuair an bás-
’s nár thrua le cách a ceasnaí;
ar chlos mo ghotha i bhfogas dí
chorraigh a cruth ‘s do scread sí
is d’éalaigh an t-anam d’aonphreib aistí-
mo léansa an bhean go neamhbhríoch.

Sliocht as Mac an Cheannaí le Aogán Ó Rathaille (c. 1675- 1729)
An Duanaire Dolmen Press (1981)

4 comments:

ormondo said...

Ná bíodh imní ort, a Hilary. Mar a deirimid i gcúige Mumhan: "beidh lá eile ag an bPaorach!" - cé go gcaithfidh sé seal an babhta seo.

Mise Áine said...

@ '...dá mbeadh daoine cliste agus fad radharcach i réim'

Shílféa nach raibh siad ann, a Hilary.

Nó an é go raibh siad ann, ach nár éist na ceannasaithe leo?

Nó, an é go raibh siad ann, ach go raibh siad breá sásta lena gcuid féin, agus go ndearna siad dearmad ar an bpobal i gcoitinne?

Nó, an é nach raibh a guth sách ard le cloisteáil i ragáille an rachmais?

Léigh mé an dán sin blianta ó shin. Go raibh maith agat as é a chur os mo chomhair arís. An roth mór sin ag casadh...

Fearn said...

Tiocfaidh Éire ar a céill arís, cé gur ciall cheannaithe a bheadh ann seachas ciall mhúinte

Hilary de Bhál, bn. Mhic Suibhne said...

Tá sé tábhachtach a bheith dóchasach, cinnte, ach is trua mhór é go bhfuil an tír ina bpraiseach arís, agus go mbeidh ar an t-aos óg imeacht arís…ach cá háit? An Astráil? …níl puinn muinín ag na daoine i bhformhór de pholaiteoirí an lae. Ní hamháin é sin ach beidh cuma na bochtaineachta thar n-ais ar na bailte le siopaí dúnta, foirgnimh tréigthe agus daoine as obair.Tá eagla orm go mbeidh scoilteanna níos doimhne ná mar a bhí in aimsir an Tíogair os comhair lucht na hÉireann; idir iad atá thuas agus iad atá thíos, iad fostaithe sa mhír phoiblí agus iad fostaithe sa mhír phríobháideach, iad atá níos sine agus a tithe íoctha astu agus iad ag iarraidh a chéad teach a cheannach.