Monday, September 29, 2008

Paul Newman



Tá sé neamhbhásmhar dúinne ar shlí, beimid in ann féachaint ar a aghaidh dathúil aon uair mar Butch Cassidy, Cool Hand Luke srl….agus bhí sé fós dathúil nuair a d’éirigh sé sean. Bhíos ag smaoineamh ar sin inniu agus mé ag caitheamh rudaí ina n- áiteanna cuí sa chistin…. laethanta m’óige nuair a cheap mé féin agus mo dhruifear gurb é an fear is dathúla ar an domhan! Dhúisíos ó na smaointe sin le preab an fhóin agus ise a bhí ann. Bhí an bheirt againn inár ndéagóir ag deireadh na seachtóidí nuair a bhí Paul Newman i mbarr a réime agus do bhí póstaer aicese ar falla ár seomra ag an am san. “Bhí sé i gcónaí dathúil” a dúirt sí inniu…… cosúil lenár n-athair féin a cheapas, dathúil go lá a mbásanna. Is cuimhin liom go raibh ionadh orainn agus sinn óg go rabhadar chomhaois chomh maith! Dad agus Paul Newman………Aisteoir den scoth é, ní hamháin nuair a bhí sé óg áfach. Chonaic mé The Verdict blianta ó shin agus cheapas go raibh sé go breá agus táim díreach tar éis é a chur ar mo liosta NetFlix chun é a fheiscint arís. Tá Charlotte Rampling sa scannán seo agus is aisteoir an éirimiúil í dar liom.

Monday, September 22, 2008

An Chéad Lá Fhómhair, 2008

Tosaíonn an Fómhar go h-oifigiúil inniu, an 22ú lá de mhí Meán Fómhair. Tagann filíocht san aer nuair a casann na séasúir, dar liom. Inniu tá ciúnas san aer, gach rud séimh. Tá sé tirim agus geal lasmuigh, níor chuala mé trácht ar stoirm ag teacht... cuma socraithe ar an spéir. Níl sé te, ach bíonn sé fionnuar sa mhaidin le tráthnónta grianmhara. Tá na laethanta brothallacha imithe uainn anois.

Is cosúil go bhfuil fianna an cheantar seo in ann Gaeilge a léamh agus bíonn siad in ann teacht ar an suiomh seo i slí éigin..... ní rabhardar ró shásta liom le déanaí agus mé ag gearán fúthu anseo....…Tá roinnt céimeanna chuig ár ndoras tosaigh, (sé cinn,) áit a bhfuil soithí móra phlanda suite agam, ceann ar dheis agus ceann eile ar chlé. Táimid lonnaithe anseo le trí bhliain déag anuas agus bíonn na soithí seo saor ó na fianna i gcónaí…………go dtí an tseachtain seo chaite, suas na céimeanna leo oíche éigin agus ghlacadar smailc nó dhó ó gach soitheach.

Maidir leis an toghcháin, ní dóigh liom go bhfuil ceist ar bith fágtha anois idir na páirtithe agus cúrsaí eacnamaíochta na tíre i bpraiseach ag an rialtas poblachtach. Ní féidir leo an locht a chaitheamh uathu an t-am seo cé go ndéanfaidh siad iarracht is dócha. Is trua go dtagann saint isteach san áireamh i gcónaí nuair nach mbíonn smachta de shaghas éigin i bhfeidhm. Imíonn moráltacht nó eitic as an bhfuinneog. Is trua.

Inné bhí droch scéal ar an NY Times faoi saint san LIRR (Long Island Railroad) a chur déistin orm.

Táim ag súil le dul ag siúil am lóin in aer úr an Fhomhair

Monday, September 15, 2008

Nach Bhfuil Léamh ag Fianna sa Cheantar Seo?

Is trua nach bhfuil léamh ag fianna an cheantair seo mar dá rabhadar in ann leabhair garraíodóireacht a léamh bheadh a fhios acu nach bhfuil suim acu in hydrangeas!! agus nach bhfuil siad blasta ar chor ar bith.
Faraor, níl léamh acu siúd a bhíonn ag spaisteoireacht trí mo ghairdín tosaigh, de réir dealraimh cheapann siad sílim, go bhfuil an planda seo ana bhlasta ar fad agus é ite acu an tseachtain seo tar éis ceithre bhliain slán uathu

Wednesday, September 10, 2008

Siamsa in Ionad Scrúdaithe

Fuair mé roinnt ríomhphoist mar gheall ar an píosa sin a scriobhas le déanaí ach níl plean agam a bheith ag déileáil leis an ábhar seo ró mhinic. Bíonn alán daoine ag scríobh faoin dtoghchán cheana, ach is trua go bhfuil siamsa an rud is luachmhaire do chuid mhaith daoine agus iad ag teacht chuig cinneadh toghcháin. Sin mar atá! bíonn tagairtí fós ar an raidió agus sna páipéir faoi Sarah Palin fiú nach bhfuil mórán faoi cúrsaí eacnamaíochta na tíre ráite aici go fóill! Ag an am céanna tugtar faoi ndeara nach raibh sí i ndíospóireacht bheo ach oiread fós.

Thursday, September 04, 2008

Tá an Rás Tosnaithe Anois.

Le teacht Sarah Palin isteach san áireamh tosaíonn an rás chuig Oifig an Uachtaráin sa tír seo i gceart. Chonaiceamar ag caint í don chead uair go h oifigiúil ag an RNC (Republican National Conference) aréir mar iarrthóir leasuachtaránachta, rognaithe ag Seanadóir McCain. (Níor chuala mise tada fúithi go dtí an tseachtain seo chaite.) Anois agus le Seanadóir Obama agus Seanadóir Biden ar thaobh Páirtí Daonlathach táimid ag an líne tosaigh arís. Is comórtas ró fhada é seo gan dabht.

Tá sé ráite anois gur rogha mhaith í Sarah Palin toisc go mbeidh mná na tíre, a bhíodh taobh thiar Seanadóir Clinton, toilteanach anois a vótaí a chaitheamh ina treo, tá súil agam nach glacfaidh éinne leis an seafóid seo, mar is masla amach is amach é. An bhfuil mná anseo a gcaithfeadh a vótaí bunaithe go hiomlán ar an gcineál banda, gan trácht ar rud ar bith eile?

Ní raibh mórán le rá aici aréir áfach, cé gur labhair sí le muinín agus fuinneamh. Chuir sí in aithne dúinn a fear cheile agus a gclann agus ansin lean sí ag caitheamh masla i dtreo Seanadóir Obama agus ómós i dtreo Seanadóir McCain. Sin an ról atá aici. Tá ana chuid ráite cheana féin faoi a gclann, an mac is sine acu atá san arm agus an maicín úr atá acu, gan trácht ar an iníon atá torrach agus í 17 bliana d’aois agus anois ar tí pósadh. Ní bhaineann sé seo leis an toghchán ar chor ar bith?.... sílim féin nach rud ró mhaith é í a chur chun pósadh. Nach mbeadh sé níos fearr di fanacht go dtí go bhfuil a oideachas foirmiúil faighte aici agus faighte ag a fear óg?,

An féidir le daoine díriú ar na príomh aidhmeanna agus fealsúnachtaí na bpáirtithe in ionad an raiméis a chloistear fad is atá na iarrthóirí agus cuid dá lucht leanúna ag iarraidh na toghthóirí uile a spreagadh chucu? Táim féin toilteanach éisteacht le tuairim cách, fiú muna aontaím léi!!! Is maith liom díospóireacht… ach is trua nuair a bhíonn tuairim toghthóra bunaithe ar bréaga agus nuair nach bhfuil an tsuim nó an intleacht aige ná aice dul ag lorg na fírinne.

Chaitheas an tseachtain seo chaite le dream iontach ag seachtain na Gaeilge. Bhuaileas le bean lá thar bricfeasta agus, mo léan, osclaíodh an toghchán mar ábhar cainte an bhoird. Bean na tuairime tréine atá inti agus d’fhógraigh sí go raibh Barack Obama ina sceimhlitheoir agus go raibh sé ina Mhoslamach chomh maith, mar sin, a dúirt sí, ní raibh an tarna suíochán sa bhuaile aici ach a vóta a chaitheamh le McCain! “Fan nóiméad”, a dúirt mé féin léi nuair a bhí sé soiléir go raibh sí dáiríre, (agus mé ag smaoineamh ar dtús go rabhas ag brionglóid nó gur saghas cleas cainte a bhí ar siúl… gur ól mé an iomarca fíona an oíche roimhe b’fhéidir?..) “Cá bhfuair tú na fíricí seo?” …Bá chosúil gur léigh sí áit éigin i bpáipéar éigin, lá éigin, bliain ó shin…. Bhíos fiosrach anois agus chuireas ceist eile uirthi..” An aontaíonn tú le polasaí an Pháirtí Phoblachtaigh os rud é go bhfuil tú cinnte? “Is cuma liom faoi sin” a dúirt sí lán dáiríre, “Ach ní féidir liom mo vóta a chaitheamh le Moslamach!” omg.

Nílim ag insint bréige. Sin an comhrá a bhí eadrainn. Is trua go bhfuil daoine sásta fanacht aineolach, ach b‘fhéidir gurb é sin sainmhíniú an aineolais; an té nach bhfuil ceisteach ar bith agus é sásta glacadh le aon seafóid a chaitear chuige. Ach tá áthas orm nach bhfuil formhór des na Gael Mheiriceánaigh mar sin! Bíonn an-suim acu i gcúrsaí pholaitíochta mar a mbíonn na Gael in Éirinn.

Beidh na hóráidí le cloisint as seo amach ach tá cúpla rud fíor, tá praiseach mhór déanta ag an Páirtí Poblachtach le ocht bliana anuas, mar shampla cogaidh, saint na ngnóthaí móra, go h-áirithe eachtraí neamhrialta sna bainc a chur tús le trioblóidí eacnamaíochta na tíre seo agus thar lear. Nach raibh ar Uachtarán Bush athraithe a dhéanamh ar a chomhbhádóirí sa rialtas minic go leor de dheasca droch iompar? Tá meas an domhain mór caillte ag an dtír seo acu as na geáitsí go léir agus is mór an trua, dar liom, mar is tír iontach í de bharr a pobal díograiseach. Pobal a cuireann a chroí ina chuid oibre agus a bhíonn toilteanach i gcónaí cabhair a thabhairt gan teacht ar mórán buíochais ………. Tá athrú uainn.

Ar aghaidh linn.