Monday, September 29, 2008

Paul Newman



Tá sé neamhbhásmhar dúinne ar shlí, beimid in ann féachaint ar a aghaidh dathúil aon uair mar Butch Cassidy, Cool Hand Luke srl….agus bhí sé fós dathúil nuair a d’éirigh sé sean. Bhíos ag smaoineamh ar sin inniu agus mé ag caitheamh rudaí ina n- áiteanna cuí sa chistin…. laethanta m’óige nuair a cheap mé féin agus mo dhruifear gurb é an fear is dathúla ar an domhan! Dhúisíos ó na smaointe sin le preab an fhóin agus ise a bhí ann. Bhí an bheirt againn inár ndéagóir ag deireadh na seachtóidí nuair a bhí Paul Newman i mbarr a réime agus do bhí póstaer aicese ar falla ár seomra ag an am san. “Bhí sé i gcónaí dathúil” a dúirt sí inniu…… cosúil lenár n-athair féin a cheapas, dathúil go lá a mbásanna. Is cuimhin liom go raibh ionadh orainn agus sinn óg go rabhadar chomhaois chomh maith! Dad agus Paul Newman………Aisteoir den scoth é, ní hamháin nuair a bhí sé óg áfach. Chonaic mé The Verdict blianta ó shin agus cheapas go raibh sé go breá agus táim díreach tar éis é a chur ar mo liosta NetFlix chun é a fheiscint arís. Tá Charlotte Rampling sa scannán seo agus is aisteoir an éirimiúil í dar liom.

1 comment:

Maidhc Ó hAodha said...

A Hilary,

Tá meabhair faoi Paul Newman agam. Nuair a bhí mé óg, bhí mé i mo chónaí i Bethel, Connecticut. Rinne sé agus a bhean chéile an scannán, "Rachel, Rachel," sa ceantar. Bhí mo dheirfiúr sa scannán. Shiúil sí thuas an staighre le páistí eile ar an mbunscoil sa scannán. Chonaiceamar Paul Newman agus Joanne Woodward ansin. Bhí a lán spraoi againn. Agus, aontaím leatsa, bhí Paul Newman dathúil ansin agus tá sé dathúil anois, go lá a mbásanna. Beannacht Dé leis.

Slán go fóill,

Maidhc