Friday, May 23, 2014

Injustice for the sake of the Law

 
ciontach1, m. (gs. & npl. -aigh, gpl. ~). Offender, transgressor; guilty person. Cion an chiontaigh ar an neamhchiontach, the innocent suffers for the crimes of the wicked. Ó Dónaill, 1977


In a leabhar On Reason: Rationality in a World of Cultural Conflict and Racism luann Emmanuel Chukwudi Eze coincheap an mhaithiúnais ar son an daonlathais, go háirithe i réiteach coinbhleachta ón dara cogadh domhanda i leith, éagóir ar son an dlí. Tugann sé samplaí ó chogaidh difriúla agus na réitigh a baineadh leo le babhta idirbheartaíochta. Fadhbanna crua le réiteach i ngach cás acu, cuid acu fiú dodhéanta a réiteach. Pléann sé an córas cine dheilte san Afraic Theas mar shampla, agus coipigh cogaí ón Ghearmáin tar éis an chogaidh. Osclaíonn sé an sean cheist, an bhfuil maithiúnas ná pardún ar son caidreamh idirnáisiúnta ceart nó coir? agus cad é tionchar chóras mhaithiúnais ar an té a bhí faoi mhursantacht duine, dream nó réim?

Bhí scéal Jean McConville, a dúnmharaíodh i 1972, ar leathanach tosaigh an New York Times inné. Where‘Say Nothing’ Is Gospel, I.R.A. Victim’s Daughter Is Talkin. Fágadh a dúnmharú deichniúr idir 6 agus 16 ina ndílleachtaí agus ina mbalbháin de dheasca faitíos agus bitheagla. Deir iníon an íobartaigh, Helen, 56 anois, gur lean an polasaí maidir le bulaíocht agus ciapadh ar aghaidh orthu sa bhaile i mBéal Feirste, fad is a bhí a fhios ag cách sa cheantar beag inar mhaireadar cérbh iad na dúnmharfóirí. Anois daichead bliain dár gcionn tá sí bréan de, agus ní féidir léi a bheith  ciúin níos mó. An labhraíonn sí ar son daoine fuadaithe timpeall an domhain? 

Cén cineál duine a mharaigh an bhean seo agus cé hiad a bhí leis nó léi? Cé mhéad atá ciontach? Cúigear? Deichniúr? Níos mó? An dtuigeann siad nach rabhadar ach mar Dhúchrónaigh an droch lá sin daichead bliain ó shin? An bhfuil sé ceart nó coir go bhfuil polasaí i réim ó shin atá caoch ar an dúnmharú seo óir go mbeadh sé ródheacair, nó róchasta b’fhéidir, daoine a fháil ciontach – agus go mbeadh ciúnas ní ba fhusa go dtí go mbeadh an clár dúnta ar an té a scaoil léi?