Wednesday, December 31, 2008

An Bhliain Ur.

Amarach la cinn bliana! 2009 beagnach buailte linn anois.

Ta an t-am fos againn cinnti a dheanamh ar runda na hAthbliana, ach an gcoimeadann einne a chuid ruin faoi lathair? An bhfuil siad sean fhaiseanta!Beidh cupla ceann agamsa ceart go leor agus taim reasunta sasta liom fein maidir le na cinn a bhi agam i mbliana.
Is trua go bhfuil cursai pholaitiochta ag dul in olcas i Palestine aris, ni doigh liom go mbeidh cothrom na feinne ansin ariamh chomh fada agus ata siad ag troid mar seo agus is iad an dream is laige ata ag fulaingt is mo, paisti na palestinigh. Nuair nach feidir le na seana namhaid seo fiu labhairt le cheile nil seans ar bith acu teacht ar siochan. Cuireann se isteach orm gach uair a bhim ag eisteacht leis an raidio le deanai.


Bhuel, taim fein i dtuaisceart stait Nua Eabhrac, An Tir o Thuaidh mar a tugtar uirthi anseo, The North Country, ana chuid sneachta agus ana fhuar leis, deirtear go mbeadh se 10 ceim faoi zero anocht, farenheit, nios fuara amarach agus gaoth leis.
Beidh me ag caitheamh trathnona inniu i bhfianaise an tine, ag leamh leabhar suimiuil,
A Pickpocket's Tale: The Underworld of Nineteenth-Century New York agus babhla anraith te i m'aice.

Athbhliain faoi shean is faoi mhaise.

Wednesday, December 24, 2008

Nollaig Shona agus Mo Bhuiochas Libhse

Tá súil agam go bhfuil sibh go léir beagnach réidh anois i gcomhair na Nollag? Bhíos féin i mo shuigh é éirí na gréine inniu ag déanamh pióga beaga mince, arán sóid donn, scónaí agus ar ndóigh ag díriú ar mo liosta ‘le déanamh’, ach is cuma sa deireadh mar tagann gach rud le cheile i gceart ar an lá mór. Is aoibhinn liom na sean traidisiúnta na Nollag atá ionam ó m’óige agus leanaim leo uilig sa tír seo, chomh fada agus is féidir liom.
Bliain eile ós ár gcomhair anois agus an ceann seo ag teacht chun críche gan mhoill. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil libhse a bhíonn ag tabhairt cuairte ar an mblog seo, ag cur ephoist chugam agus araile, saghas comhluadair na teanga ar slí amháin nó ar slí eile atá ionainn!
Bainigí go léir sult as na féilte seo i measc bhúr gclanna agus bhúr gcairde.

Thursday, December 11, 2008

Béal Tuinne


Tá scéal eile agam ó laethanta an Oireachtais. Tráthnóna amháin agus mé sa phub bhí an t-ádh liom go raibh Séamas Begley sa chomhluadar agus ní fada go rabhamar ag caint. Luaidh cara liom an tréimhse oibre a chaith Seamas le Shaun Davey anuraidh agus toradh na tréimhse ná an CD Béal Tuinne. Is duine an chairdiúil é Séamas agus thug sé cúlscéal na tréimhse sin dom; go raibh aithne aige ar an bhfile Caoimhín Ó Cinnéide ó laethanta a óige, gur mhuscail an file suim an cheoil ann agus leis sin go raibh meas nach beag aige ar an gcumadóir Shaun Davey a dhein jab iontach ag fuineadh an cheoil le filíocht Chaoimhín.
Ansin os rud é go bhfuilim i mo chónaí thar lear thug sé stair amhráin amháin ón mbailiúchán dom, Díbeartach an t-ainm atá air, Scríobh Úi Cinnéide an dán seo agus é ag smaoineamh ar a chara Pat Connor a bhí ina imirceach sna SAM blianta ó shin, ansin luaidh Séamas go raibh an Pat céanna thar n-ais i gCiarrai anois agus mar a tharla trasna an tseomra uainn sa phub céanna. (agus ansin creid nó ná creid thug sé ceacht ghearr amhranaiochta dom chomh maith go mbeinn in ann é a chanadh…...)
Leanamar ag caint tamaillín agus ag fágáil slán thug sé bronntanas gan choinne dom, cóip don CD céanna a tháinig aníos óna mhála! Caithfidh mé a rá go mbainim an taitneamh as agus ar ndóigh bím ag cleachtadh mo chuid amhranaiochta…..nuair a bhim i m aonar!
Ba bhronntanas deas é seo d’éinne aimsir na Nollag, (nó is féidir leat é a chur ar do liosta féin, nach bíonn Daidí na Nollag ana fhlaithiúlach?) Is féidir teacht air anseo.
Beal Tuinne Live at St. James Church Dingle

Thursday, December 04, 2008

Feith Grinn

Nuair a bhíonn droch scéalta ag tuargaint ort ó gach áit ní mór féith grinn a bheith agat …bíonn sé ró shimplí lagar spríde a ligint isteach. Bí dearfach agus bain sult as an saol. (nach féidir sos a ghlacadh nuair a tháthar san uaigh!)
Is maith liom an clip seo ……..


Tá sé in am anois féachaint siar ar na rúin a bhí agat ag tús na bliana, ar éirigh leat? Tá mí fágtha…

PS. 24/12...tá an clíp sin imithe!...H

Monday, December 01, 2008

Lá Altaithe: Féile Lae ... a Leanann Ceithre Lá!

Is í seo an fhéile is mó sa tír seo gan dabht. Bíonn seans ag beagnach gach éinne tamall a chaitheamh gan stró, lena chlann nó lena chairde. Bhí sé an deas anseo, tháinig cairde chugainn i gcomhair Lá Altaithe (níl aon gaol againne anseo) agus os rud é gur Sasanaigh iad ár gcairde (agus iad gan gaol ar bith sa tír seo chomh maith) tá saghas traidisiúin eadrainn anois agus tagann siad chugainn gach bhliain. Rud eile a dhéanaimid ná dul le cheile chuig scannán le cheile, gach ré bliain bíonn ceann nua sa sraith James Bond… mar sin ar aghaidh linn go Quantum of Solace. Ní raibh sé ach ceart go leor, bhaineas taitneamh as ach sílim go raibh Casino Royale i bhfad níos fearr áfach ach bhí na Milk Duds go maith. Ansin cúpla lá ciúin aige baile, laethanta na leabhar i bhfianaise na tine. Bhuail cairde eile isteach orainn ón bpub oíche Aoine agus dís eile oíche Shathairn, bhí oícheanta breátha againn leo…… bia blasta agus fíon go leor. Gan uaireadóir, gan dialann, gan liosta…. An deas.
Anois seo chugainn Féile na Nollag agus fáilte mhór roimh an sneachta.

Saturday, November 22, 2008

Cúpla Focal faoi Oireachtas na Samhna ar an gClár Míle Fáilte

Chuir Séamas de Bláca glaoch orm cúpla lá ó shin le ceisteanna faoin tréimhse ghearr sin a chaitheas ag an Oireachtas i mbliana. Ní raibh mórán ama againn chun caint ach dheineas iarracht blaiseadh den craic a bhí againn i gcathair Chorcaí a thabhairt dó. Seo dhaoibh an t-agallamh.


Ba é an tOireachtas ábhar na seachtaine ar chlár Míle Fáilte agus má theip ort teacht air maidin inniu (WFUV ó ollscoil Fordham, 90.7 FM i Nua Eabhrac) beidh an clár go léir i gcartlann WFUV i gceann seachtaine agus mar sin beidh sé le fáil ar an idirlíon aon uair.

Friday, November 14, 2008

Lón Nollag Úi Ghadhra

Ná déan dearmad go mbeidh lón i ndil chuimhne ar Nollaig Ó Gadhra maidin Dé Domhnaigh curtha le cheile ag Cairde na Teanga.
O’Lunney’s Times Square Pub in
New York City (145 West 45th Street – just east of Broadway)
Cuir glaoch ar Liam Ó Murchú (914) 760-4525 má tá suim agat a bheith i láthair.

Saturday, November 08, 2008

Aoibh Mhaith le Feiscint

Aoife, Eibhlín agus mise ag tús na hoíche.


Mairéad Ní Mhaoineadh, Peadar Ó Riada, Séamas Ó Beaglaoich agus a cháirde.....

Grianghraif eile le feiscint i Slideshow ó Flickr anseo ar dheis.......>>>>>>>>

Gheall mé go dtiocfainn thar n-ais go dtí an tOireachtas mar ábhar anseo…. Bhuel bhí an deireadh seachtaine ana mhaith ar fad. Ba é an príomh chuspóir dúinne ná leabhar Bharra Uí Dhonnabháin a sheoladh agus tharla sin ag meán lae dé hAoine. Ba é Micheal de Mordha, bainisteoir Ionad an Bhlaoscéad, a bhí ina fhear an ‘tí ag an ócáid agus rinne uachtarán an Oireachtais, Donncha ó hAodha an seoladh. Bhí aithne ana mhaith ag Micheal ar Bharra agus bíonn alán scéalta aige i gcónaí faoi na laethanta a chaitheadar le cheile. Tháinig dream ó na Stáit chun tacaíocht a thabhairt, baintreach Bharra, Delia inár measc agus bhailigh clann Bharra ó Leap in iarthar Chorcaí agus cairde eile chomh maith sa halla mór ag an am cuí. Nuair a bhí na leachta thart bhí cúpla port againn ó Maidhc Dainín Ó Sé sean chara Bharra. Díoladh ana chuid leabhar chomh maith. Bhíomar ana bhuíoch de gach duine sa láthair go hairithe iad siúd a bhí páirteach.
Chomh luath agus a bhí an leabhar seolta thosnaigh an choisir! …coisir a lean trí lá. Samhlaigh ar na mílte daoine bailithe le cheile agus aoibh mhaith orthu uile idir óg is aosta. Beidh i bhfad níos mó le rá agam amach anseo chomh maith faoi imeachtaí na deireadh seachtaine….Ceol, comhrá agus cairdeas in ainneoin na comórtais. Is féidir blaiseadh an spioraid a fháil trí féachaint ar na pictiúir, cuid acu a ghacas féin ach cuid mhaith acu a ghlac Soisear McCionnaigh. Go raibh míle maith agat a Shoisear as iad a chur ar aghaidh chugam....

Wednesday, November 05, 2008

Mo Sheacht mBeannacht Ort a Sheanadóir!




Is é lá geal gréine inniu é i gcúrsaí polaitíochta na tíre seo. Le teacht ar an mbua inné sa toghchán tar éis feachtais fada crua níl ach an chéad chéim faighte ag Seanadóir Obama, anois tosaíonn an fíor cath agus tá súil agam nach ndéanann an domhan mór dearúd ar sin. Ní féidir leis mórán ama a chur amú roimh teacht aníos le conas a phleananna uile a chur i bhfeidhm agus meas na ndaoine anso agus thar lear a choimeád ar a thaobh ag an am céanna. Sílim go bhfuil dóchas nach beag ag an domhan as, na fadhbanna uile atá romhainn a réitigh ach an Superman é? ("Is! is!" a chloisim, "agus tá sé an-dathuil leis... nach fior sin?"...omg, Is! is... gan dabht) Tá ana chuid sa tír ina phraiseach faoi láthair. Go mbeannaí Dia dó mar déarfainn ná fuil an bóthar os a chomhair ró dhíreach.

Tuesday, November 04, 2008

Thar n-Ais ón Oireachtas agus Fós Beo!

Bhí deireadh seachtaine iontach agam ag Féile na Samhna i gCathair Chorcaigh. Deirtear go raibh timpeall 10 míle daoine páirteach ó tús go deireadh agus ní chuireann sé sin ionadh orm...agus Gaeilge amhain idir óg is aosta.......... Tá ana chuid le scríobh agam faoi, maraon le pictiúir a chur suas anseo agus araile, déanfaidh mé píosa de gach lá.

Ceol, Amhránaíocht, Gaeilgeoireacht, Rince, Comhluadar…………ganntanas codlata…….. cuirfidh mé tús le seo a bhfuaireas ó Daithi MacLaughlin inné faoi oíche Dé Sathairn ag Club na Féile. Táimse ansin! Féach go géar agus feicfidh tú mé…. faoi draíocht asarlaí cheoil: Stephen Doherty ….(mar a dúirt cara liom cana thaobh nach raibh na fir óga chomh tarraingteach sin nuair a bhíomarna sa Ghaeltacht agus sinn inár n-deagóirí? Ochón.)

Wednesday, October 29, 2008

An tOireachtas 2008

Beidh mé ag imeacht i gcúpla nóiméad i dtreo cathair Chorcaí agus táim ag súil go mór le cairde a fheiscint arís ag an bhféile mhór seo.

Monday, October 27, 2008

Lá na Gaeilge, Aghaidh an Earraigh agus Cruicéad!

Bhí Lá na Gaeilge san Ionad Gael Meiriceánach (Ionad an deas ar fad) i bhFairfield Ct., Dé Sathairn, agus b’iontach an clár a bhí curtha le cheile ag foireann na Gaeilge ansin. B’é a dtarna Lá na Gaeilge ansin, bhí ceann acu san Earrach i mbliana chomh maith, ach as seo amach beidh an ceiliúradh san Fómhar. Bhí ranganna ar cúig leibhéal, léachtaí, scannáin, bia (iontach) ceol, amhránaíocht agus rince! Rinne an fhoireann an-jab agus bhain gach duine an-taitneamh as an teacht le cheile. Comhghairdeas libh a Cháit, a Phaidraigín, a Sheáin, a Rhoibín agus a Mhaittiú.
Chaitheas an tráthnóna inné ag cur lusanna an chromchinn sa ghairdín, ceithre scór dóibh…. agus cé nach bhfuil an geimhreadh buailte linn fós táim as súil go mór cheana féin lena aghaidheanna áthasacha a fheiscint san Earrach.

Leigh mé leabhar suimiúil le déanaí atá lonnaithe anseo i Nua Eabhrac. Netherland: A Novel an t-ainm atá air le Joseph O’Neill. Scéal suimiúil atá ann faoin ngaol idir fear ón Íseal Tír agus a thimpeallacht i NYC, a bhean cheile, a mhac, cara nua, an cluiche cruicéad i Nua-Eabhrac, an WTCenter agus taobh thiar gach rud agus, b’fhéidir níos mó sa deireadh thiar thall ná aon rud eile, a mháthair nach maireann.
Níor luaigh sé the crease riamh fad is a bhí sé ag déanamh cur sios faoi cruicéad…………cheapas féin gurb í the crease an píosa talún is naofa i gcúrsaí cruicéid (ach níor imir mé an cluiche,) bhíodh an nós ag mo thuismitheoirí féachaint ar na Test Matches gach bhliain ar an teilifís………...

Friday, October 17, 2008

Nuair a Bhíonn Saint Istigh Bíonn Cúram Amuigh

Tá an saol mór faoi chúram ár bpolaiteoirí, sin an fáth go dtugaimid a bpostanna dóibh trí córas na dtoghchán. Is trua go ndéanann cuid mhaith dóibh dearmad ar sin go rialta agus tá sé soiléir gur minic a bhíonn an chumhacht féin mar chuspóir acu in ionad an jab.

Ach nach mbíonn an rialtas freagrach don sochaí sa deireadh thiar thall?

Tugaimid an chumhacht dóibh cúrsaí na tíre a eagrú ar mhaitheas gach duine againn, idir óg is aosta, bocht is saibhir, agus na príomh cuspóirí? Saoirse ón bochtaineacht, seirbhísí sláintíochta, cúrsaí eacnamaíochta a cothú, oideachas den scoth dár bpáistí agus sábháilteacht ónár namhaid, pé inár dtimpeallachta féin atá siad nó iadsan atá thar lear ag bagairt orainn.

Is mó ná trua nuair a mhothaítear bagairtí ag teacht anuas orainn ó chroílár saibhris na tíre, na bainc, Wall St. srl.. Tá cothromaíocht idir saoirse agus sábháilteacht i ngach réim, cúrsaí gnó san áireamh, agus is léir anois (don mhadra fiú) go raibh an iomarca saoirse ag na bainc a n-earraí a dhíol gan cíos, cás ná cathú sa ré an rialtais seo. Ní raibh an rialtas i bhfeighil an sochaí! Tá cuid lochta ar an bpobal a bhí lán sásta na n-earraí céanna a cheannach nuair nach raibh teanna ar a gcúla acu, anois tá cuid acu i bponc as a saint féin.

Níl comhionannas in aon sochaí, agus is amaideach an smaoineamh go bhfuil… nó go mbeadh riamh. Baineann an neamhionannas atá ann le cumas, oideachas agus b’fhéidir seans nó ádh (nó fiú mí ádh)…. Tá pá ard tuillte ag daoine le cumas saibhreas na tíre a cothú, is daoine éirimiúil cliste iad siúd agus tá siad uainn, ach tar éis a chuid a ghlacadh tá orthu a bheith sásta cáin a íoc ionas go mbeadh seans ag lucht na tíre nach leo na buntáistí ceanna.

Rud amháin atá fíor ná go bhfuil cúrsaí ghnó fíor tábhachtach saibhreas na tíre a mhéadú ní hamháin saibhreas lucht gnó féinig. Is trua chomh maith go bhfuil tionscal chomh mór sin bunaithe ar conas cáin na tíre a sheachaint go mór mhór nuair a bhíonn pá ana ard ag an lucht gnó cheana. Tuige nach bhfuileadar toilteanach cáin a íoc ar son maitheas na tíre? Is fuath liom nuair a chloisim trácht ar Tax Exiles agus a leithéid. Daoine a chaitheann cuid a mbliana i dtíortha difriúla agus gan a bheith lonnaithe go hiomlán in aon áit. Íoc as bhúr gcuid a déarfainn leo siúd, má bhíonn an méad sin airgid acu ní dóigh liom go gcuirfeadh sé isteach go mór ar chostas d’earraí sa siopa grósaera ag deireadh na seachtaine.

Tuesday, October 14, 2008

Saghas Seifte

Táim ag iarraidh cúpla rud a sheachaint le déanaí. 1) Earraí déanta sa Sín. 2) Sarah Palin.

Tá uimhir a h-aon deacair go leor; Tá sé dochreidte an mead sin earraí allmhairithe isteach ón tSín go dtí an tír seo, thosnaigh mé ag léamh na lipéid ar éadaí, bróga, bréagáin, gach rud déanta as plastic cúpla mí ó shin agus bhí ionadh orm. Chomh maith le sin chuir sé déistin orm anuraidh nuair a chualas gur chuireadar melamine i mbia mhadraí thar ansin agus anois féach atá tar éis tarlú le bia na leanaí? Gan trácht ar scannal na Cluichí Oilimpeacha. Tá a fhios agam go mbaineann droch scéalta le foinsí earraí thar lear ró mhinic ach tá orm tús a chur le áit amháin agus iarracht a dhéanamh í sin a sheachaint.

Agus uimhir a dó? Bhuel, táim an-amhrasach fúithi agus bhíos ón dtús. Táim bréan dí anois agus a cuid bladhmannaigh. Is cosúil go gceapann sí nach bhfuil sé ceart uachtarán cliste, oilte a bheith againn!!…agus bím amhrasach faoi éinne a bhíonn i gcoinne oideachas, fiú i slí indíreach mar atá sise. Is trua, mar tá roinnt buanna an pholaiteoir aici, nach rabble rouser den scoth atá inti! Ach faraor tá easpa oideachais, eolais agus taithí aici agus le sin, brón a rá, ganntanas cur le cheile in a cuid óráidí. (Cheapfá gur óinseach atá inti go minic agus tú ag éisteach lena raiméis; níos measa má léann tú an athscríbhinn!) Is léir nach raibh inti ach saghas seifte a tháinig anuas muinchille McCain, an bhfuil dís mar siad uainn?

Sunday, October 05, 2008

Comhluadar na Cistine!

Lasamar an tine sa chistin inniu den chéad uair an fómhar seo, bhí sé ag cur báistí an oíche iomlán agus bhraitheas an tais san aer, fiú amháin laistigh, chomh luath agus a d’éirios le fáinne an lae. Ní fheadar cén fáth a raibh mé i mo dhúiseacht chomh luath sin mar ní raibh rud ar bith práinneach le déanamh agam inniu ach fós féin do dhuisíos luath agus lán de fuinneamh.

Tháinig áthas mór orm agus ar Cara an tine a fheiscint arís sa chúinne!

Lasracha ag damhsa!

Sean chara thar n-ais!

Comhluadar na cistine!

Friday, October 03, 2008

An Bhaicle Chomhrá

Saolaíodh baicle beag timpeall ocht mbliana ó shin i mbruachbhaile NY, ag an am san thiocfadh ceathrar againn le cheile gach oíche Dé Céadaoin i gcomhair cupán tae nó gloine fíona, léifimis An Teanga Bheo ón Irish Times ach tar éis tamaill gearr leanfaimis ag Gaeilgeoireacht le cheile. Club 37 a bhí orainn ag an am san! Ansin le imeacht beirt go áiteanna eile lean an bheirt againn a bhí fágtha ag bualadh go rialta le cairde eile i NYC agus bronnadh Barra Ó Donnabháin an t-ainm An Bhaicle Chomhrá orainn! Bhí an cuspóir céanna againn, gnáth oíche shóisialta a bheith againn trí mheán na Gaeilge. Níor oir sé linn teacht le cheile sa chathair ach uair sa mhí, nó fiú gach sé seachtaine agus ar ndóigh theip orainn i gcónaí thar an Samhradh ach tá an bhaicle seo fós ag tarraingt anála. Chuaigh duine amháin ón gcéad dream thar n-ais go Éireann, chailleamar duine eile de dheasca imeacht suime, d’imigh beirt ar slí na firinne brón orm a rá, ach tagann fuil úr isteach anois is arís agus ar aghaidh linn.
Tháinig naonúr againn le cheile oíche aréir tar éis sosa an tsamhraidh agus ba bhreá
an tréimhse a bhí againn. Tá an-suim ag an dream seo i bhfocail agus teangacha go ginearálta go mór mhór sa teanga Gaeilge, agus is annamh a chloistear focal i dteanga ar bith eile ach an Ghaeilge nuair a bhíonn sinn (nó cuid againn) bailithe le cheile, ach amháin b’fhéidir nuair a bhíonn cleas cainte ar siúil. Mar shampla ceann amháin a chualamar aréir ná Cad a tugtar ar Viagra i gCathair Chorcaí? An Pfyzer Riser…..Rud eile a tháinig aníos ná go bhfaca duine a bhí i láthair liosta droch torthaí (side effects) ar thaobh buidéal leighis le déanaí, agus creid nó ná creid bhí ceann amháin acu Absence of Pulse. Táim fós ag gáire faoin gceann sin…….. Tá féith grinn ag gach duine sa dream seo agus iad uile deisbhéalach mar sin is minic a bhímid inár dtrithí agus sinn le cheile.

Ar aon cuma oíche aréir in ionad teacht le cheile i bpub agus a bheith ag screadaíl thar fuaimeanna na nglórtha eile an oíche iomlán, rinneamar iarracht blas úr a chur ar ár n-imeacht le cruinniú i seomra deas compordach, an seomra coitinn, i Tigh na hÉireann, thíos bhaile i NYC. Nílim a rá nach bhfuilimid claon chun am a chaitheamh sa phub, mar níl se sin fíor ar chor ar bith agus ar ndó sin a tharla ag deireadh na h-oíche aréir, (agus a tharlaíonn gach uair ) ach do bhí cuspóir eile againn an tréimhse seo chomh maith. Bhí sé ar intinn againn tamall a chaitheamh ag ceiliúradh scríbhneoirí na Gaeilge agus cad é an tslí is fearr é sin a dhéanamh ach ag cur beocht arís ina bhfocail in ionad iad a fhágáil tréigthe ar leathanaigh, i leabhair, ar ár seilfeanna uilig. Mar sin oíche aréir bhí léitheoireachtaí ón dtuaisceart agus ón deisceart, gearr scéalta, filíocht ón 18ú 19ú agus ón 20ú aoiseanna agus do bhí léitheoireacht dhráma Lasair Choille le Caitlin Maud agus Micheal Hartnett againn chomh maith, Oíche bhreá agus comhluadar iontach!

Wednesday, October 01, 2008

Sruth na Smaointe

Tá difríocht mhór idir na hÉireannaigh agus na Meiriceánaigh!
Bhuel, go mór mhór déarfainn, idir mná na hÉireann agus mná an Mheiriceá…(Ní mise i m’eolaí cáilithe maidir le fir na hÉireann,) nó an é lucht na teanga agus lucht an Bhéarla?.......ach feicim go mbíonn sé an-deacair dúinne, mná mo ghlúinsa ar aon cuma, (mise ach go h-airithe!) moladh a ghlacadh, ní fheadar cén fáth, tá sé inmheánach i gcuid againn is dócha, inár bpaiteolaíocht? Mhol cara mé le déanaí, bhí sé dáiríre ach in ionad an moladh san a ghlacadh cheapas nach raibh i gceist ach plámás. Bhíos mícheart áfach. Bíonn sé níos nádúrthaí dúinne moltaí a chaith uainn le greann, in ionad iad a ghlacadh le buíochas. Cén fáth? An é go gceapaimid nach bhfuil moltaí tuillte againn ariamh? Sinn ag ceapadh go bhfuil cuspóir ceilte in ionad ionracas ag baint leo?…….. Nó an gceapaimid nach gceart é moltaí a ghlacadh ar chor ar bith, go mbíonn an dochair ann i gcónaí go mbaineadh sé sin le mórchúis?..... Agus nach peaca an uabhair é sin? Fiú nach mbímid ag smaoineamh ar na seacht gcinnpheacaí marfacha ró mhinic……(cad iad arís?)

Tarlaíonn rud cosúil le sin nuair a bhíonn buíochas féinig i gceist. Bíonn sé deacair dúinne buíochas a ghlacadh chomh maith, mar, nach ceart é a bheith cabhrach? mar sin níl rud as an gnáth é cabhair a thabhairt do dhuine mar bhíonn sé uaidh nó uaithi. Níl dul as, níl rogha againn ann. Is rud inmheánach é………..

Tagann an meon amach i gcaint ansin, fiú i slite simplí, mar shampla an nós seo:
”GRMMA”
“Ná h Abair é”
“Ach ba mhaith liom a rá : “GRMA” duit”….
”Ní gá”

I mBéarla.

“Thank you very much”
”You’re welcome” ag glacadh an buíochas, gan stró!

B‘fhéidir go bhfuilim i m’aonar. Ach is minic a cheapaim go noctaíonn teanga carachtair an phobail a labhraínn í.


Monday, September 29, 2008

Paul Newman



Tá sé neamhbhásmhar dúinne ar shlí, beimid in ann féachaint ar a aghaidh dathúil aon uair mar Butch Cassidy, Cool Hand Luke srl….agus bhí sé fós dathúil nuair a d’éirigh sé sean. Bhíos ag smaoineamh ar sin inniu agus mé ag caitheamh rudaí ina n- áiteanna cuí sa chistin…. laethanta m’óige nuair a cheap mé féin agus mo dhruifear gurb é an fear is dathúla ar an domhan! Dhúisíos ó na smaointe sin le preab an fhóin agus ise a bhí ann. Bhí an bheirt againn inár ndéagóir ag deireadh na seachtóidí nuair a bhí Paul Newman i mbarr a réime agus do bhí póstaer aicese ar falla ár seomra ag an am san. “Bhí sé i gcónaí dathúil” a dúirt sí inniu…… cosúil lenár n-athair féin a cheapas, dathúil go lá a mbásanna. Is cuimhin liom go raibh ionadh orainn agus sinn óg go rabhadar chomhaois chomh maith! Dad agus Paul Newman………Aisteoir den scoth é, ní hamháin nuair a bhí sé óg áfach. Chonaic mé The Verdict blianta ó shin agus cheapas go raibh sé go breá agus táim díreach tar éis é a chur ar mo liosta NetFlix chun é a fheiscint arís. Tá Charlotte Rampling sa scannán seo agus is aisteoir an éirimiúil í dar liom.

Monday, September 22, 2008

An Chéad Lá Fhómhair, 2008

Tosaíonn an Fómhar go h-oifigiúil inniu, an 22ú lá de mhí Meán Fómhair. Tagann filíocht san aer nuair a casann na séasúir, dar liom. Inniu tá ciúnas san aer, gach rud séimh. Tá sé tirim agus geal lasmuigh, níor chuala mé trácht ar stoirm ag teacht... cuma socraithe ar an spéir. Níl sé te, ach bíonn sé fionnuar sa mhaidin le tráthnónta grianmhara. Tá na laethanta brothallacha imithe uainn anois.

Is cosúil go bhfuil fianna an cheantar seo in ann Gaeilge a léamh agus bíonn siad in ann teacht ar an suiomh seo i slí éigin..... ní rabhardar ró shásta liom le déanaí agus mé ag gearán fúthu anseo....…Tá roinnt céimeanna chuig ár ndoras tosaigh, (sé cinn,) áit a bhfuil soithí móra phlanda suite agam, ceann ar dheis agus ceann eile ar chlé. Táimid lonnaithe anseo le trí bhliain déag anuas agus bíonn na soithí seo saor ó na fianna i gcónaí…………go dtí an tseachtain seo chaite, suas na céimeanna leo oíche éigin agus ghlacadar smailc nó dhó ó gach soitheach.

Maidir leis an toghcháin, ní dóigh liom go bhfuil ceist ar bith fágtha anois idir na páirtithe agus cúrsaí eacnamaíochta na tíre i bpraiseach ag an rialtas poblachtach. Ní féidir leo an locht a chaitheamh uathu an t-am seo cé go ndéanfaidh siad iarracht is dócha. Is trua go dtagann saint isteach san áireamh i gcónaí nuair nach mbíonn smachta de shaghas éigin i bhfeidhm. Imíonn moráltacht nó eitic as an bhfuinneog. Is trua.

Inné bhí droch scéal ar an NY Times faoi saint san LIRR (Long Island Railroad) a chur déistin orm.

Táim ag súil le dul ag siúil am lóin in aer úr an Fhomhair

Monday, September 15, 2008

Nach Bhfuil Léamh ag Fianna sa Cheantar Seo?

Is trua nach bhfuil léamh ag fianna an cheantair seo mar dá rabhadar in ann leabhair garraíodóireacht a léamh bheadh a fhios acu nach bhfuil suim acu in hydrangeas!! agus nach bhfuil siad blasta ar chor ar bith.
Faraor, níl léamh acu siúd a bhíonn ag spaisteoireacht trí mo ghairdín tosaigh, de réir dealraimh cheapann siad sílim, go bhfuil an planda seo ana bhlasta ar fad agus é ite acu an tseachtain seo tar éis ceithre bhliain slán uathu

Wednesday, September 10, 2008

Siamsa in Ionad Scrúdaithe

Fuair mé roinnt ríomhphoist mar gheall ar an píosa sin a scriobhas le déanaí ach níl plean agam a bheith ag déileáil leis an ábhar seo ró mhinic. Bíonn alán daoine ag scríobh faoin dtoghchán cheana, ach is trua go bhfuil siamsa an rud is luachmhaire do chuid mhaith daoine agus iad ag teacht chuig cinneadh toghcháin. Sin mar atá! bíonn tagairtí fós ar an raidió agus sna páipéir faoi Sarah Palin fiú nach bhfuil mórán faoi cúrsaí eacnamaíochta na tíre ráite aici go fóill! Ag an am céanna tugtar faoi ndeara nach raibh sí i ndíospóireacht bheo ach oiread fós.

Thursday, September 04, 2008

Tá an Rás Tosnaithe Anois.

Le teacht Sarah Palin isteach san áireamh tosaíonn an rás chuig Oifig an Uachtaráin sa tír seo i gceart. Chonaiceamar ag caint í don chead uair go h oifigiúil ag an RNC (Republican National Conference) aréir mar iarrthóir leasuachtaránachta, rognaithe ag Seanadóir McCain. (Níor chuala mise tada fúithi go dtí an tseachtain seo chaite.) Anois agus le Seanadóir Obama agus Seanadóir Biden ar thaobh Páirtí Daonlathach táimid ag an líne tosaigh arís. Is comórtas ró fhada é seo gan dabht.

Tá sé ráite anois gur rogha mhaith í Sarah Palin toisc go mbeidh mná na tíre, a bhíodh taobh thiar Seanadóir Clinton, toilteanach anois a vótaí a chaitheamh ina treo, tá súil agam nach glacfaidh éinne leis an seafóid seo, mar is masla amach is amach é. An bhfuil mná anseo a gcaithfeadh a vótaí bunaithe go hiomlán ar an gcineál banda, gan trácht ar rud ar bith eile?

Ní raibh mórán le rá aici aréir áfach, cé gur labhair sí le muinín agus fuinneamh. Chuir sí in aithne dúinn a fear cheile agus a gclann agus ansin lean sí ag caitheamh masla i dtreo Seanadóir Obama agus ómós i dtreo Seanadóir McCain. Sin an ról atá aici. Tá ana chuid ráite cheana féin faoi a gclann, an mac is sine acu atá san arm agus an maicín úr atá acu, gan trácht ar an iníon atá torrach agus í 17 bliana d’aois agus anois ar tí pósadh. Ní bhaineann sé seo leis an toghchán ar chor ar bith?.... sílim féin nach rud ró mhaith é í a chur chun pósadh. Nach mbeadh sé níos fearr di fanacht go dtí go bhfuil a oideachas foirmiúil faighte aici agus faighte ag a fear óg?,

An féidir le daoine díriú ar na príomh aidhmeanna agus fealsúnachtaí na bpáirtithe in ionad an raiméis a chloistear fad is atá na iarrthóirí agus cuid dá lucht leanúna ag iarraidh na toghthóirí uile a spreagadh chucu? Táim féin toilteanach éisteacht le tuairim cách, fiú muna aontaím léi!!! Is maith liom díospóireacht… ach is trua nuair a bhíonn tuairim toghthóra bunaithe ar bréaga agus nuair nach bhfuil an tsuim nó an intleacht aige ná aice dul ag lorg na fírinne.

Chaitheas an tseachtain seo chaite le dream iontach ag seachtain na Gaeilge. Bhuaileas le bean lá thar bricfeasta agus, mo léan, osclaíodh an toghchán mar ábhar cainte an bhoird. Bean na tuairime tréine atá inti agus d’fhógraigh sí go raibh Barack Obama ina sceimhlitheoir agus go raibh sé ina Mhoslamach chomh maith, mar sin, a dúirt sí, ní raibh an tarna suíochán sa bhuaile aici ach a vóta a chaitheamh le McCain! “Fan nóiméad”, a dúirt mé féin léi nuair a bhí sé soiléir go raibh sí dáiríre, (agus mé ag smaoineamh ar dtús go rabhas ag brionglóid nó gur saghas cleas cainte a bhí ar siúl… gur ól mé an iomarca fíona an oíche roimhe b’fhéidir?..) “Cá bhfuair tú na fíricí seo?” …Bá chosúil gur léigh sí áit éigin i bpáipéar éigin, lá éigin, bliain ó shin…. Bhíos fiosrach anois agus chuireas ceist eile uirthi..” An aontaíonn tú le polasaí an Pháirtí Phoblachtaigh os rud é go bhfuil tú cinnte? “Is cuma liom faoi sin” a dúirt sí lán dáiríre, “Ach ní féidir liom mo vóta a chaitheamh le Moslamach!” omg.

Nílim ag insint bréige. Sin an comhrá a bhí eadrainn. Is trua go bhfuil daoine sásta fanacht aineolach, ach b‘fhéidir gurb é sin sainmhíniú an aineolais; an té nach bhfuil ceisteach ar bith agus é sásta glacadh le aon seafóid a chaitear chuige. Ach tá áthas orm nach bhfuil formhór des na Gael Mheiriceánaigh mar sin! Bíonn an-suim acu i gcúrsaí pholaitíochta mar a mbíonn na Gael in Éirinn.

Beidh na hóráidí le cloisint as seo amach ach tá cúpla rud fíor, tá praiseach mhór déanta ag an Páirtí Poblachtach le ocht bliana anuas, mar shampla cogaidh, saint na ngnóthaí móra, go h-áirithe eachtraí neamhrialta sna bainc a chur tús le trioblóidí eacnamaíochta na tíre seo agus thar lear. Nach raibh ar Uachtarán Bush athraithe a dhéanamh ar a chomhbhádóirí sa rialtas minic go leor de dheasca droch iompar? Tá meas an domhain mór caillte ag an dtír seo acu as na geáitsí go léir agus is mór an trua, dar liom, mar is tír iontach í de bharr a pobal díograiseach. Pobal a cuireann a chroí ina chuid oibre agus a bhíonn toilteanach i gcónaí cabhair a thabhairt gan teacht ar mórán buíochais ………. Tá athrú uainn.

Ar aghaidh linn.


Sunday, August 24, 2008

Seachtain na Gaeilge in Esopus NY

Tá an tseachtain ag tosnú anocht! Beidh mé i mo mhúinteoir ann ach ní féidir liom dul anocht. Beidh mé ann luath amaireach in am bhricfeasta agus beidh an chéad rang ag tosnú ar a naoi a chlog. Beidh cúig rang Gaeilge ag gach leibhéal in aghaidh an lae, trí cinn le múinteoir agus dhá cheann don dream ina aonar, seans acu dul thar na h ábhair a bhí acu sa rang agus cleachtadh a dhéanamh le cheile. Ranganna cheoil agus damhsa chomh maith agus gníomhaíochtaí difriúla gach oíche. Oibríonn an clár seo go han mhaith. Beidh spraoi ag cách.

Friday, August 22, 2008

Aimsir an tSamhraidh! (agus costas leis!)

Bhuel, bhuail tintreach ar an tigh seo s’againne an tseachtain seo chaite. Bhíos sa chistin le Cara, bhí sise mí chompordach mar a bhíonn sí i gcónaí in aimsir stoirmiúl, go h-áirithe tintreach agus toirneach. Bíonn a fhios aici de gnáth leath uair roimh a theacht agus tosaíonn sí ag gearán agus ag iarraidh brú a chur orm dul thíos staighre go dtí an íoslach léi mar níl sí sásta dul ina h aonar. Ní rabhas ag tabhairt aon aire di ach ag an am céanna mhúchas mo ríomhaire agus bhíos ag ullmhú cupán tae sa chistin nuair a bhuail an diabhal tintreach ar an tigh le pléascadh glórach díreach ós ár gcomhair ag fuinneog na cistine. Léim an bheirt againn le scanradh agus síos an staighre linne gan moill ar bith! Ar theacht aníos dom tar eis seala gearr chuala mé rud cearr, aisteach. Bhí an coffee grinder ag obair go dian cé nár chuir éinne ar siúil é…..Cheapas go raibh gach rud eile ceart go leor ach faraoir ní raibh….fuaireas an scéal amach ar ball……… D’éirigh borrann aibhléise le bualadh an tintreach a dhein bruscair as an gréasán ríomhairithe sa tigh. Mar a luaigh bhí mo riomhaire deisce múchta ach rith an borrann trí sreanga an ghréasáin. Bhí cártaí ghréasáin i dtrí ríomhaire scriosta, an móideim, an router, agus tá ríomhaire Eoghain scriosta amach is amach chomh maith, in ainneoin an baic thintrí a bhí aige, bhí an ríomhaire sin ar siúil ag an am. Sin an scéal. Bhí ár líonra sa tigh scriosta go dtí inné agus sinn ag feitheamh ar rudaí ag teacht chugainn gach lá sa phost.

Wednesday, August 13, 2008

Ne le Dis a Personne (Ná hAbair l'Aoinne)

Bhíos ar turas seachtaine agus seachas an aimsir bhí gach rud go breá! Bhaineas an-taitneamh as Montreal, b'fhada an la ó chualas teanga na Fraince agus bhí orm éist go gear an cor rud beag a tuiscint, anois is arís d’éirigh liom agus bhíos sásta le sin. Ar theacht abhaile dom chonaic go raibh scannán tri mheán na Fraincise, Ne le Dis a Personne (Tell No One) ar siúl i m’amharclann áitiúil, Jacob Burns Film Center agus os rud é go bhfuilim i mo Francophone anois chuaigh me oíche Domhnaigh chun é a fheiscint. Molaim go mór an scannán seo, fiú múna bhfuil focal franchise agat mar tá fotheidil an mhaith ann, (bheinn caillte amach is amach gan iad in ainneoin mo chúpla focal!) Ta an scéal casta agus suimiúil bunaithe ar leabhar a scríobh Harlan Coben.


Sunday, August 03, 2008

Fíor Litir sa phost

Fuair mé litir inné ó m’aintin. Gretta is ainm dí agus tá sí ceithre scór is cúig bliana d’aois. Is annamh anois le email, skype srl a fhaighim fíor litreacha sa phost agus bhí a fhios agam díreach gur ise a scríobh an ceann seo… ní ón lámh caolchrúbach ach ón gclúdach seanfhaiseanta éadrom ‘aerphoist’ a bhí ann le riabha ar na taobhanna. D’úsáid sí seanpháipéar éadrom scríbhneoireachta chomh maith taobh istigh! Bhíos mar pháiste le bréagán nua, fíor litir le cúig leathanach!! Duine den ghlúin sin atá inti a scríobhann níos mó ná fiú cianghlaoch a dhéanamh ar an bhfón, “trunk call” a thugann sí orthu siúd! Bhí lón breá againn le cheile le déanaí nuair a bhíos in Éireann agus sinn ag plé cúrsaí polaitíochta an dá tíortha, Darfur, leabhair, ealaíon, agus a sean madra nach maireann, bíonn tuairim aici faoi gach aon ábhar agus ní théann aon scéal domhanda thairsti. Cónaíonn sí ina aonar anois ach bheinn níos compordaí dá mbeadh madra beag aici, ní hamháin de bharr an comhluadar ach mar ghléas sábhála! Tamall gearr ó shin tháinig bean chun a dorais agus do shá sí isteach gan choinne agus ghoid sí mála na seanamhná a bhí ar bhord an halla.
Bhí an droch eachtra sin críochnaithe taobh istigh soicind, ach mar a deir Gretta féin, cé gur bhain an eachtra geit mór aisti ar a laghad ní raibh sí gortaithe ………agus ní raibh mórán sa mhála sin ach airgead, mar sin níor goideadh sa deireadh ach a féinmhuinín. Sílim go bhfuil sé sin ag teacht thar n-ais chuici anois. Ba bhean neamhspleach í a saol iomlán agus ba mhaith léi fanacht mar sin tamall eile más féidir. Tuigim go mór é sin agus déarfainn go mbeadh sí go breá gan daoine bagrach ag cur isteach uirthi.

Beidh mé ag dul ar turas seachtaine inniu; cúpla lá i mBoston, ansin seal i Maine agus ansin trasna go Montreal ar feadh tamaillín agus sa deireadh cúpla lá sa pháirc Adirondack anseo i stát Nua Eabhrac.

Monday, July 28, 2008

Glac an saol go réidh agus glacfaidh an saol go réidh leat.

Bhí orm an saol a ghlacadh go réidh Dé Sathairn de dheasca an diabhal slaghdán seo. Tá sé fós ag cur isteach go mór orm. Tagann an casacht orm go trom aon uair a bhím i mo luí. Mar sin bím ag casacht oíche go maidin agus bím tuirse i rith an lae. Má caithim leath uair ar an tolg tosaíonn an casacht arís! Tá orm a bheith i mo shuí nó i mo sheasamh an tam ar fad. Ar aon nós thosnaigh mé ag léamh sean leabhar tráthnóna Sathairn. ‘Sé sin The Tailor and Anstythug duine éigin dom é blianta ó shin agus níor léigh mé go dtí seo é . Is dócha gur chuala nach mór gach duine le suim i stair na hÉireann trácht ar an leabhairin seo. Is scéal an deas é seo faoi seanduine agus a bhean, a meonta agus an saol a bhí acu. Meonta sean aimseartha na nGael a bhí ag an dís seo gan puinn mheasa ar an rialtas, ar rialta na heaglaise nó a leithéid. Ach bhíodar spioradálta go leor ina slí feínig, bhí creideamh acu agus ana mheas acu ar an bhFear Thuas. Bhíodh an táilliúir ag insint scéalta an t-am ar fad óna chathaoir (bosca in aice na tine ar a thugadh “Cornucopia”) lena milte cuairteoirí agus ise ag magadh faoi gan stad gan staonadh i rith an lae …..seo nós a bhíodh ag na sean díseanna in Éireann (agus nós nach bhfuil ró fhada uaimse ar uairibh! ..níl sé ceart seans cloigeann mór a ligint d ‘fhear ar chor ar bith!) Ach in ainneoin é a bheith cráite clipthe léi chuir sise barr maise ar a shaol ag an am céanna, agus, ag deireadh an lae do bhíodh gach rud ciúin séimh idir an táilliúir agus a bhean. Tá scéalta an tseanduine seo ana mhaith agus bhaineas taitneamh nach beag as teacht orthu agus mé ar an tolg! Agus mana an bheirt acu: Glac an saol go réidh agus glacfaidh an saol go réidh leat.


Scríobh Frank O’Connor an réamhrá den leagan atá agam agus soiléir go raibh an dearg-ghráin aige roimh rialtas na tréimhse seo 1940’s. Bhíodh bord cinsireachta an rialtais ana chrua ag an am seo agus gan ciall ar bith uaireanta. Bhíodh lámh na sagairt ann ar ndóigh agus chuireadar cosc ar an leabhar seo. Cén fáth? Tagann gnéas isteach i slí greannmhar i gcuid des na scéalta agus déanann an táilliúir nó a bhean tagairt ar feis leaba na hoíche anois is arís. Sin an méid. Bhí sé chomh soineanta sin…….. Tháinig triúr “ionadaí” Dé ar chuairt orthu ina dtigh beag agus bhí ar an seanduine a chóip féin den leabhar a chaith sa tine os a gcomhair. Chuireadar a bparóiste i gcoinne an sean dís…..Samhlaigh ar sin! Ionadaí an diabhal a bhí iontu siúd. Oh tá a fhios agam gur tréimhse eile a bhí ann srl srl ach ní raibh aon leithscéal ann den drochchuairt sin ón dtriúr sagairt. Rud eile ná silim go bhfuil sé tábhachtach súil a choimeád ar an saol atá thart agus sinn ag bogadh ar aghaidh….bíonn ceachtanna le foghlaim i gcónaí agus ní sé ceart a rá “tharla na droch rudaí sin chomh fada siar nach mbaineann siad linn níos mó” nó “nach féidir slán a fhágáil le na sean laethanta” Is meon caolaigeanta agus aineolach eile é sin.

Nuair a léigh mé an réamhrá sin chuir sé mé ag smaoineamh gurb í seo tréimhse óige mo thuismitheoirí féin agus chuala mé cúpla droch scéalta ó mo mháthair faoi smacht na heaglaise ag an am san. Scéal eile. Lá eile.

Friday, July 25, 2008

Slaghdán

Ugh. Agus i lár an tsamhraidh! Bhí saghas tochais i mo scornach ar dtús dé Chéadaoin agus bhí sí tinn inné, ansin dhúisigh mé ar maidin le slaghdán, fíor scornach tinn, tinneas cinn agus babhta na casachta! Bíonn na babhtaí ag teacht orm go rialta. Tuige go mbeadh an pionós seo orm………

Wednesday, July 23, 2008

Siamsa Anocht

Beidh oíche bhreá i Dunnes Pub, White Plains, anocht. Ceol den scoth déarfainn le seoladh CD Brian Conway, beidh dream ceoltóirí maithe eile páirteach tacaíocht a thabhairt dó. Bíonn an bia coitianta go leor ach go deas úr i gcónaí anseo agus bíonn fáilte is fiche ag Seán Dunne roimh an ceol agus roimh an Teanga. Bí Linn!

Tuesday, July 22, 2008

Ciara na Gruaige Rua

Bhí ana brón orm nuair a chuala gur bhfuair deirfiúr Aine Durkan, Ciara, bás in Afganistan anuraidh. Scriobhas píosa faoin tubaiste sin tamall ó shin. Ansin chuir Áine chugam an dán a scríobh sí. Éist leis anseo.

Inniu, níl a fhios agam cén fáth, ach bhíos ag smaoineamh ar Áine. Is dócha os rud é gur chuireas ephoist chuig cara eile againn, Claire, agus chuir an nóta sin Áine ar m’intinn. Bhuaileamar go léir le cheile an tseachtain seo in Oideas Gael anuraidh agus do bhí ana spraoi againn le cheile an tseachtain sin. Ar ndóigh ní raibh a fhios againn ag an am eadrom sin go mbeadh Áine faoi bhrón agus faoi bhuairt roimh i bhfad.

Bhí a fhios agam go raibh clár faoin droch eachtra seo ar liosta gearr NY Festival 2008, agus fuaireas amach díreach anois go bhfuair Mairtin Tom Sheainín bonn airgid idirnáisiúnta as an gclár a rinne sé faoi bás Chiara. Seans éisteacht leis an gclár iontach go h iomlán anseo.

Féile Cheoil

Is féile cheoil thar aon rud eile í Féile na Catskills anseo i Nua Eabhrac. Chuala mé trácht uirthi le fada anuas ach ní raibh seans agam dul ann, bheadh rud éigin i gcónaí idir lámha agam ar an tréimhse céanna, agus ní ceoltóir mé ach oiread, agus níor thuig mé díreach go dtí i mbliana cad a bhí i gceist ansin.

Chuala chomh maith nach raibh ann ach leithscéal chun na dí í ag dream mór le leath suim sa cheol agus os rud é nach nglacaim le tuairimí daoine eile de gnáth (go mór mhór más féidir teacht ar mo thuairim féin i slí éigin) bhí orm fiosrúcháin a dhéanamh dom féin. Cheapas chomh maith i mbealach nach mbeadh mórán domsa ag an bhféile seo mar do bhíos faoi tionchar na sean scéalta sin is dócha…ach ar ndóigh bhíos mí-cheart agus áthas orm é sin a admháil.

Leanann an fhéile seo seachtain amháin, bíonn ranganna cheoil, damhsa, amhránaíocht agus Gaeilge (don chead uair i mbliana) i rith an lae, maidin agus tráthnóna. Ansin san oíche bíonn siamsa i ngach áit, idir ceol agus damhsa. Seisiúin oscailte le fáilte roimh na foghlaimeoirí uile a bheith páirteach agus seisiúin eile faoi smacht ceoltóir amháin abair agus é nó í i gceannas cé eile a bheadh páirteach. Tuigim go bhfuil an dá cineál de dhíth, seans do na foghlaimeoirí cleachtadh i slí bheo agus ansin sna cinn dúnta sin seans do na ceoltóirí proifisiúnta /múinteoirí a bheith ag seinm le cheile……Bhí ceolchoirmeacha oifigiúla ar siúil an t-am ar fad i bpailliún agus i bpobal mór chomh maith. Bhí sé thar a bheith ghnóthach! Chaitheas cúpla lá thuas ansin le cairde agus an fhadhb amháin a bhí agam ann ná teacht ar an méid eachtra a bhí uaim. Is minic a bhíos in áit amháin le fios go raibh ceol iontach in áit eile ag an am céanna …ach amháin gan fonn bogadh chomh breá is a bhí an ceol ‘s an t-atmaisféar sa chéad áit! Faraoir….. go rabhas uileláithreach! !


Bhí céilithe ann gach oíche chomh maith ach theip orm a bheith páirteach, agus is aoibhinn liom damhsa…ach arís bheadh orm a bheith uileláithreach !…ach ó ba rud é nach raibh céile damhsa liom an uair bheinn caillte sna seiteanna…D’fhanas leis an gceol.


Bhí ceoltóirí den scoth páirteach ó gach áit sna SAM agus ó Éireann agus cuma orthu uile go rabhadar ag baint taitneamh as an tréimhse le cheile. Ní gá liosta ainmneacha a chur anseo, mar tá siad go léir ar an suíomh oifigiúil, féach, agus anseo, ach bhí na ceoltóirí mór le rá uile páirteach agus luaigh sean cara liom Jerry O’Sullivan liom gur í seo an féile is fearr anois sna SAM, dar leis, ó thaobh caighdeáin an cheoil de…

Bhaineas féin an taitneamh as an gceol muintire, na Mulcahys. Chuala mé trácht orthu cheana ach níor chuala mé beo iad riamh go dtí seo, chomh éirimiúil agus atáid……… Ach bhí ceol bhreá le chloisint gach uile áit sa bhaile seo ó lár an lae go geal na maidine.

Bhaineamar, triúr againn a bhí le cheile ann, an sult as an sos gearr, cé nach raibh mórán sosa lae ná oíche dúinn! Agus deas chomh maith go raibh gaeilge le cloisint thuas ansin. Mar a dúirt Tim Collins dom, nach bhfuil siad fite fuaite le cheile? ………. Tá, agus bhí an teanga le cloisint uaidh, ó Jerry, luaite thuas, ó Gearóid O hAllmhuráin, ó
Jimmy Crowley ó Daithi Sproule agus ó ana chuid eile a bhí páirteach chomh maith…….

Is é Paul Keating a chuireann le cheile an fhéile mhór seo agus ní h-aon dóithín í a eagrú déarfainn, is mór an buíochas atá tuillte aige dá barr.

Déarfainn go raghad arís an bhliain seo chugainn.

Thursday, July 17, 2008

Tiobraid Árann Abu: Thar n-ais i Nua Eabhrac: Fáilte roimh An Taoiseach úr: Irish Arts Week

Bhuel bhí an lá le Tiobraid Árann agus do bhí oiche bhreá againn in An tAonach,. Bhaineamar an taitneamh as an gcluiche cé go rabhamar neirbhíseach ar feadh cuid nóiméad déag ó thús an tarna leath nuair a bhí spiorad agus fuinneamh i bhfoireann Contae an Chláir ach theip orthu é a cothú agus sa deireadh ba iad Tiobraid Árann na buaiteoirí. Anois táim thar n-ais i Nua Eabhrac tar eis na tréimhse bhreá sin agus tá áthas orm an ghrian a fheiscint arís, níl an samhradh seo ró mhaith in Éireann maidir leis an aimsir, ach seans ann fós! Agus is minic a bhíonn Meán Fómhar agus Deireadh Fómhar go deas tirim ansin.
Bhíos ag fáiltiú roimh Brian Cowen oíche aréir sa Consalacht i NE. Thug an chonsal, Niall Burgess, fáilte is fiche do as Gaeilge ansin as Béarla. Bhí dream maith ann agus labhair An Taoiseach úr faoi a shaol i NE blianta ó shin agus an tábhacht a bhaineann le teagmháil idir an diaspora agus Éireann san am atá thart agus as seo amach. Is cosúil gur chaith sé tréimhse anseo i NE ag obair mar tógálaí nó rud éigin nuair a bhí sé ina mhac léinn agus os rud é go bhfuil suim nach beag aige i gcúrsaí spóirt bhíodh an nós aige a bheith ag imirt thuas i Gaelic Park, sa Bhronx. Labhair sé i slí compordach, cairdiúil agus dearfach, gan nótaí gan braiteoireacht. Bhí sé suimiuil. Bhí an dream lán sásta leis dar liom. Níor labhair sé as Gaeilge áfach agus bhí orm a rá do díreach ansin gan dearmad a dhéanamh ar ár teanga mar nach bhfuil a fhios againn go bhfuil Gaeilge ana mhaith aige!! Bhí sé go deas cairdiúil le cách. Tá súil agam go duine doscúch é i slí éigin chomh maith agus sílim go bhfuil, mar déarfainn nach mbeidh an fharraige ina clár os a chomhair anois. Tá dea-mhein agam do agus tá súil agam go mbeidh an t-ádh air sa phost nua seo.

Inniu tá plean agam cuairt a thabhairt ar an Catskill Irish Arts Week agus a fháil amach cad é a tharlaíonn thuas ansin gach samhradh, beidh an scéal agam i gceann cúpla lá.
Adios.


Sunday, July 13, 2008

An Cluiche Mór Inniu

Lá deas tirim grianmhar!!….an céad ceann, doirse agus fuinneoga an tí ar oscailt! Ach tá orm féachaint ar an gcluiche mór ar ndó ag a ceathair a clog, bheadh sé go deas áfach a bheith cois tráigh agus an t-aer úr sin a mhothú agus boladh glan na farraige a bhlaiseadh..…ní bheidh seans agam an uair seo mar beidh mé ag filleadh thar n-ais go Nua Eabhrac amárach agus ag súil go mbeadh coisir anocht i bpub mo dhruiféar i dTiobraid Árann, ach má theipeann an fhoireann is dócha go mbeimid uile inár leapacha luath. Tá sé ráite anseo i Luimneach go mbeidh an lámh uachtar ag contae an Chláir, ach chifimid ar ball.

Saturday, July 12, 2008

Corn na Mumhan!

Thugas mo mháthair ar chuairt ar reilig na muintire inné, ‘sé sin muintir m’athairse…Mount Pleasant an t-ainm ata uirthi, ainm coitianta ar reiligí agus tá sí lonnaithe thíos bóthar beag uaigneach i dtreo Faing Inish in Iarthar Luimnigh, ceann ana bheag ar fad atá treasna páirce ón mbóthair cung. Is dócha go raibh sean ainm ar an séipéal beag seo atá ina fothrach anois. Feicim na hainmneacha uile ar na leaca agus an cuid is mo acu gaolta liom! De Bhál ar ndóigh mar is é sin m’ainm féin, Guerin agus Dundon chomh maith…sean ainmneacha Normannaigh uilig nach mór atá le feiscint ansin. Is maith liom an áit ciúin seo a bhfuil in aice na Sionna agus tán cinneadh déanta agam le fada a bheith curtha ansin chomh maith. (Bhuel luaith mo choirp a chur isteach ann…) Ach níl plean agam dul ar an turas sin tamaillín eile. Gach samhradh bíonn Aifreann sa reilig seo faoin aer úr na habhann agus chonaiceamar an fógra go mbeadh sé ar siúl amárach an 13ú lá de mhí Iúil ag 2:30 iarnóin. Go bhfóire Dia orainn a dúirt mé liom féin! Is léir nach bhfuil suim ag coiste na reilige i gcúrsaí iománaíochta, ní féidir linne dul go dtí an Aifreann sin mar nach mbeidh Corn na Mumhan ag tosnú ag 4 iarnóin? Beidh an sagart agus na daoine áitiúil thar n-ais abhaile gan stró…ach sinne? Beidh príomh droichead na cathrach dúnta ó 11 ar maidin! …agus na cinn eile faoi bhrú. Os rud é go bhfuilimid inár gcónaí ar bóthar na hInse, díreach treasna ó Parc na nGael, beimid gafa! Ach an rud is tábhachtaí ná sin ná go bhfuil mo nia, mac mo dhruifear is sine, ar bhfoireann Tiobraid Árann. Déarfainn go dtuigfidh m’athair go bhfuil orainn féachaint ar an gcluiche in ionad dul amach chuige in iarthar Luimnigh arís. Dá mbeadh an rogha aige bheadh sé lán sásta le bheith ag féachaint ar an gcluiche mór, ina iomaitheoir ar an gclaí, braoinín féna fiacail aige i gcomhluadar a chlann tráthnóna Dhomhnaigh in ionad dul chuig Aifreann!

Wednesday, July 09, 2008

I gCathair Luimnigh anois

Táim anseo in Eirinn nach mór seachtain anois agus tá gach rud ag éirí go geal liom! …. Chaitheas tréimhse ghearr i mBAC agus a timpeallacht… ag bualadh arís le gaolta agus cairde. D’fhreastal mé ar ceolchoirm gan choinne sa Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, tharla go rabhas ansin am lóin dé Sathairn agus plean agam Impressionist Interiors a fheiscint, (is é sin taispeántais a bheidh ar siúl go dtí an 10ú la de mhí Lúnasa,) ach chonaic, agus mé ag ceannach mo thicéad, saghas fuadair ar siúl agus chuala go mbeadh Ana Vidovic ó Croatia ag seinm cheoil i gceolchoirm ar an bpointe, 1 i.n.. Is minic a bhíonn an bealach ciorclach níos suimiúla ná an ceann díreach a dúirt mé liom féinig mar sin isteach liom agus ba mhór an áthas a bhí orm seans éisteacht le ceol (guitar clasaiceach) na mná éirimiúla seo. Nuair a bhí an ceolchoirm sin thart bhí orm imeacht chuig cruinniú le cara ach chuaigh mé thar n-ais an lá dár gcionn agus chonaic an taispeántais ealaíona… Nuair a d’éirigh suim ionam i gcúrsaí ealaíona agus mé i mo dhéagóir bhíodh ana teagmháil agam le ealaíon Impressionism. Ba mhór an suim agam sna pictiúr a bhain le saol daoine taobh istigh in ionad “en plein aer” mar a déarfá…. Tá cóipeanna na bpictiúr agam fós as féilirí AIB na tréimhse seo, go háirithe Berthe Morrisot, Degas agus araile. Bhíos ag eirí short sighted ag an am céanna an í sin cúis na suime? Ar aon nós bhaineas an-taitneamh as an taispeántais seo a fheiscint agus molaim go mór féachaint ar chlár an ghailearaí, is minic a bhíonn rudaí an spéisiúil ar siúl ansin. Bhí brón orm nach raibh an t-am agam cuairt a thabhairt ar Hugh Lane an mhaidin céanna ach bhí orm leanúint faoi dhein Stáisiúin Heuston. Tháinig mé go Cathair Luimnigh ar an traein, turas ana chompordach agus tapaigh….costasach go leor áfach. Tá cuma breá ar an gcathair agus plean agam nach mór seachtain a chaitheamh anseo.

Tá an aimsir aisteach, idir teas agus fearthainne ag an am céanna, ach nílim anseo ag lorg aimsir te tirim, má bhíonn lá nó dhó bhreá agam beidh mé sásta go leor ………agus go dtí seo níl an trácht go dona ach oiread!

Tuesday, July 01, 2008

Go BAC amarach

Beidh mé ag taisteal amárach go Baile Átha Cliath, is minic a bhím as Nua Eabhrac ag an am seo den bhliain. Ní bhím ag smaoineamh ar an 4ú Iúil agus an ceiliúradh sin agus mé ag díriú ar sonraí taistil….an príomh smaoineamh a bhíonn agam ná an “an bhfuil seans ann go mbeadh aimsir te agus tirim in Éireann ar na dátaí seo…” Anuraidh bhíos in Éireann ag an am seo den bhliain chomh maith agus bhi se go deas.... Chaitheas tréimhse i mBAC, i dTír Chonaill agus i dTiobraid Árann, an tAonach. I mbliana beidh mé i mBAC arís ó Déardaoin ar feadh trí lá agus ar aghaidh ansin go cathair Luimnigh tamall a chaitheamh le mo mháthair ansin. Táim ag súil go mór le cairde a fheiscint arís ar ndóigh (agus ag guí go dtiocfaidh an ghrian liom!) Tá an aimsir go breá anseo i NE le déanaí agus i aoibhinn liom í… nach mór an tionchar í an aimsir? Codladh breá na hoíche agus aimsir bhreá an lae…agus dea mheon ar chách! Is cuma an lotto…Osna….

Friday, June 27, 2008

Gnéas agus an Chathair

Chonaic an scannán seo aréir! Nílim thar dul chuig chickflic riamh!

Tháinig an ceathrar againn (mná ar ndóigh) le cheile in Otto agus bhí cúpla deoch againn, bhíomar ag baint an-sásamh as an tréimhse seo sa phub gur imigh an t-am go tapaigh uainn agus theip orainn dul chuig an ceann luath sa tráthnóna. Is cuma a cheapamar, agus sinn ag cur isteach ord ar bhuidéal eile, beidh sé ar siúil arís i gcionn uair. Ach OMG d’imigh an uair sin chomh tapaigh go raibh orainn rith amach sa deireadh. Ar aghaidh linn chuig an amharclann atá gar do Union Square, turas 10 nóiméad ag siúil ach nuair a bhíonn brú ort glacann sé is bhfad níos faide ná sin…. ana aisteach! Ach bhíomar in am ní raibh ach na fógraí uile fós ar siúil nuair a thiteamar isteach inár suíocháin.

Bhuel, bhí an scannán ana ghreannmhar in amanna ach déarfainn go mbeadh ort a bheith mór le na carachtair cheana féin ón sraith teilifíse….. gan an cúlra sin a bheith agat bheadh sé amaideach go leor. Bhí cuma níos sine ar na haisteoirí go léir (in ainneoin an botox srl) agus an téama céanna, Cinderella ag iarraidh teacht ar a prionsa, ach ní raibh díomá orainn faoi sin, bíonn an téama sin sna chickflix de gnáth…is maith liom na príomh carachtair ach amháin Miranda, agus ní maith liom an t-aisteoir seo (Cynthia Nixon) ach oiread, fiú aon uair a fheicim mé í sa sraith ní maith liom í ná a geáitsí …nó an tslí ina labhraínn sí nuair a bhíonn sí ag ithe? Forc nó scian san aer agus a béal lán… Ugh. …Cuireann stuif mar sin déistin orm.
Agus sinn ag siúil i dtreo Union Square ar shráid 11 tar éis an scannáin chonaiceamar go raibh ruaille buaile os comhair Webster Hall…”Cad atá ar siúil anso anocht? “ a d’iarr duine againn ar cheann des na bouncers, “Are we missing something?” “Ah… teir abhaile a mhná uaisle, ní oirfeadh sé seo libhse” a dúirt sé go deas cairdiúil cé go rabhamar taobh istigh an bharacáid in ionad taobh amuigh ….. “Tá an iomarca éadaí oraibh” a scread duine óg éigin sa dream a bhí bailithe ansin (cheapas féin go raibh cuma breá gnéasúil orainn go léir….) Rith sé liom ar an bpointe go raibh dj Tiesto ann an deireadh seachtaine seo. Beidh Eoghan ag dul ann anocht lena chairde. Tá sé ag súil go mór leis an eachtra le cúpla mí anuas. Ceol techno amach is amach.

Ní raibh seans againn Post Mortem ceart a bheith againn go fóill mar bhí orm rith chun traein a fháil beagnach díreach ansin. Níl rud ar bith le déanamh ach teacht le cheile arís ……..b’fhéidir in Otto arís?

Is aoibhinn liom an samhradh.

”This is the life” mar a deireadh m’athair blianta ó shin agus é ina suí i gcathaoir ina chúl gairdín na cathrach, faoi solas na gréine, deoch fhionnuar ina lámh aige agus sinn uile ina mhórthimpeall; mo dheirfiúracha, mo dhearthár, mise, agus ár bpáistí uile ar chuairt air sa samhradh. Ba mhaith leis comhluadar a chlainne ach ag an am céanna bheadh sé sásta go leor tráthnóna breá samhraigh a chaitheamh ina shuí sa conservatory le mo mháthair, eisean ag léamh páipéar nó irisleabhar ghailf nó ag gearán faoi polaiteoirí an lae agus í ag léamh a h-úrscéal….
Inniu bhraitheas an rud céanna. Ghlacas lá saor, ní raibh mórán le déanamh agam…. seachas rith go dtí an banc (airgead a chur isteach! hurray), go dtí oifig an phoist, go dtí an clothing drop (torthaí glanadh amach na deireadh seachtaine seo chaite a chur ar aghaidh.) Ansin thar n-ais liom go dtí mo shuíochán sa chúl gairdín, teas na gréine ag spalpadh anuas orm, na h-éin ag canadh, gloine fíona deas agus …na páipéir. An NY Times agus an Irish Times (Dé Sathairn seo chaite)
Ar Neamh!....Agus chomh simplí sin teacht uirthi!

Monday, June 23, 2008

Trén bhFearann Breac

Chuireas píosa den dán seo thuas cheana.

Trén bhFearann Breac le Colm Breathnach
I

Ní labhraíonn sí a thuilleadh liom, an áit seo,
Is níl aon bhuanaíocht ag mo theanga níos mó inti.

Níor chuaigh mo phréamhacha síos ach fad áirithe
is táid ag dreo anois cheal taca uaithi.

Caitheadh salann ar an scraith uachtair
is treabhadh síos é go dtí an t-íochtar.

Ní féidir léi tál a thuilleadh ar a muirín
ar mo thalamh féin is fás coimhthíoch mé.


II

Ar an mbóthar idir dhá chathair
go bhfuil dhá ainm ar gach ceann acu
léim na focail ar na comharthaí.

Táim ag taisteal trén bhfearann breac
is tá dhá ainm ar gach baile ann

Claonadh – Clane
Cill Dara – Kildare
Baile Dháith – Littleton
Cúil an tSúdaire – Portarlington

an t-ainm dúchais
sa chló iodálach
claoninsint ar stair na háite,
an t-ainm dúchais
sa chló is lú
faoninsint ag dul ó chlos . . .


III

Ag taisteal dom trén bhfearann breac
téim ón dubh go dtí an geal
ag gluaiseacht ar m’aistear claon
is fiar é an bealach a théim.
Is mé an ridire a ghabhann an timpeall
d’fhonn teacht de ruathar aniar aduaidh
ach tá caisleáin ann nach n-ionsód
is cléirigh romham gur mór a mbród
mo ríon féin is baolach nach gcosnód,
táim teanntaithe ag ceithearnaigh sa ród.


IV

Idir dhá dhath
idir dhá fhocal
idir dhá ainm
idir dhá aigne
idir dhá áit
idir dhá theanga
a chaithim mo shaol
idir dhá shaol.

Comórtas

Tháinig an nóta seo isteach tamall ó shin ó Oifig na Gaeilge:

Comórtas Blagadoireachta!
Tá gach eolas le fáil ar www.antoireachtas.ie

Duais: €1000 Maoinithe ag Oifig na Gaeilge, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
Táille Iomaíochta: €15

Bígí ag scriobh!

Friday, June 20, 2008

Tús na Cumarsáide

Thugas faoi deara gur inniu an lá deireanach don Blag a cuireadh thuas tar éis na comhdhála. Rith na seachtainí ón deireadh seachtaine bhreá sin uaim.

Rud iontach a tháinig amach ón gComhdháil seo, dar liom, ná gur n-admhaítear go coitianta anois an méad a tá ar siúl timpeall na tíre seo le tamall fada anuas maidir leis an teanga.
Is í an difríocht is mó idir ár gcuid oibre anseo agus an ghluaiseacht in Éireann déarfainn ná gur obair deonach ar an iomlán atá i gceist anseo. Tagann na “himreoirí” ó na cumainn difriúla le cheile go minic cabhair a thabhairt le imeachtaí agus ranganna srl; déanann gach duine a dhícheall agus bíonn craic nach beag againn le cheile chomh maith. Ní bhíonn comórtas ann agus is neart faoi leith é sin. Is cúis alltachta domsa i gcónaí torthaí na hoibre seo a fheiscint.
Is féidir a bheith ag caint go deo ach d’éirigh leis an comhdháil seo cúpla ceist (simplí go leor dar liom!)a chur os ár gcomhair agus is léir go bhfuil dea-mhéin thaobh thiar na ceisteanna seo.

1) An bhfuil cabhair uainn uathu?
2) Má tá, cén saghas?
Conas gur féidir leo siúd cabhair a thabhairt dúinne spiorad an chomhoibrithe a cothú agus as sin suim sa teanga a mhéadú as lámha a cheile…... Ní neart go cur le cheile agus má bhíonn freagra dearfach le tabhairt ar uimhir a haon anseo, nach bhfuil dualgas orainn sa tír seo teacht aníos le freagra na ceiste a dó thuas? Le sonraí !………..Tá Glór na nGael agus a chomh bhádóirí ag fanacht linn, an bhfuilimid toilteanach an cheist a fhreagairt le cheile ?

Thursday, June 19, 2008

Pillow Talk

Dhúisíos ró luath ar maidin, roimh a cúig a chlog! Srannadh a bhí ag cur isteach orm. Srannadh Phúca! Nílim ag insint bréige, tá nós ag na cait teacht chugam uair éigin san oíche agus de gnáth ar maidin bíonn Púca ar mo chosa áit éigin. Inniu bhí sé thuas i m’aice, ina luí ar a dhroim, a cheann ar mo philiúr! a chosa uile san aer agus é ag srannadh i slí an-ghlórach. Bhí orm é a chur ar a sciatháin! Ach níor éirigh liom dul thar n-ais chuig tír na mbrionglóidí agus táim i mo shuí ó shin. ARRG..........

Saturday, June 14, 2008

Lisbon

Níl a fhios ag éinne go díreach an fáth gur theip an Lisbon Treaty. Dar le Stephen Collins (Irish Times) bhí an formhór in Éireann ró leisciúil staidéar a dhéanamh ar na sonraí uile agus gur chaith siad a vótaí in aghaidh na polaiteoirí uile, idir iad siúd in Éireann agus an dream i Brussels. Nach bhfuil sé soiléir gur ón Eoraip a tháinig an tíogar ceilteach ar dtús agus anois agus é imithe níl suim ag éinne é sin a admháil? An bhfuil an meon seo cúngaigeanta? Feicfimid amach anseo, ach ní dóigh liom gur rud maith é a bheith ag gearán gan fíor cúis? Tá súil agam nach mbeidh cinniúint na bó riabhaí os comhair na tíre.

Monday, June 09, 2008

Is Beannaithe é idir Mhná!

Seo triúr againn ón Freestaters (scéal anseo) le cheile i Portland le déanaí. Anois faraor ní bheidh an cúigear againn le cheile riamh arís ach beidh na scéalta againn go deo!

Wednesday, June 04, 2008

An t-Ainmnitheach is fearr.

Tá sé soiléir anois go mbeidh bua sa rás ag Barrack Obama. Is é an t-ainmnitheach is fearr dar liom. Bhíos lán sásta le Hilary Clinton ar feadh tamaill ach thar an tréimhse fada seo bhogas go Seanadóir Obama. Ní rabhas ró shásta léi agus a cur sios faoin turas go Bosnia. Chum sí an scéal faoi na sceimhlitheoirí ag lámhach ina treo agus ghoill sí go mór uirthi féinig le sin. Bhí díomá orm léi as sin amach agus nílim i m’aonar.

Ní maith liom an córas seo atá againn sa tír seo áfach, leanann sé ar aghaidh i bhfad ró fhada, agus is aisteach an tslí in roghnaítear na hiarrthóirí.

Thursday, May 29, 2008

Cara eile ag imeacht.

D’imigh ár gcara Seán Tierney ar shlí na fírinne aréir agus fágann sé croíthe troma ina dhiaidh mar ba chara breá é dúinn uile, go háirithe mise ón gcéad lá a bhuaileas leis.
Tá na sonraí uile ar www.daltai.com forums.

Wednesday, May 28, 2008

Lá na Gaeilge i Portland Oregon.

Beidh mé ag imeacht maidin amárach chuig Portland Oregon chuig an Lá na Gaeilge curtha le cheile ag Bob Burke agus Aislinn Adams i Marlyhurst College. Bhí lá iontach againn anuraidh agus táim ag súil go mór le mo chairde a fheiscint arís. Beidh ranganna ar sé leibhéal ann déarfainn agus ceardlanna cheoil agus rince. Is maith liom cathair Portland chomh maith, níl sé ró mhór ach bíonn buntáistí na cathrach ann. Bhí an aimsir fhliuch anuraidh ach tá aimsir bhreá geallta dúinn an deireadh seachtaine seo.

Bain sult as Loretta Lynn agus Jack White anseo! agus iad ag canadh Portland Oregon..is fiú fanacht go dtí deireadh, amhrán an deas..............
Hmm............... ba mhaith liom Gin Fizz díreach anois...............

Tuesday, May 27, 2008

Is leor sin faoin aimsir mar cad faoi seo……..

Bhí plean agam an aimsir álainn a luaigh mar bhí eagla orm an tseachtain seo chaite. Gach uair a bhíos ar an bhfón le duine in Éireann bhíodar ag caint faoin aimsir Mediterranean a bhí acu agus sinn anseo fós inár stocaí agus ár scairfeanna! Áthas orm go bhfuil an ghrian ag taitneamh orainn ó Dé Sathairn.

Is leor sin faoin aimsir mar cad faoi seo……..

” Is cúis mhór áthais do Ghlór na nGael gur ghlac formhór rannpháirtithe na comhdhála 'Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh' go bhfuil gá le scátheagras a bhunú a dhéanfaidh comhordnú ar obair na ngrúpaí Gaeilge sna Stáit Aontaithe Mheiriceá agus a dhéanfaidh ionadaíocht thar a gceann i réimse leathan oibre. “

Formhór rannpháirtithe? Níor luaigh éinne é seo más buan mo chuimhne? Luaigh an cainteoir deireannach Liam Guidry, Daltaí na Gaeilge gur chuala sé rud éigin faoi seo ...ach sin an méid a chuala mise? Chuala mé gach cainteoir........ar thit mé i mo chodladh......


Scriobh mé an píosa seo ar an 20ú lá
”Níl a fhios agam an raibh cuspóir áirithe i gceist ag an gcomhdháil seo….”

ach is dócha go raibh cuspóir ann i ngan fhios domsa? Agus déarfainn i ngan fhios do ana cuid eile a bhí ann chomh maith.

Feicfimid cad a tharlóidh amach anseo!!!

Tuesday, May 20, 2008

Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh

Bhí an Ghaeilge le cloisteáil i Nua Eabhrac agus i Washington an deireadh seachtaine seo. Cuireadh tús le na himeachtaí domsa le seoladh bogearraí nua, The Rosetta Stone for Irish, san Embassy i Washington oíche Déardaoin, bhí seisear againn ó Nua Eabhrac ann, ach níos mó faoi sin lá eile.

Tá sé níos suimiúla mo smaointí a chasadh chuig an chomhdháil thábhachtach Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh a bhí ar siúil thar an deireadh seachtaine seo thart san óstlann Affinia i gcathair Nua Eabhrach. Cuireadh Glór na nGael le cheile an chomhdháil seo agus osclaíodh oíche Aoine í le fáilte oifigiúil in oifigí na consalachta, Nua Eabhrac. Thug Breandán Ó Caollaí, leas-consal, agus Máire Ní Annracháin, Cathaoirleach Ghlór na nGael, fáilte is fiche roimh cách agus bhí an-choisir againn ann (..a lean ar aghaidh in O’Neills …)
Níl a fhios agam an raibh cuspóir áirithe i gceist ag an gcomhdháil seo ach is é an rud is tábhachtaí, dar liom, ná a aithint go bhfuilimid uile ag iarraidh obair a dhéanamh an teanga a bheith in úsáid níos mó mar ghnáth teanga an lae acu siúd le suim acu inti, pé tír (nó pé mór roinn!) ina tá siad lonnaithe. Is í an tseana íomhá ná an teanga gafa sa seomra ranga, nó le lucht na h ollscoileanna mar ábhar taighde nó foilsitheoireachta, nó sa Ghaeltacht taobh thiar teorann na bochtaineachta fadó, aicmí uile a bhí scoilte óna cheile. Tá athrú tagtha ar an íomhá seo gan dabht, buíochas le Dia, ach fós féin tá an bóthar ós ár gcomhair casta. Ní maireann teanga gan pobal. Fíric shimplí. Ní foláir dúinn mar sin pobail na Gaeilge a chothú le imeachtaí a mheallann daoine le cheile, ní chun an teanga a phlé, ach an teanga a úsáid fad is atá daoine ag baint taitneamh as an imeacht nó as an gcomhluadar, sé sin an cur chuige cairdis! Is í easpa comhthéacs an fhadhb a bhain, agus a bhaineann fós, leis an teanga…agus, má cothaítear comhthéacs trí imeachtaí a eagrú tiocfaidh na gaeilgeoirí, agus ní foláir fáilte roimh foghlaimeoirí a bheith páirteach agus iad a spreagadh leanúint lena gcuid staidéar.

Ní féidir teanga a úsáid gan í a fhoghlaim agus chualamar ag an gComhdháil ana chuid faoi cúrsaí tacaíochta atá ar fáil anois d’fhoghlaimeoirí agus do mhúinteoirí ar fud na cruinne ó fhoinsí éagsúla in Éirinn. Labhair ochtar linn ó eagraíochtaí agus gluaiseachtaí in Éirínn faoina bhforbairtí difriúla; Julian de Spáinn, Conradh na Gaeilge, BAC. Feargal Ó Cuilinn, Comhluadar; Orla Nic Suibhne, Seachtain na Gaeilge, Tomás Mac Gearailt, Bard na Gaeilge Teo, Déaglán Ó Briain, An Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, Breandán Mac Cormaic, Fondúireacht na Gaeilge Teo, Anna Ní Ghallachair, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, Liam Ó Cuinneagáin, Oideas Gael agus Pádraig Ó Ceithearnach, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Bá mhór an onóir dúinne go raibh suim acu go léir teacht agus a saothair difriúla a mhíniú agus bhí sé go breá dúinn teagmháil a dhéanamh leo agus tá súil agam gur bhaineadar taitneamh as bualadh linne chomh maith.

Chualamar chomh maith scéalta ó ár gcairde féin ón taobh seo den Aigéan Atlantach, faoi stair a gcumainn agus a bpleananna amach anseo. Ken Nilson, Ollscoil St Francis Xavier, Pádraig Ó Siadhail, St Mary’s University, Mike Newell, Conradh na Gaeilge, Boston, Aralt Mac Giolla Chainnigh, Cumann na Gaeltachta Ceanada, Séamas Ó Neachtáin, Cumann Carad na Gaeilge, Elaine Ní Bhraonáin, Irish Arts Centre, agus Liam Guidrey, Daltaí na Gaeilge.

Aithnítear go soiléir anois gur coincheap idirnáisiúnta í An Ghaeltacht agus nach mbaineann an coincheap seo níos mó le píosa talún taobh istigh teorann. An é sin an fáth go gcloistear tagairt do Global Gaeilge go minic le déanaí? Maireann an teanga leo siúd a labhraíonn í, leo a cuireann fuinneamh isteach í a choimeád slán, leo a scaipeann eolas fúithi, leo atá toilteanach ranganna agus imeachtaí a bhunú agus a thugann fáilte roimh foghlaimeoirí, leo a bhíonn ag iarraidh í a úsáid mar gnáth teanga in ionad ábhair cainte an t-am ar fad. Nach bhfuil aithne againn uile ar daoine nach stopann riamh ag caint faoin teanga i mBéarla! in ionad sa teanga..…agus caithfidh mé a rá go bhfuil aithne agam ar dream maith daoine eile a ritheann chun an dí na cainteoirí sin a sheachaint!

An mbeidh aon toradh dearfach le feiscint amach anseo ó chúrsaí na deireadh seachtaine seo? Déarfainn go mbeidh, mar tagann torthaí dearfacha i gcónaí ó teagmhálacha nuair a bhíonn an cuspóir céanna ann. Ní neart go cur le cheile.

Fiú i mo chas féin tharla go raibh mé ag caint sa bheár le cúpla cairde, Briain Ó Broin agus Una McGillicuddy, ní rabhamar le cheile le fada anuas de dheasca brú oibre ach do bhíodh an nós againn teacht le cheile i Manhattan go rialta le cúpla daoine eile le Gaeilge, i gcomhair cúpla deoch agus dinnéar. Faraor mar a luaigh bhíomar uile ró gnóthach teacht le cheile le tamall anuas …. Ach bhraithimid uainn ár mbaicle chomhrá bheag. Dheineamar cinneadh agus sinn sa bheár teacht le cheile i gcomhair picnic b’fhéidir sa Pháirc Lárnach anseo i Nua Eabhrac sa Samhradh agus sraith léitheoireachtaí drámaí a chur ar bun ansin. Cuirfimid cuirí chuig ár mic léinn agus ár gcairde go léir teacht. Feicfimid! Tá bailiúchán drámaí agam ón Comhairle Náisiúnta Drámaíochta, foilsithe faoi choimirce Conradh na Gaeilge fadó fadó (costas 1/= an cóip acu!) Tá roinnt drámaí ag Una agus ag Briain chomh maith. Nach mbeadh sé go deas na focail sin a chloisteáil i mbéil daoine in ionad a bheith ina gcodladh ar an seilf?
Aon rud eile amach anseo?...Plean agam dul go Portland, Oregon ag deireadh na míosa go dtí an Lá na Gaeilge i gColáiste Marylhurst, agus tá lá breá geallta, buí le Bob Burke agus Aislinn Adams… anuraidh bhí ceithre scór daoine páirteach… agus ar ais ar an gcósta seo beidh Lá na Gaeilge i gColáiste Elms i Chicopee Mass. ar an 7ú lá de mhí Meitheamh.
Bí linn!

Wednesday, May 14, 2008

Cén maitheas atá inti?

Seo an freagra a thug Bryan McMahon, an scríbhneoir ó Lios Tuathail Contae Chiarraí, don cheist: “When Ireland leaped for freedom she did so in great measure from the springboard of our own language. What good is it? What good is the dawn? Or the wonder of a daisy? What good is the Song of Songs? The Book of Kells? Or the souvenirs of women? Can faith be weighed or measured in ounces, decibels or amps? Are not the most precious things in life and the mainspring of men’s actions beyond definition in terms of intrinsic value?”
Ní gá níos mó a rá. Fuaireas an sliocht seo ó mo chara Nóirín Ní Chatháin.

Thursday, May 08, 2008

Cé a bheidh againn? Hillary nó Barack?

Tá cinneadh uainn!!!
Seo dhaoibh an banna cheoil Hardy Drew agus na Nancy Boys. Is cosuil go bhfuil cinneadh déanta acu le tamall anois.



Monday, May 05, 2008

Global Gaeilge


Beidh deireadh seachtaine na Gaeilge ar siúil in Esopus NY an tseachtain seo. Déarfainn go mbeadh timpeall 100 daoine ann, tá sé deacair coimeád suas le gach rud!!! Braithim go bhfuilim díreach teacht ar ais chugam féin tar éis na tréimhse i gCeanada seachtain ó shin.

Ansin an tseachtain seo chugainn beidh Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh ( nó Global Gaeilge, ainm i bhfad níos fusa) ar siúl in NYC 16 -18 Mí na Bealtaine. Ba í seo an chomhdháil is mó i NYC go dtí seo, maidir leis an teanga (Sílim ar aon nós).

Tá sé ráite go mbeidh 22 cainteoir ag teacht ó Éireann faoi choimirce Glór na nGael. Bhí cur síos i mBEO le déanaí.

Beidh na boic mhóra uile ag teacht!!! Gan trácht ar roinnt ban ríthábhachtacha!!!

(Tá súil agam nach mbeidh siad uile ar an eitilt céanna mar beimid i bponc má tharlaíonn aon tubaiste, bá chóir dóibh a bheith ar eitiltí difriúla ar eagla na heagla, cosúil le rí theaghlach na Breataine :) )

Déarfainn go mbeidh an-scléip againn uile le cheile…ag obair ar ndóigh. Tá cairde liom ag teacht go Cathair Nua Eabhrac ó
New Jersey, Pennsylvania, Connecticut, Massachusetts, Ceanada agus áiteanna eile déarfainn.

Saturday, May 03, 2008

Nuala Ó Faoileain

Tá a fhios againn le tamall gearr anois go bhfuil Nuala tinn. Éist anseo léi ag caint le Marion Finucane ar an 12ú Aibreáin. Duine faoi leith atá inti, is cuimhin liom í ar an teilifís fadó ag plé leabhar agus ag argóint faoi rudaí éagsúla, sin blianta ó shin. Léigh mé a chuid leabhar (a féin bheathaisnéise ina measc) agus cheapas ag an am go raibh sí chomh oscailte sin lena saol féin, lena saol pearsanta agus a mothúcháin uile….b’fhéidir ró oscailte? agus níor thuigeas é sin. Tá ana bhrón uirthi anois agus tháinig brón orm ag éisteach léi ach fós féin tagann a féith grinn trí a caint anois is arís. Is bean spioradálta í cé nach bhfuil creidimh aici. Tuigim é sin. Beidh sí ag fágáil slán linn go luath, dár léi, agus tá saghas éadóchais uirthi agus í fós chomh macánta lena mothúcháin féin agus a bhí sí riamh. Tháinig fonn orm agus mé ag éisteacht léi mo lámh a chur ar a lámh mar tá sé chomh deacair teacht ar na focail cearta nuair a bhíonn duine i gcruacás. ”There’s nothing much wrong with me except dying.” a deir sí.

Wednesday, April 30, 2008

Cantalach? Mise??

Bainim taitneamh as mo Irish Times gach seachtain. Tagann an t-eagrán ó Dé Satharn chugam gach Dé Máirt sa phost agus de gnáth bíonn seans agam é a leamh maidin Dé Chéadaoin le cupán caife.

Chonaic mé fógra le déanaí ón gcomhlacht Shomera in Éirinn. Ní dóigh liom go bhfuilim ag éirí níos cantalaí ach cuireann ainmneacha mar seo isteach orm. Tá siad chomh amaideach!
Shomera! Is é sin comhlacht in Éirinn a thógann seomraí breise nuair a bhíonn gá ag daoine spás níos mó a bheadh acu gan an t-airgead nó b‘fhéidir gan an dúil acu teach nua a fháil.
www.shomera.com Ach ar aon cuma níl i gceist acu ach béalghrá maidir leis an teanga, dar liom.
Ní fheadar cé acu a bhíonn níos measa. Béalghrá atá soiléir mar seo, nó béalghrá atá faoi cheilt, sé sin na daoine a ligeann go bhfuil suim acu sa teanga nuair nach bhfuil…… ach cad faoi seo www.seomra.com Tá an t-ainm ceart glactha acu agus píosa sa teanga ar an leathanach seo leis an gcuspóir (is dócha) daoine mar mise a choimeád sásta! agus ciúin… Tá shomera.ie agus seomra.ie acu chomh maith, ach is é Shomera an ceann a úsáidtear ar a bhfógraí srl. An gceapann siad go bhfuil an gnáthdhuine in Eirinn chomh dúr nach dtuigeadh siad an focal seomra? Agus go bhfuil SHOMERA níos fusa dóibh…………is truamhéalach an scéal é.
Seo ceann eile: Ishka, in ionad uisce, úsáideann Munster Soft Drinks an t ainm seo dá fíor uisce. Ní bhíonn ach an uisce seo in Aerfort na Sionna. Is dócha go mbeidh níos mo samplaí os mo chomhair nuair a bheidh mé in Éirinn i lár an tsamhraidh. ochón.

Muna bhfuil suim acu sa teanga tuige nach féidir leo í a fhágáil dóibh siúd le suim inti? In ionad an droch úsáid seo?

Cad is brí leis an bhfocal sin? Arís?…..

Monday, April 28, 2008

Crógacht ar Leith


Bainim taitneamh i gcónaí as an gclár Comhrá le Mairtin Tom Sheáinín … . Tá scil fé leith aige siúd scéalta daoine a tharraingt amach uatha gan stró nó strus a chur orthu ar chor ar bith.
Féach anso brú ar WEB TV agus ansin faoi (Cláir eile- Cartlann : Comhrá ar 25/4/08)

Ar an 25/4/08 craoladh agallamh idir Mairtin agus Pádraig O hAiniféin, fear óg as Baile an Fheirtéaraigh, Corca Dhuibhne, faoin lá i 2000 ar léim sé thar chlaí agus ar bhris sé a mhuineál nuair nach raibh sé ach 16 bliana d’aois. Bhí sé ag bailiú bláthanna dá mháthair ag an am san roimh dul ag imirt cispheil leis a chairde. Tá Pádraig anois in a fhear óg dathúil agus é i gcathaoir rothaí, gan mothú óna mhuineál síos. Labhraíonn sé le Máirtín faoina shaol anois agus an tslí ar bhain sé ceart den athrú saoil. Bhí sé deacair dom taitneamh a bhaint as an gclár seo toisc an méid bhróin a bhraithim don fhear óg seo.

(Bím ag smaoineamh ar mo mhac féinig agus é i mbarr a shláinte ar 16 bliana d’aois faoi láthair agus é ag baint súp nach beag as an saol, táim scriosta fiú ag smaoineamh ar anachain chomh dona seo)

Tagann meon dearfach an fhir óig seo Pádraig chugainn go soiléir sa chlár. Bíonn sé áthasach as na mion rudaí a thugann píosa neamhspleáchais dó, cé go bhfuil bean cúraim uaidh an t-am ar fad idir oíche is lá. Deir sé go mbíonn daoine ann i gcruacháis i bhfad níos deacra tar éis timpistí ná é féin.

Ceacht dúinn uile in a fhocail.

Nach mbeadh sé i bhfad níos fearr breis airgid a chur isteach taighde níos mó a dhéanamh ar conas gortaithe mar seo a réitigh ná é a chaitheamh 1) ar cogaí a fhágann tuilleadh fir agus mná óga, gan trácht ar páistí, gortaithe ar fud an domhan? nó 2) ar conas sinn a choimeád óg le cabhair máinliachta nó ceimic

Tá rud éigin cearr leis an cine daonna

Wednesday, April 23, 2008

Meascán

Bhí alt suimiúil anseo san Economist le déanaí faoi Marie Smith, cainteoir na teanga Eyak in Alaska. Is scáthán an chultúir í teanga agus nuair a bhí brú ar chultúr Marie thosnaigh an teanga seo ag laghdú. Anois tá an cultúr sin beagnach imithe chomh maith déarfainn. Ní scéal nua dúinn. Nuair nach bhfuil comhthéacs ann teanga a usáid imíonn sí; bíonn uirthi ról an scátháin a ghlacadh, agus le na hathraithe chultúir a thagann le imeacht ama athraíonn an íomhá sin chomh maith, muna athraíonn nach bhfuil sé soiléir go bhfuil scoilt sa chultúr? Agus as sin go bhfuil cultúr nua i réim.

D’fhág Dave ó Chorcaigh teachtaireacht ar an mblog le déanaí maidir le leabhar Diarmuid Feiritéar Judging Dev. Seo í:

Muna bhfuil fhios ag daoine, is féidir leo éisteach le Judging Dev freisin. Tá an sraith go léir le fáil mar podchraoladh ón nasc seo.

Monday, April 14, 2008

Solas an Earraigh

Tagann athrú ar an solas ag an am seo den bhliain agus éirim corrthónach, feicim go bhfuil alan le déanamh sa teach agus taobh amuigh sa ghairdín agus bím mí fhoighneach liom féin tús a chur ar gach rud ag an am céanna. Chaitheas an deireadh seachtaine seo ag obair lasmuigh agus tá cuma i bhfad níos fearr ar an ngairdín cheana féin, agus inné le luí na gréine, dúirt mé liom féin go bhfuil orm cúpla seomra sa teach a phéinteáil, feicim mhéarloirg gach áit, ansin na fuinneoga a ghlanadh, troscán a bhogadh timpeall srl. Glantacháin an earraigh is dócha atá ag chur an diabhal meon seo orm, ach tá fuinneamh ar leith ionam na rudaí uile seo a dhéanamh. B fhéidir go bhfuilim cosúil le éan ag an am seo den bhliain, gnóthach sula dtagann an aimsir te! mar chaithfidh mé a admháil nach mbíonn mórán fuinnimh agamsa i lár an tsamhraidh ach mohito a ól, leabhair a léamh agus néalta codlata a ghlacadh faoi scáth na gréine. Saol an mhadaidh bhán!
Maidir le leabhair, rinne mé dearmad leabhair atá leite agam a luaigh anseo le déanaí, bhuel chríochnaigh mé The Day of The Locust le Nathaniel West cúpla lá ó shin. Is cur sios atá ann faoi na gnáth daoine sa chúlra fad is a bhí Hollywood ag fás, ach scéal an iarthair go hiomlán atá ann i ndáiríre, agus an tslí in a bhíonn daoine ag iarraidh teacht ar clú agus cáil in aon slí, gan smaoineamh ar an gcostas, nó fiú teacht ar sort chlú trí teagmháil le daoine mór le rá.


Saturday, April 05, 2008

Seoladh Súil Siar leis an Aire Éamon Ó Cuív i Glucksmans Ireland House, New York University.



Liam Guidrey agus Ethel Brogan ó Daltaí na Gaeilge leis an Aire Éamon Ó Cuív.

Éamon Ó Cuív ag caint le Delia, baintreach Bharra Úi Dhonnabháin

Eibhlín Zurell, Éamon Ó Cuív agus mé féin tar éis seolta Súil Siar


Ní raibh seans agam cuairt a thabhairt ar an mblog seo an tseachtain seo chaite chomh gnóthach agus a bhíos......... Ar dtús, bhí an Lá na Gaeilge ar an 29ú curtha le cheile ag An Scoil Chois Claí i gcoláiste Í ar fheabhas. Bhain gach duine an taitneamh as na ranganna, na leachtaí agus an craic go hiomlán agus táim ana bhuíoch de na léachtóirí, na múinteoirí uile agus ar ndóigh na cuairteoirí go léir.

Díreach agus a bhí an lá mór thart bhí orm, in éineacht le Eibhlin Zurell, díriú ar an 3ú Lá de mhí Aibreáin agus seoladh leabhair Bharra Uí Dhonnabháin, Súil Siar. Bailiúchán Aistí dá chuid, le aistriúcháin, atá ann. Fuaireamar cuireadh ó Dr. Joe Lee, stiúrthóir Glucksman Áras na hÉireann, NYU, an seoladh a bheith againn ansin díreach tar éis léachta an Aire Ui Cuív ag an gcomóradh i ndílchuimhne ar Bharra a bhíonn ar siúl in Áras na hÉireann gach bhliain.

Ba mhór an onóir dúinn agus d'fhoilsitheoir an leabhair, Daltaí na Gaeilge, an cuireadh seo a fháil.
Thug an t-Aire Éamon Ó Cuív léacht suimiúil faoin teideal “Todhchaí na Gaeilge san Aonú Aois is Fiche” Ansin labhair Eibhlin agus mise, mar eagarthóirí an leabhar, agus ansin bhí cúpla focal an deas ó Liam Guidry, Daltaí na Gaeilge. Thug Ethel Brogan Uachtarán Daltaí na Gaeilge an chéad cóip den leabhar, Súil Siar, don Aire.

Caithfidh mé a rá go raibh an t-Aire, agus a bhean cheile Áine, go h-an deas cairdiúil agus toilteanach caint le gach éinne. Bhí seans agam labhairt leis ag an dinnéar tar éis na h-ócáide faoi saol an pholaiteora agus alán ábhar eile, gan trácht ar an méad atá déanta ag a oifig, An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, ar son na Gaeilge. Duine an-suimiúil agus dearfach atá ann.

Chaith mé féin agus Eibhlin Zurell beagnach trí bhliain ag obair ar an leabhar seo, creid nó ná creid. Ghlacann jab mar seo ana chuid ama, i gcónaí níos mó ná a cheapfá! Ach b’fhiú é, dar linn, tá sé deacair dom a mhíniú i gceart an meas a bhí againn ar Bharra agus tá áthas an domhain orainn gur tháinig Daltaí na Gaeilge chugainn le suim an leabhair a fhoilsiú. Is é cuspóir an leabhar ná aitheantas a thabhairt ar ár gcara uasal, ní hamháin as a chuid scríbhneoireachta ach as an gcabhair a thug sé do gach duine le fíor suim sa Ghaeilge iontu. Tá na scéalta uile an-spéisiúil agus tagann spiorad an údar chuig an léitheoir tríothu chomh maith.
Is féidir teacht ar cóip ar an suíomh seo: siopa Daltaí na Gaeilge agus amach anseo ag deireadh seachtainí na Gaeilge agus Amazon.

Fuair Eibhín agus mise cuirí an leabhar a sheoladh i gCeanada ag an Deireadh Seachtaine na Gaeilge i Kingston Ontario ag deireadh na míosa seo, agus i Portland Oregon ag an Lá na Gaeilge ansin ag tús Meitheamh.