Friday, October 03, 2008

An Bhaicle Chomhrá

Saolaíodh baicle beag timpeall ocht mbliana ó shin i mbruachbhaile NY, ag an am san thiocfadh ceathrar againn le cheile gach oíche Dé Céadaoin i gcomhair cupán tae nó gloine fíona, léifimis An Teanga Bheo ón Irish Times ach tar éis tamaill gearr leanfaimis ag Gaeilgeoireacht le cheile. Club 37 a bhí orainn ag an am san! Ansin le imeacht beirt go áiteanna eile lean an bheirt againn a bhí fágtha ag bualadh go rialta le cairde eile i NYC agus bronnadh Barra Ó Donnabháin an t-ainm An Bhaicle Chomhrá orainn! Bhí an cuspóir céanna againn, gnáth oíche shóisialta a bheith againn trí mheán na Gaeilge. Níor oir sé linn teacht le cheile sa chathair ach uair sa mhí, nó fiú gach sé seachtaine agus ar ndóigh theip orainn i gcónaí thar an Samhradh ach tá an bhaicle seo fós ag tarraingt anála. Chuaigh duine amháin ón gcéad dream thar n-ais go Éireann, chailleamar duine eile de dheasca imeacht suime, d’imigh beirt ar slí na firinne brón orm a rá, ach tagann fuil úr isteach anois is arís agus ar aghaidh linn.
Tháinig naonúr againn le cheile oíche aréir tar éis sosa an tsamhraidh agus ba bhreá
an tréimhse a bhí againn. Tá an-suim ag an dream seo i bhfocail agus teangacha go ginearálta go mór mhór sa teanga Gaeilge, agus is annamh a chloistear focal i dteanga ar bith eile ach an Ghaeilge nuair a bhíonn sinn (nó cuid againn) bailithe le cheile, ach amháin b’fhéidir nuair a bhíonn cleas cainte ar siúil. Mar shampla ceann amháin a chualamar aréir ná Cad a tugtar ar Viagra i gCathair Chorcaí? An Pfyzer Riser…..Rud eile a tháinig aníos ná go bhfaca duine a bhí i láthair liosta droch torthaí (side effects) ar thaobh buidéal leighis le déanaí, agus creid nó ná creid bhí ceann amháin acu Absence of Pulse. Táim fós ag gáire faoin gceann sin…….. Tá féith grinn ag gach duine sa dream seo agus iad uile deisbhéalach mar sin is minic a bhímid inár dtrithí agus sinn le cheile.

Ar aon cuma oíche aréir in ionad teacht le cheile i bpub agus a bheith ag screadaíl thar fuaimeanna na nglórtha eile an oíche iomlán, rinneamar iarracht blas úr a chur ar ár n-imeacht le cruinniú i seomra deas compordach, an seomra coitinn, i Tigh na hÉireann, thíos bhaile i NYC. Nílim a rá nach bhfuilimid claon chun am a chaitheamh sa phub, mar níl se sin fíor ar chor ar bith agus ar ndó sin a tharla ag deireadh na h-oíche aréir, (agus a tharlaíonn gach uair ) ach do bhí cuspóir eile againn an tréimhse seo chomh maith. Bhí sé ar intinn againn tamall a chaitheamh ag ceiliúradh scríbhneoirí na Gaeilge agus cad é an tslí is fearr é sin a dhéanamh ach ag cur beocht arís ina bhfocail in ionad iad a fhágáil tréigthe ar leathanaigh, i leabhair, ar ár seilfeanna uilig. Mar sin oíche aréir bhí léitheoireachtaí ón dtuaisceart agus ón deisceart, gearr scéalta, filíocht ón 18ú 19ú agus ón 20ú aoiseanna agus do bhí léitheoireacht dhráma Lasair Choille le Caitlin Maud agus Micheal Hartnett againn chomh maith, Oíche bhreá agus comhluadar iontach!

1 comment:

aonghus said...

An seift atá againne i mBÁC ná bualadh le chéile i gcaifé ar dtúis. Téann sciar againn ar aghaidh go dtí teach tabhairne ina dhiadh sin