Saturday, December 23, 2006

Tuesday, December 19, 2006

Club Leabhar

Tháinig mo chlub leabhar le chéile cúpla lá ó shin, teacht le cheile na Nollag a bhí ann i mbialann deas frainchise, gan leabhar! Aisteach mar is í cúis ár gcairdeas ná leabhair….Tá an club beo beagnach dhá bhliain déag agus tagaimid le cheile gach sé seachtaine nó mar sin leabhar a phlé. Tá triúr ón gcéad ceathrar fós páirteach agus beirt eile linn le breis agus sé bhliain. Anois agus duine des na bunaitheoirí taréis bogadh go N. Carolina cúpla mí ó shin agus cuigear fághta sa chlub seo, táimid ag iarraidh teacht ar bhall nó dhó eile.
Ach níl sé simplí!
Tá uainn duine le suim i léitheoireacht de gach saghas!
Cheapfá go mbeadh sé seo sofheicthe ach bhí duine páirteach tá cúpla bliain ó shin gan fíor suim aici i léitheoireacht, dar liom. Muna raibh suim aici sa leabhar a bhí roghnaithe againn níor léigh sí é ar chor ar bith agus chuir sé sin isteach ar gach duine eile. (Ní raibh suim aici i rud ar bith taobh amuigh de feimineachas… bhuel bíonn suim againn uile san ábhar sin ach nach bhfuil roinnt mhaith ábhair suimiúla eile sa domhan?)
Le sin bíonn ar gach ball a tuairimí a mhíniú agus a bheith páirteach sa phlé. Bhí bean an deas páirteach ar feadh bliain go leith nó mar sin, ach drogall uirthi aon rud a phlé…ní fheadar an raibh tuairim aici nó nach raibh mar do bhíodh eagla uirthi cur isteach ar éinne, nó a bheith páirteach i gceart sa chomhrá. Aontódh sise le daoine eile i gcónaí…..

Bíonn suim i mbia maith agus fíon tábhachtach. Ní gá níos mo a rá faoi sin.
Féith grinn.
Dearcadh neamhspleách leathan…………agus araile!

Wednesday, December 13, 2006

Is olc an ghaoth nach séideann maith do chat éigin.

Is é an aclaíocht is fearr do mo lámh le déanaí ná a bheith ag cuimilt an chait, bíonn sé bog agus goradh agus coimeádann sé mo lámh ón bhfuacht a bhíonn ag teacht isteach inti ó easpa na gluaiseachta.
Bíonn Púca lán sásta a bheith ina ghléas aclaíochta.

Nil sé pianmhar sa chaol lámh níos mo, nimhneach fós san uilleann agus lastuas di áfach.
Cuig lá fágtha ar na piollaí!

Tuesday, December 12, 2006

Pidgin

Bím ag iarraidh béarlachas a sheachaint ach tagann sé isteach i ngan fhios dom, bím ag faire áfach… Ní thuigim an té a ligean go bhfuil ard chaighdeán na teanga aige/aici agus botúin agus béarlachas breactha inti, idir a t(h)eanga labhartha agus a t(h)eanga scríofa.

Bíonn ceann idir dhá fíor.
1) Níl ard chaighdeán na Gaeilge aige/aici, nó
2) Is cuma leis/léi………(B’fhéidir nach bhfuil ard chaighdeán aige/ aici in aon teanga?)


Tuigim an fáth go bhfuil mo dhuine a scríobh an litir thíos anseo bréan de………ag an am céanna deirtear go bhfuil an teanga ag na daoine óga mar sin? Saghas Pidgin! Nó Patois mar a dúirt sé.

Fuaireas ephoist ó cara agam, chuala sí an leagan cainte deas seo ar an raidió lá “ Ní féidir leat candle a holdáil do”

Go bhfóire Dia orainn.

Thursday, December 07, 2006

TG4

Ní féidir liom an mearchlár a usáid ach le mo lámh chlé. Cheap mé go mbeadh suim agaibh sa litir seo, tháinig mé ar sa nuachtán ón deireadh seachtaine. TheIrish Times Dé Satharn. HilMhicS.

A chara, - Tá deich mbliana de chraoladh TG4 á cheiliúradh anois againn. Más fíor do dhuine de láithreoirí an stáisiúin, "tá an pingin tar éis titim" gur mór an dúshlán atá amach roimh fhoireann an stáisiúin. Nuair a chloistear a leithéid de Bhéarlachas uafásach ó chainteoir dúchais ar láithreoir teilifíse é, ní bhíonn aon amhras ann ach go bhfuil an teanga á lot agus á scriosadh lá i ndiaidh lae.

Is cinnte gur cheart botúin foghlaimeoirí a mhaitheamh óir níor tógadh leis an teanga iad agus cuid den phróiseas foghlamtha is ea déanamh botún. Níl mo chuid Gaeilge féin gan locht ná baol air ach leanaim orm ar thóir an foirfeachta in ainneoin an méid sin.

Maidir le cainteoirí dúchas agus foghlaimeoirí foirfe, áfach, tá dualgas orthu chloí le comhréir stairiúil ghramadaí na teanga agus fanacht chomh dílis di agus is féidir - go mór mór iad siúd a bhíonn le cloisteáil ar an teilifís agus an raidió.

Cinnte, bíonn difríochtaí idir an scríobh agus an chaint bheo ó am go chéile ach, tríd is tríd, ní mór tús áite a thabhairt do dhul an dúchais agus don chruinneas taobh istigh de pharaiméadair canúna, mar atá déanta go hiontach ag foireann Raidió na Gaeltachta le tríocha bliain anuas. An bhfuil sé seo á dhéanamh ag foireann TG4?

In ainneoin a bhfuil ráite ag duine nó beirt de na haisteoirí is sine de chuid Ros na Rún agus iad ag ceiliúradh deich mbliana ar an aer le déanaí, táthar ag géilleadh don patois nua seo ar an gclár sin gan staonadh gan stad. Níl sé ach cúpla bliain ó shin ó cuireadh i leith an charachtair Mack go raibh sé "ag tógáil advantage de chailín". Idir an dá linn, is cosúil go bhfuil sé "suas dúinn féin an chraic a dhéanamh".

Ar deireadh, más fíor don chlár deireanach, tá rud éigin "ag dul ar aghaidh" idir an carachtar Bernie agus an sagart paróiste. Ós rud é nach bhfuil cead ag sagairt pósadh go fóill, is dócha gurb shin "an chaoi atá cúrsaí". "Cén chaoi a bhfuil tú" a deirtear sa chaint bheo ó tháinig an teanga ar an saol. Níor chuala mé "cén chaoi atá tú" ag aon duine beo riamh.

Is cinnte liom nár chaith Niall Ó Dónaill agus Tomás de Bhaldraithe an oiread sin dúthrachta agus dua lena gcuid taighde agus bailiúchán ar dhúchas an teanga díreach le go bhféadfadh dream beag réabhlóidithe "nua-aimseartha" droim láimhe a thabhairt leis an dúchas céanna.

An ndóigh, tá an t-ádh orainn go bhfuil leithéidí Pimp My Ride agus Nip/Tuck tagtha ar an bhfód ó shin i leith chun cabhrú linn feabhas a chur ar ár gcuid Gaeilge. Súil eile? Go minic, is í tsúil cheannann chéanna í. - Is mise,

CAOIMHÍN Ó HICÍ, Baile na nGabhar, Baile Átha Cliath 14.

Monday, December 04, 2006