Tuesday, October 11, 2011

Asarlaí x 2 = Draíocht

Cloistear tuairimí difriúla maidir le hamhránaíocht ar an sean-nós, ní bhaineann cách sult as, sin mar atá. Ceaptar go minic go bhfuil an meán seo ró seanfhaiseanta amach is amach, agus nach n-oireann a stíl don lá atá inniu ann - má thuigimid an lá atá inniu ann ar chor ar bith. Chomh maith le sin táimid oilte i gceol an Iarthair ó na lár aoiseanna agus i gcás amhránaíocht ar an sean-nós cloistear nósanna aisteacha inti ar uairibh a bhfuil baint acu le réim eile, réim i bhfad níos sine fós ná na lár aoiseanna. Is iad seana rithimí an Oirthir atá le cloisint inti agus ní ró mhinic a bhíonn daoine compordach leo. Is fíor a rá go bhfuaim eachtrannach go leor í do chuid mhaith daoine gan acu baint ar bith le sean chultúir na tuaithe in Éirinn, agus ní ceart é a bheith ró criticiúil ach an oiread. Cá áit a fhaigheann páistí óga, go háirithe iad ag fás aníos sna cathracha, aon seans teacht ar amhránaíocht ar an sean nós muna bhfuil suim ag a dtuismitheoirí inti?... Ach má thagtar chuici i gclos-timpeallacht dearfach bheadh seans meon éigin a chothú iontu.

Taobh istigh an teideal amhránaíocht ar an sean-nós bíonn stíleanna difriúla le chloisint. Chuala mé ó amhránaí iontach as Tír Chonaill lá, Máire Ní Cholm, nach bhfuil san amhránaí ar an sean nós féin ach saghas soitheach chun na hamhráin a thabhairt uatha atá imithe uainn, ó na laethanta atá i bhfad thart, go glúine eile agus go bhfuil sé tábhachtach nach nochtfadh na hamhránaithe a mothúcháin phearsanta riamh. Tuigim é sin ar shlí, agus míníonn sé cén fáth nach bhfeictear lámha an amhránaí ar an sean-nós ag bogadh timpill, nó mothúcháin ar a aghaidheanna mar a fheictear i gcás an amhránaí comhaimseartha, nó amhránaí cheoldrámaíochta. Ní aisteoirí iad.

Ach ní dóigh liom go gciallaíonn sé sin nach bhfuil mothúcháin an amhránaí féin tábhachtach ar chor ar bith.  Sílim go bhfuil an mhalairt fíor, tagann mothúcháin chuig an lucht éisteachta trí fhocail an amhráin agus an tslí in a gcoimeádann an t-amhránaí smacht ar a ghuth agus smacht ar an amhrán ag an am céanna. Abair mar shampla saothar Iarla Ó Lionaird, déarfainn go bhfuil teagmháil dhomhain aige le  hábhair na n-amhrán go léir a chanann sé, agus is minic nuair a bhím ag éisteacht leis ní hamháin go gcloisim na focail ach braithim na focail, nó braithim na mothúcháin atá taobh thiar na focail. Ní fheadar an iad mothúcháin Uí Lionaird féin iad nó mothúcháin an chumadóra ag teacht tríd?

  D'fhreastailíos ar cheolchoirm Úi Lionaird oíche Shathairn seo chaite anseo i NYC san Irish Arts Center. Bhí sé go hiontach ar fad agus sílim go bhfuil eisean duine de na hamhránaithe is fearr a oibríonn san aicme seo. Bhí an sár phíobaire Ivan Goff in éineacht leis agus ba léir gurb asarlaithe an bheirt acu. Comhoibriú a bhí ar bun acu, Masters in Collaboration an t-ainm atá ar an sraith seo a bhunaigh Mick Moloney ceithre bliana nó mar sin ó shin.  Bhí an amharclann lán go doras agus cuma ar chách gur bhaineadar sult as an gceolchoirm. Ní fheadar an raibh Gaeilge ag mórán acu áfach, níor chuala mé í agus ní mé an ndearna sé aon difríocht, cad a gceapfá? Bhaineas féin sult as gach amhrán, ach níos mó suilt as iad atá ar eolas agam sílim agus mé ag canadh go ciúin leis (- ag cur isteach ar mo chomharsa is dócha.) Ach an fhadhb mhór í nuair nach dtuigeann na héisteoirí an teanga ar chor ar bith, an féidir leo sult a bhaint as na hamhráin? Tá súil agam - ach ni fheadar.

Saturday, October 01, 2011

Droch Leigheas.

Bhí bean, timpeall fiche bliana d'aois, taobh thiar dom ar an traein inné. Ní raibh sí suite ach nóiméad ansin nuair a chuala mé a glór géar mar scian trí mo néal codlata. Bhí sí ar an bhfón, agus laistigh leath uair a chloig ghlaoch sí ar timpeall dosaen dá cairde ag insint an scéil seo dóibh - ar dtús go raibh sí ar an traein agus tórramh seanchara ó mheán scoil a ceann scríbe. Mhúscail mo chluasa píosa, tórramh duine chomh óg san? Faraoir, ba chosúil nach raibh an fear óg seo ró shláintiúil riamh ina shaol gearr, croí lag ón dtús báire agus bhí air dul faoi scian cúpla uair fad is a bhí sé ar scoil. Thosnaigh a chroí ag teipeadh sé mhí ó shin agus bhí an fear bocht i dtámhnéal le sé mhí anuas ó bhuail stróc air. Ní raibh mórán bróin i guth mo dhuine agus dúirt sí go raibh bás an fhir óg seo saghas faoisimh dó agus dá chlann.
Bhíos féin ag éirí ana-bhrónach ag smaoineamh air agus ar a mhuintir agus ar an saol gan seans a bhí aige - Chríochnaigh sí an scéal leis an abairt céanna gach uair: "Chuir Ammonia ar shí na fírinne é sa deireadh"

Mo léan, caoineadh agus gáire ag an am céanna.