Bhí bean, timpeall fiche bliana d'aois, taobh thiar dom ar an traein inné. Ní raibh sí suite ach nóiméad ansin nuair a chuala mé a glór géar mar scian trí mo néal codlata. Bhí sí ar an bhfón, agus laistigh leath uair a chloig ghlaoch sí ar timpeall dosaen dá cairde ag insint an scéil seo dóibh - ar dtús go raibh sí ar an traein agus tórramh seanchara ó mheán scoil a ceann scríbe. Mhúscail mo chluasa píosa, tórramh duine chomh óg san? Faraoir, ba chosúil nach raibh an fear óg seo ró shláintiúil riamh ina shaol gearr, croí lag ón dtús báire agus bhí air dul faoi scian cúpla uair fad is a bhí sé ar scoil. Thosnaigh a chroí ag teipeadh sé mhí ó shin agus bhí an fear bocht i dtámhnéal le sé mhí anuas ó bhuail stróc air. Ní raibh mórán bróin i guth mo dhuine agus dúirt sí go raibh bás an fhir óg seo saghas faoisimh dó agus dá chlann.
Bhíos féin ag éirí ana-bhrónach ag smaoineamh air agus ar a mhuintir agus ar an saol gan seans a bhí aige - Chríochnaigh sí an scéal leis an abairt céanna gach uair: "Chuir Ammonia ar shí na fírinne é sa deireadh"
Mo léan, caoineadh agus gáire ag an am céanna.
3 comments:
Murach gur scéal brónach atá ann, bheinn ag rá 'no pneus is good pneus...'
Arrrg a Áine, tá tú ag éiri níos measa!!
Ádh mór a chroi......
..:-)
Post a Comment