Thursday, September 24, 2009

Éist le Seo, Greann na nGiúdach


Fuair mé an leabhar seo Éist le Seo, Greann na nGiúdach le Gabriel Rosenstock (foilsithe ag Coiscéim) le déanaí agus is comhluadar breá é ar an traein nó ar bhus nó ait ar bith!
Trí Cheist
Chuaigh an fear seo isteach in oifig dlíodóra. D’fhiafraigh sé den dlíodóir cén costas a bhainfeadh le trí cheist.

“ €150” arsa an dlíodóir
”Ábhairín daoir, nach bhfuil?”
”Tá. Agus an tríú ceist?”

Tuesday, September 08, 2009

Aingil na Faire


Is ansa liom an píosa ealaíne seo. Rinne Fra Angelico timpeall 1430 é. Bhíodh cóip de sa sean tigh againn. Fuair mo thuismitheoirí mar bhronntanas bainise é, agus crochadh ar fallaí difriúla é le linn m'óige. Tá an pictiúr fós ag mo mháthair ina háit chónaithe cé nach bhfuil mórán spáis sna seomraí beaga atá aici anois. Choimeád sí an ceann seo maraon le grianghraif agus cuid bheag dá troscáin.
Aingeal Teachtaireachta a bhí san Aingeal Gabriel an lá sin, is dócha go ndéanfadh teachtaireacht téacs an beart an lá atá inniu ann…. nó an mbíonn aingil inár dtimpeall i mbréagriocht? Cinnte faoi láthair baineann an focal Aingeal le cailíní óga, sciatháin orthu i ndrámaí na Nollag nó bhalcaisí Oíche Shamhna. Nó baineann an focal le mná gnéisiúla i mbolscaireachtaí Victoria’s Secret. Ní bhaineann an focal níos mo le teachtaireachtaí fireanna! Cloistear anois is arís é mar ainm na bhfear i gcultúr na Spáinne.
Cad faoi Aingil na Faire? Nuair a bhí ceann agamsa agus mé óg (bhíos cinnte go raibh..) ní raibh mé cinnte ab iad fir nó mná a bhí i gceist, ach cheap mé ar shlí gur ceann fireann a bhí agam cosúil le Gabriel sa phictiúr sin a bhí againn. Ach i ndáiríre níor bhain gnéas ar bith leo siúd, (Cheap cara liom ar scoil go rabhadar mar mhná rialta; go raibh trí inscne ann, fir, mná, agus nuns, agus seans maith, dar léi, nach raibh in aingil ach mná rialta nach maireann! Níor aontaigh mé léi. Bhí a fhios aici go raibh na sagairt fireann áfach…)
Ar aon nós nuair a thugas faoi deara go raibh Aingeal na Faire agam féin ní raibh mé ró shásta, saghas spiaire! An féidir éalú uaidh? Ní féidir, a deirtí liom go ceanúil, mar beidh sé i gcónaí leat, ag coimeád súil ort. …i gcónaí?
Chaithinn am sa seomra ranga ag smaoineamh ar na haingil a bhíodh sa seomra beag sin linn, fiche cúig cinn ar a laghad....An rabhadar ar snámh os ár gcinn thuas ansin, agus cad a bhí idir lámha acu siud thuas ansin? An rabhadar ag léamh leabhar agus ag ithe na bhfíonchaor cosúil leis na gréagacha ársa, gan obair bhaile nó litrithe nó rud ar bith le déanamh acu ach a bheith ina n-aingil leisciúla? Agus iad sa bhaile linn chomh maith! Sos ar bith uathu. Ní bhfuaireas cabhair ar bith ó mo cheannsa nuair a bhrú ceann de na buachaillí béal dorais mé ón bhfalla os comhair a thí. An maistín tíoránach bricíneach na nglún cnapach sin!

Do bhíodh an nós agam ag an am san píosa léitheoireachta a dhéanamh ar mo leaba nuair a bhíodh m’obair bhaile déanta agam ar an mbord mór thíos staighre. Uain dom teacht le cheile le mo chairde, An Cúigear Cáiliúil le Enid Blyton, sraith leabhar le cosc orthu ón leabharlannaí scoile, ní fheadar fós an fáth, cúis amaideach na laethanta san déarfainn. Ach is cuimhin liom ag rith ar nós na gaoithe, trí chéim le cheile, suas an staighre agus doras mo sheomra a dhúnadh le preab chomh tapaigh agus b’fhéidir liom chun iarracht éalaithe ó m’aingeal píosa. Ansin, agus an doras slán dúnta roimhe bheadh níos mó le déanamh…. Léimfinn gan moill ar bith thar mo leabasa agus ansin thar ceann mo deirféarsa na cuirtíní a dhúnadh ar eagla go n-eitleodh sé go cúl an tí ar an bpointe. Bheadh orm a bheith cúramach nach raibh bearna ar thaobhanna na gcuirtíní - seans dó gliúcaíocht isteach orm. Osna faoisimh ansin uaim, saor uaidh- an spiaire úd. Tamall agam féin seal a chaitheamh le cairde mo shamhlaíochta, Julian, Dick, Ann, George agus an té is tábhachtaí, Timmy an madra, agus mistéir eile le réitigh againn.

Arbh é rian an neamhspleáchais a bhí le feiscint agus mé ag iarraidh cor a chur ar m’aingeal?…. Is dócha! Cinnte! Ar ndóigh!
Nó seans go raibh dochar buan déanta aige dom… ;)