Sunday, December 23, 2007

Nollag Shona Daoibh.

Beidh mé ag dul ó thuaidh inniu i gcomhair saoire ghearr, ag súil le sneachta úr. Faraoir tá sé ag cur go trom anois, fearthainn reoite, agus í geallta an lá iomlán. Is fuath liom a bheith ag tiomaint trí sin, go mór mhór le Cara, Púca agus Banba sa charr liom………
Beidh fuisce te ag feitheamh orm.........
Nollag shona daoibh.

Monday, December 17, 2007

Seo Mar Atá

Idir dhá dháth
Idir dhá fhocal
Idir dhá ainm
Idir dhá aigne
Idir dhá áit
Idir dhá theanga
a chaithim mo shaol
Idir dhá shaol

le Colm Breathnach

Monday, December 10, 2007

An t-Amhránaí is Fearr.

Cupla scannán anseo le Iarla Ó Lionaird. Ceann amháin acu An Cailín Deas Rua, nuair nach raibh sé ach 17 mbliana déag, an ceann eile Caoineadh na dTrí Mhuire ó na Highland Sessions.
Go hiontach ar fad. Bím faghta gan focal tar éis feachaint air agus éisteacht leis.



Níl na focail seo díreach mar a chanann sé é áfach..........
Caoineadh na dTrí Mhuire
A Pheadair, a Aspail, a bhfaca tú mo Ghrá geal?
Ochón agus ochón ó!
Do chonaic mé ar ball é i lár a namhad
Ochón agus ochón ó!
Gabhaigí 'leith, a dhá Mhuire, go gcaoine sibh mo Ghrá liom
Ochón agus ochón ó!
Céard tá le caoineadh 'gainn muna gcaoinimid a chnámha
Ochón agus ochón ó!

Cé hé an fear breá sin ar Chrann na Páise?
Ochón agus ochón ó!
An é nach n-aithnír do Mhac, a Mháthair?
Ochón agus ochón ó!
An é sin an Maicín a d'iompair mé trí ráithe?
Ochón agus ochón ó!
Nó 'n é sin an Maicín a rugadh sa stábla?
Ochón agus ochón ó!

Nó an é sin an Maicín a hoileadh in ucht Mháire?
Ochón agus ochón ó!
Éist a Mháthair is ná bí cráite
Ochón agus ochón ó!
'S an é sin an casúr a bhuail Tríot na tairní
Ochón agus ochón ó!
Nó 'n í sin an tsleá a chuaigh trí Do lár geal
Ochón agus ochón ó!

Sunday, December 02, 2007

Iarfhocal!

Táim ceart go leor!!
Go raibh maith agaibh as na emails agus an comhairle iontu. Nílim i mo junky ar chor ar bith. Seo a tharla agus is cosúil nach raibh sé soiléir sa post sin. Bhí an fuisce te agam timpeall 8 30 i.n agus níor ghlacas an Robitussen go dtí gur bhuail babhta casacht orm ag 1 30 r.n nó mar sin, tús na hoíche codlata.

Bhí sé greannmhar áfach mar bhuail Eimhín (21) isteach orm déanach go leor tráthnóna Aoine agus é ar an turas ón Ollscoil ar Long Island go dtí na Adirondacks i gcomhair na deireadh seachtaine. Ní raibh an cinneadh déanta agam dul go dtí an ceolchoirm i Manhattan nó fanacht sa bhaile féin bhrónach. Chonaic sé an seanbhean a bhíodh ina mháthair uair agus cuma na geilte uirthi. Ansin chonaic sé an buidéal Robitussen fós ar an gcabhantar sa chistin. “ Hmm…”a dúirt sé. “I see someone’s been Robitrippin..” Sin an t-ainm a tugtar ar an diabhail stuif sin ina phobal. Ansin, ba chuimhin liom blianta blianta ó shin go raibh suim nach beag ag déagóirí i Benedryl agus araile chun teacht ar draíocht, ach cheapas go mbeadh athrú déanta ar oideas an leighis seo ó shin?

Dála an scéil, cheap Eimhín go raibh mo scéal bocht an-ghreannmhar agus mhol sé bainne té nó cocoa. Bíonn sé i gcónaí ciallmhar. Sin a bhí agam leis agus chuir sé sin m’anam agus corp ar ais le cheile.
D’fhágas i mo dhiaidh cuma na geilte laistigh uair eile (mar bhreith an fhéileacáin!!!), agus ar aghaidh liom go dtí an ceolchoirm, agus oíche bhreá a bhí agam ann.

Friday, November 30, 2007

Cocktail Time

Bhaineas triail as comhairle Phoil, agus bhí sé go deas! Ach bhuail an casachtach orm go trom ag tús na hoíche agus ansin ag dul trí an cófra leighis tháinig mé ar cúpla buidéal oiriúnach agus ghlacas braon mhaith as ceann amháin, Robitussin. Stop an casachtach beagnach ar an bpointe deoch draíochta a cheapas ar dtús, ach d’fhág sé mé i mo dhúiseacht agus corraithe an oíche iomlán, droch draíocht i ndairire. Ansin bhí orm roinnte acetaminophen a chaith siar de dheasca tinneas cinn!
Anois níl a fhios agam an bhfuilim ag teacht nó ag imeacht! Crikey, dá rabhas fíor tinn bheinn i mo droch othar amach is amach.
Bheadh gach rud ceart go leor ach tá plean agam dul go dtí an ceolchoirm seo sa Skirball anocht, tá na ticéid agam cheana agus ba mhaith liom dul ach go bhfuilim traochta. Ochón.

Thursday, November 29, 2007

Féinbhrónach agus Truamhéalach!

Tá slaghdán sa tigh. Tá sé go dona mar ní gnáth slaghdán é seo. Táimid uile an-tuirseach, gan in ann codladh ceart a fháil, te agus fuar ag an am céanna, lag. Bímse ansin mall agus sluggish an lá iomlán amhail is go bhfuil ualach trom ar mo ghuaillí, agus tá mo cheann ró throm leis, ba mhaith liom é a bhaint díom ach amháin bíonn sá uaim is dócha. Tá scornach tinn ormsa agus casacht á cigilt. Tá tochas i mo shúile!! Tá an féilire ag éirí lán mar a tharlaíonn ag an am seo den bhliain agus faraor tá alan oibre idir lámha agam leis. Ba mhaith liom mo Rumpelstiltkin pearsanta a bheith agam gach rud a chur in ord agus in eagar fad is a bhím ag iarraidh néal codlata a fháil.
Rud eile ná nil caife maith sa tigh. Táim ar tí léimt amach an fhuinneog, ach cén maitheas, táim ar an gcéad leibhéal. Ar ais ag glacadh Omega -3 liom gan mhoill.

Tuesday, November 20, 2007

Gaelscoileanna, níos mó…

Léigh mé alt inné a scríobh Muireann Ní Mhóráin sa leabhar Who Needs Irish?: Reflections on the Importance of the Irish Language Today (Tá an leabhar i mBéarla) Bhí sé soiléir ón a h-aiste go bhfuil frustrachas uirthi le meon lucht gan meas madra acu ar an nGaeilge (ní maith liom an focal Galltacht, an bhfuil ceann eile againn?) agus í ag iarraidh an teanga a thabhairt dá páistí ón gcliabhán. Tuigim go mór an fhadhb sin, ní rud ar bith nua í…...ach lean sí ansin le cur sios faoi na deacrachtaí sna gaelscoileanna faoi láthair an teanga a choimeád saibhir fad is a thagann páistí isteach gan Gaeilge ar bith acu. Ansin tosaíonn siadsan ag foghlaim na Gaeilge, ach níl an teanga ón gcliabhán acu siúd, agus ní bhíonn sí sa bhaile acu ach oiread agus ansin bíonn ar páistí, mar a cuid féin, le saibhreas teangan, athruithe a dhéanamh, seachas sin ní bheadh cumarsáide idir na páistí ach trí mheán an Béarla. Hmm…Ní raibh mé ag smaoineamh ar seo, caithfidh mé a rá. Os rud é nach bhfuilim in Éireann agus nach bhfuil paistí agam ar scoil ansin. Ach tuigim an frustrachas. Má bhíonn sise agus tuismitheoirí mar í ag déanamh a ndícheall an teanga a thabhairt ón gcliabhán dá pháistí, agus iad a chur ar scoil lán ghaelach dá bharr, tuige nach mbeadh na tuismitheoirí eile a roghnaigh an scoil céanna, toilteanach an teanga a úsáid sa bhaile chomh maith? Ansin bheadh sé ceart go leor Béarla a bheith mar ábhar scoile luath go leor sa scoil. An fhadhb atá ann is dócha ná is scoileanna móra faiseanta iad na Gaelscoileanna anois, buí le na múinteoirí agus na tuismitheoirí uile a oibríonn le cheile, agus as sin tá éileamh mór orthu. Is dócha go bhfuil ar tuismitheoirí nua a gheall go bhfuil suim acu an teanga a labhairt sa bhaile? Nó ar a laghad iarracht a dhéanamh? Nó dul chuig ranganna oíche teacht ar an teanga labhartha, nó rud éigin!!! Ní dóigh liom go mba cheart é dul ar ais chuig laethanta “phóilíní na teanga” sna Gaeltachtaí fadó, (ní chomh fada siar!) chun a fháil amach an bhfuil fíor suim ag na tuismitheoirí an teanga a úsáid ach tacaíocht a thabhairt dá mbeadh sé uathu. Ach tá sé tábhachtach a bheith fáilteach roimh cách le suim acu sa teanga, níl aon maitheas daoine áirithe a fhágáil amach os rud é nach bhfuil saibhreas acu……..níl le éinne, nó gluaiseacht ar bith an teanga seo ach leo atá suim acu í a labhairt.


Leigh mé sa leabhar céanna aiste shuimiúil a scríobh Lorcán Mac Gabhann a léiríonn chomh casta agus achrannach a bhíonn sé Gaelscoil a bhunú, tá sé dochreidte na constaicí uile a cuirtear sa bhealach! Bíonn uisce faoi talamh gan amhras….. Tá ana mheas i ndáiríre agam orthu siúd a bhunaigh na scoileanna seo tar éis a phíosa a léamh.



Saturday, November 17, 2007

Cuspóir an Oideachais

Chuir mo mhac Eoghan,16, an nasc seo chugam an tseachtain seo chaite. Caitheann sé am ar youtube go rialta ar ndóigh agus is minic a thagann sé aníos le comhaid spéisiúla. Tá sé seo suimiúil, aontaím le cuid mhaith de agus léiríonn Ken Robinson a tuairimí i stíl bríomhar beoga.
Tá sé suimiúil chomh maith a aithint go bhfuil an idirlíon anois ceann des na príomh foinsí eolais dúinn, go mór mhór do dhaoine faoi fiche bliana d’aois, agus ní gá a bheith buartha faoin bhforbairt seo, dar liom. Bíonn i bhfad níos mo eolas anois le fáil ann ná mar a bhíonn ar an teilifís agus is minic a bhíonn an t-eolas níos doimhne chomh maith. Ba mhaith liom níos mó am a chaitheamh ag scuab na dtonnta (surfing) ansin ach ar a laghad bíonn Eoghan ina thaighdeoir maith!

Ar an drochuair tá fógra ó BMW ag an tús agus ní raibh mé in ann é a ghearradh ón gcomhad....sin rud eile a fheicim le déanaí, is minic a bhíonn na fógraí ar an idirlíon cliste go leor.......

Friday, November 16, 2007

Béarla sna Gaelscoileanna?

Ní thuigim go díreach cad tá i gceist le seo, ach tá a fhios agam dá mbeinn i mo chónaí in Éirinn agus an cinneadh déanta agam mo pháistí a bheith i ngaelscoil, go mbeadh díomá orm leis.. deireadh le tum oideachas sna bun ranganna? … Nach bhfuil sé ráite le tamall anuas go bhfuil clú mór ar na gaelscoileanna mar gheall ar an oideachas a bhíonn le fáil iontu? Níor chuala mise gearán riamh…..agus déarfainn go bhfuil ról nach beag acu siúd an dearcadh dearfach a cothú maidir leis an teanga le blianta beaga anuas. Is cosúil go bhfuil an domhan mór ag éirí bródúil as an teanga in Éirínn anois agus i lámha na glúine óige atá sé sin.... Tuige go mbeadh fonn athrú a dhéanamh ar sin? An cheist na cumhachta atá inti?


Tuilleadh eolais anseo agus ansiúd.

Monday, November 12, 2007

Jamison. Pennsylvania



Seo an dream a bhí páirteach sa deireadh seachtaine na Gaeilge i Jamison Pennsylvania. Nach bhfuil cuma breá orainn?! Táimse ann...cá háit? Bhaineamar uile, idir óg is sean, an taitneamh as ár dtréimshe ghearr le cheile. Níos mó amarach.......

Dé Céadaoin: Ar aon cuma, bhí an tréimhse le cheile go breá, aon leibhéal déag ranganna le fáil don nócha cúig a bhí páirteach agus ceardlanna, grúpaí chomhrá, agus léachtaí chomh maith! Clár lán agus suimiúil thar an dá lá. Bhuail cuairteoir isteach orainn ón gconsalacht i Nua Eabhrac, an Leas-Ardchonsail Breandán Ó Caollaí. Thug sé léacht suimiúil dúinn faoi ról na teanga an lá atá inniu ann agus déarfainn go raibh ionadh agus áthas air leis an méad Ghaeilge a bhí le chloisint i bPennsylvania an deireadh seachtaine sin!

US.Ireland Forum i NYC

Cúpla focal faoin US.Ireland Forum a bhí ar siúl i NYC an tseachtain seo chaite san óstlann Affinia i lárbhaile. Lá go leith le leachtaí faoi an ról comhaimseartha a bhíonn ag an Diaspora i bhforbairtí áirithe in Éirinn agus an gaol idir na tíre sa lá atá inniu ann agus amach anseo.

Tá athruithe tagtha ar an ngaol seo thar an tréimhse deich mbliana atá díreach thart, teacht le síocháin sa tuaisceart, an tíogar ceilteach agus na forbairtí uile a lean a theacht, athruithe ar luach an euro i gcomparáid leis an dollar, ní gá dul isteach ar gach uile rud. Ní raibh seans agam dul ach go ceithre ionad as deich cinn a bhí le fáil ach cheapas go raibh na cinn seo “Culture and Education” Community In Transition” agus “Why the Diaspora really matters” suimiúil go leor mar bhaineadar le téama an Forum, ‘se sin an ghaol idir Eire agus na Stáit (na hÉireannaigh….agus na Meiriceánaigh ) nó mar a bhí luaite go minic an drochmheon a bhíonn ag na hÉireannaigh roimh na Meiriceánaigh, nó b’fhéidir roimh na Stáit go hiomlán in ionad na Meiriceánaigh. Gan dabht tá cuid de bunaithe ar an gcogadh, agus uachtarán na laethanta seo, ach téann meonta níos doimhne ná sin, dar liom, ach is féidir iad sin a úsáid mar leithscéalta……

Níor cheapas gur bhain gach rud ar an gclár díreach leis an téama a bhí foilsithe roimh ré ach deirtear liom nach rud as an ngnáth é sin ag cruinnithe mar an ceann seo.

Bhí meon an daoncharad mar ábhar ag an bhForum chomh maith agus an fhíric aisteach go bhfuil Eire fós ag féachaint thar an aigéan teacht ar thacaíocht i bhfoirm an daonchairdis, fad is a bhíonn na hÉireannaigh nua-saibhir ag chur a n-airgead breise i dtithe, talamh agus árasáin na tíre seo, go mór mhór NYC! (...leis an dollar chomh lag agus atá sé.) Is cosúil nach bhfuil meon an daoncharad in Éirinn os rud é go bhfuil an saibhreas seo chomh nua….ach níl an nós a bheith lonnaithe go h-oifigiúil thar lear agus mar sin cáin a sheachaint nós nua aimseartha in Éirinn (nó aon tír shaibhir eile ach oiread.) Ach is trua áfach, nach bhfuil níos mó dóibh siúd le saibhreas mór, toilteanach a gcuid cánach cirt a íoc, agus níos tábhachtaí fós ná cuid dá milliúin breise a thabhairt thar n-ais i slite a bheadh cabhrach don glúin atá ag teacht ina ndiaidh, agus cabhróirí gan ainm? ‘Sea, bíonn siad ann… Bíonn siadsan le feiscint ag obair go rialta sna “cistine an anraith” nó ag coimeád súil ar sean daoine atá ina gcónaí ina aonar…

Monday, November 05, 2007

Sive

Chonaic mé Sive (le J.B Keane) sa chathair an tseachtain seo chaite. Ní fhaca mé an dráma seo cheana agus tá sé suimiúil. Rinneadar jab ana mhaith leis san Irish Rep., ní h-amháin gluaiseacht an dhráma agus na h-aisteoirí, ach dearadh an ardáin féin agus an treoir stáitse, tháinig gach rud le cheile i gceart, fiú bhí ceol fite go dlúth ann. Tá an téama seanfhaiseanta go leor an lá atá inniu ann (san t-Iarthar ach go háirithe ), saint daoine áirithe maidir le cúrsaí chleamhnais idir ainnir óg álainn soineanta agus seanduine saibhir gránna ach ag an am céanna súil siar atá ann i dtreo na laethanta crua agus easpa rogha a bhíodh ag mná óg na tíre ag an am san. Sin ceann des na fáthanna is dócha gur thréig chuid mhaith dóibh an tír, mar ní raibh eolas na rogha eile acu, thugadar aghaidh ar an Oileán Úr agus Sasana, fágadh na seandaoine cráite ina aonar.

Friday, October 26, 2007

Ag taisteal ach gan bogadh…

Níl a fhios agam cad a bhí ar siúil le na traenacha an tseachtain seo ach do bhí moill ar gach ceann acu! Bhuel, ní raibh sé chomh dona sin ach cuid des na cinn ina bhíos ach go hairithe.
Theip na coscáin i gceann amháin acu ag a ceathrú tar éis a deich a chlog san oíche, tríocha míle ó mo stad. Chonacthas mise, traochta, ag smaoineamh ar mo dhinnéar blasta, gloine fíona agus mo leaba bog bláith...…fad is a bhíos i mo sheasamh ar ardán iargúlta, uaigneach, fuar go leor, ag feitheamh ar traein tarrthála.
Ansin Dé Chéadaoin bhíos gafa ar an traein fo thalamh i lár na cathrach ar feadh uaire,
(aistear nach leanann ach cúig nó sé nóiméad de gnáth!) fad is a bhí “eachtra phóilín” ar siúil i stáisiún éigin, Ar aon cuma, b’fhearr liom a bheith sa traein dá mbeadh dream phóilín ag rith timpeall an stáisiún agus a gunnaí ina láimhe acu i NYC!
Inné, stop an traein i stáisiún nuair a bhí leath an aistir thart, níor bhog sí le tamall. Ansin chualathas fógra, bhíodar ag feitheamh ar otharcharr mar do bhí duine tinn i gcarráiste éigin. Oh well, ní féidir a bheith mí fhoighneach le duine tinn.......is dócha........ D’imigh leath uair uainn agus ansin ar aghaidh linn.
Is aoibhinn liom an tseirbhís atá againn anseo agus ní minic a bhíonn trioblóidí ach má bhíonn droch chas amháin sa téad, nach bhfuil a fhios ag cách go mbíonn trí chinn ann díreach

Thursday, October 18, 2007

Cúpla Fístéip le Feiscint

Cúpla rud suimiúil anseo inniu daoibh…….Feicfidh tú ár gcairde thuas i mBoston ag obair go dian ar a gcuid Gaeilge faoi stiúir an réalta scannáin Micheál Newell agus ar thar n-ais in Éireann bhí píosa deas ar Nationwide le déanaí ina fheictear cara eile Micheál de Mordha ag cainte faoi na Blascaod.
(Aon uair a bhímse i gCorca Dhuibhne bíonn sé ró garbh dul go dtí na hoileáin………..ochón ochón………. ach cuma an deas ar an aimsir sa fís seo………. )

Monday, October 15, 2007

Dea Scéala Faoin gCat Úd

Tá dea scéala agam inniu maidir leis an dílleachta chait. ‘That Cat” a dtugtar air sa tigh seo.
“Are you still feeding that cat?”
That cat is still in the garage!” That cat is getting big!!”
”Haven’t you found a home for that cat yet?”
Chrochas roinnt póstaeir suas sa chomharsanacht agus níor chuala gíog ná míog go dtí tráthnóna Sathairn. Tháinig bean agus a iníon óg álainn chugam agus bhíodar ag iarraidh teacht ar piscín nó cat óg don cailín mar a peata féin. Bhuaileadar le “an cat úd.
Faraoir bhí eisean ina chat dána, sílim go raibh a fhios aige go raibh uisce faoi thalamh, é ag iarraidh a bheith ag súgradh i slí ró garbh, dar liom, ag léim is ag damhsa timpeall agus ansin chuir sé tús le babhta iomrascála le lámh na mná!
Ach cheapadar go raibh sé go deas beoga……
D’imigh siad abhaile chun machnaimh tamaillín…mar bhí "an cat úd" níos mó ná an cat a bhí uathu.
Sin sin a cheapas dom féin. Ach, thángadar ar ais inné le bosca cat agus d’imíodar leo leis, agus iad lán sásta!
Is cosúil go bhfuil dhá chat acu cheana féin sabhaile, mar sin tá súil agam nach mbeidh cogadh mór ann le Top Cat. ( Sin an t ainm a thugas féin air ós rud é go raibh sé ina alpha male amach is amach anseo le Púca bocht. )
Conas a déarfá “Alpha Male” sa Ghaeilge? Cúchullainn…

Saturday, October 13, 2007

“and gladly wolde he lerne and gladly teche" Saol Fada i gCeithre Bosca Beaga

D’éag cara liom timpeall ocht mí ó shin. Seanduine a bhí ann agus saol lán saibhir caite aige. Ní raibh sé tinn ag an deireadh, tharla go bhfuair sé bás i slí tobann go leor cé go raibh sé breis agus nócha bliana d’aois. Bhíodh sé de nós agam cuairt a thabhairt air go rialta. Ba dhuine géarchúiseach cliste, daingean ina bharúla é cé go raibh sé oscailte roimh díospóireacht i gcónaí.


Fuaireas cuireadh seachtain ó shin dul go dtí a theach féachaint ar a mhaoin phearsanta, dá mbeadh suim agam…. Chuaigh tráthnóna inné. Cuireadh ceithre bosca beaga plastic os mo chomhair. Saol fada i gceithre bosca beaga a cheapas agus an méad bruscair atá bailithe agamsa (agus mise níos lú ná leath a aois féin nuair a d’imigh sé ar shlí na fírinne.) ach ghlac sé móideanna crábhaidh agus é ina fhear óg, ceann na bochtaineachta ina measc, agus níor bhog sé uathu.

Bhraitheas ait go leor ag féachaint ar gach rud, a mhaoin phearsanta, ….ar dtús a bhailiúcháin ghrianghraf, é ina bhuachaill óg, ansin ina dhéagóir i gcontae an Chláir, ansin ina fhear óg scafánta, ard agus láidir, dathúil agus fiú ag an am sin cuma duine intleachtach air le spéaclaí beaga ciorclacha… Tháinig mé ar teastas ó 1931 nuair a d’éirigh sé ina staonaire, agus roinnt teastais eile chomh maith ó Ollscoil na hÉireann agus Ollscoil Fordham anseo i N.Y.

Ansin nóta gearr uaidh ó 2000: “ If anyone asks how I want to be remembered please say the following about me: “and gladly wolde he lerne and gladly teche” “
focail ó na Canterbury Tales sílim. Níor chuala mé na focail sin ag a socraid agus níl siad ar a lia, ach tá siad anseo anois a Bhráthair Ó Cuinn.

Lean mé ag léamh sean léachta óna pheann a bhí bailithe ann, lámhscríbhinní, agus sa bhosca deireanach tháinig mé ar mála cáipéisí leathair, ceann cosúil le ceann a bhí ag m’athair féin, ina choimeádfadh clúdaigh glana agus páipéir scríbhneoireachta d’iad siúd le nós litreacha a scríobh, sean nós an lá atá inniu ann! Bhí a pas i gclúdach sa mhála seo chomh maith. Ansin chonaic mé go raibh clúdach amháin ann le ainm agus seoladh air... Thógas aníos é agus cad a bhí le feiscint air ach m’ainm agus seoladh féin, ní raibh aon rud laistigh.
Bhíos ceart go leor go dtí an pointe sin ach tháinig tocht orm ar feadh aga. Bhí plean aige nóta a scríobh chugam ach b’fhéidir nach raibh an t-am aige an lá sin? Cad a bhí ar intinn aige a chur chugam? Ceist gan freagair.

Saturday, October 06, 2007

Lá Socair

Maidin Sathairn agus tá an teach ciúin. Gach duine imithe don deireadh seachtaine in áiteanna éagsúla ach mé féin, Cara agus na cait. Tá na doirse agus na fuinneoga ar oscailte agam le fáilte roimh an aimsir deas séimh…tá radharc bhreá chomh maith agus dathanna an fhómhair le feiscint ar an dúiche os mo chomhair amach, fuaimeanna na n- éan le cloisint …….… Tá an ghrian ag spalpadh anuas agus deacair a admháil gur inniu an 6ú lá de mhí Deireadh Fómhair?

Tuesday, October 02, 2007

Ciara na Gruaige Rua

Scríobh Áine Durkin, file, an dán brónach seo in ómós agus i ndíchuimhne ar a dheirfiúr Ciara.

Ciara na Gruaige Rua

Is brónach é an focal slán
Focal tiubh le mothúcháin
Ach tháinig míniú iomlán nua
Nuair a chaill muid Ciara na gruaige rua

Séasúr le séasúr fágann slán
Nádúr sa ngluaiseacht ó am go ham
Ach cail an nádúr sa gcogadh crua
A sciob uainn Ciara na gruaige rua

A corp ar leac i dtír gan suan
A béilín álainn socair ciúin
Slán ní bhfuair muid seans le lua
Nuair a d’imigh Ciara na gruaige rua

Níl radharc sna súile gorma geala
A chonaic áilleacht sa saol in iomlán a seala
Cineáltas ‘s cairdeas an rud ba dhual
Do Chiara álainn na gruaige rua

Níl preab níos mó ón gcroí mór fial
A thug grá ‘gus gáire isteach sa saol
Níl gile sa lá, tá an domhan gan bua
Ó bhásaigh Ciara na gruaige rua

Is brónach é an focal slán
Focal tiubh le mothúcháin
Ach tháinig míniú iomlán nua
Nuair a chaill muid Ciara na gruaige rua

Monday, October 01, 2007

Comhbhrón.

Cloistear droch scéala go minic na laethanta seo, agus cuireann siad gach uile mion rud ina áit cheart. Anois ar maidin fuaireas amach go bhfuair deirfiúr cara liom bás in Afghanistan cúpla lá ó shin. Níl focail oiriúnacha le rá ach comhbhrón a dhéanamh.

Ní oibríonn an nasc thuas i gcónaí mar bíonn ort siniú isteach ar uairibh.
Seo an tuairisc ón Irish Times.

Shooting claims Irish-born soldier

Lorna Siggins

The United States military is investigating the shooting dead of an Irish-born soldier in Afghanistan late last week.
Ciara Durkin (29) from Quincy, Massachusetts, originally from Connemara, was reported as killed in action on September 27th in Afghanistan.
She was a member of the Massachusetts Army National Guard, and had been serving in Afghanistan for almost a year.
Ms Durkin, whose title was specialist with the guard's finance unit, is survived by two sisters and a brother living in south Connemara, while her mother lives in Boston, Massachusetts.
Ciara left Ireland with her parents, Tommy and Angela, when she was nine years old, but returned for a time to attend secondary school in Carraroe.

The Massachusetts National Guard said that the incident was under investigation in accordance with US Central Command policy, and arrangements were being made at the weekend to fly the body back to the US.
"It is a tragedy that affects us all," Maj Gen Joseph C Carter, adjutant general of the Massachusetts National Guard, said in a statement.
"Our thoughts and prayers are with Specialist Durkins' family and her fellow soldiers," he said.

Neighbours and friends in the Carraroe and Leitir Mór areas have been expressing sympathy with her family members over the weekend.
Ms Durkin is one of 185 foreign troops killed in Afghanistan so far this year.

Sunday, September 30, 2007

Faire na bhFear Mór Luascadh!

Ná bí buartha, nílim ag tagairt sa theideal seo ar fhir na luascthaí le miniú nua aimseartha!

Bhí lá breá againn inné in East Haven CT. Lá na Gaeilge a bhí ann agus dream mhaith bailithe le cheile ag foghlaim agus ag baint sult as imeachtaí an lae. Tharla go rabhas féin ag múineadh ach chomh maith le sin bhíos páirteach sa tráthnóna i dtréimhse rince, Conamara Set, agus Maitiú Mac Chárthaigh mo pháirtí, ar an gcéad dul síos bíonn ana chuid luasctha sa set seo, rud eile ná is damhsóir ana mhaith é Maitiú.... “lán fuinneamh” mar a dearfá....mar sin, ag teacht chuid deireadh an damhsa, (agus mearbhall ag teacht ormsa) bhraitheas saghas “ping” in ísleacht mo dhroim! (O ho… Bhraitheas an rud céanna cúpla uair cheana, uair amháin anseo sa SAM agus uair in Éireann fadó.)

Choimeád mé smacht ar an saol….. ach taobh istigh leath uair bhraitheas an pian ag dul ó ísleacht mo dhroim síos mo chosa…….. abhaile luath liomsa le cabhair ó Chait Thopsey sa bhfoirm Aspirin agus Seacláid agus ó Johannah Mackey mo mhála a iompar go dtí mo charr.
Táim ceart go leor (le roinnt mhaith drugaí aréir agus ar maidin) ach bhí an craic “nócha” ag an lá mór inné.....Ochón agus orm íoc as an gcraic céanna....
Beidh mé ar ais ar mo sheanaléim i gceann cúpla lá.

Friday, September 28, 2007

Lá na Gaeilge

Lá na Gaeilge amárach in Easthaven CT.
D’imigh an tseachtain uaim arís, crikey.
Ní suim ag duine ar bith sa chat seo agus tá sé an deas cairdiúil.

Tuesday, September 25, 2007

Reilig agus Scéal Suimiuil

Chaitheas seal i sean reilig maidin inné. First Calvary an t-ainm atá air agus ba é an príomh reilig Caitliceach i gcathair nua Eabhrac ó lár an ochtú céad déag. Timpeall 600,000 curtha ann agus deirtear go raibh bunadh Gael ag nócha fán gcead acu, agus níl an reilig chomh mór sin! Suimiúil na cuimhneacháin uile a fheiscint agus iad gcuimhne daoine ó cheann ceann na tíre mar ba mhinic a fheicfeá ainm a gcontae dúchasacha in Éirinn ann, níor dheineadar dearúd riamh ar a bhfréamhacha ar ais sa seana tír. Bhíodh cuid acu mór le rá i gcúrsaí polaitiúla nó i bhforbairt na cathrach sa naoú aois déag agus tús na céide seo chaite. Daoine mar Tomás Hassett, eisean duine den dream a scaoileadh ón bpríosúin san Astráil i 1876. Tá an scéal in aiste le Barra Ó Donnabháin, nach maireann, anseo. Sílim go ndéanfadh an scéal seo scannáin iontach suimiúil.

Sunday, September 16, 2007

An Cat!

An bhfuil suim ag éinne sa pheata seo?
Tá sé ina chodladh ar mo deasc agus tá sé go hálainn ach faraoir ní réitíonn sé le Púca, eisean in a Topcat sa tigh seo. Tá an saol ró ghearr déileáil le dhá ceann fireann i dteach amháin!

Tuesday, September 11, 2007

Stair Rúnda an Margadh Saor nó Raiméis?

Bhain an scannán seo geit asam, níl leanann sé ach cúig nóiméad. Ar ndóigh is feachtas margaíochta é an scannán don leabhar nua foilsithe seo, The Shock Doctrine: The Rise of Disaster Capitalism..ach ……….

Wednesday, September 05, 2007

Cé go bhfuil Eanáir an chéad mhí sa bhliain (nó Mí na Samhna más fíor ceilteach thú,)ach is í Meán Fómhair an chéad mhí don cuid is mó! Daltaí, mic léinn agus lucht an teagaisc. Mar sin tagann fuinneamh faoi leith orainn uile ag deireadh Lúnasa, ag déanamh ullmhúcháin agus níos tábhachtaí, ag iarraidh súip a bhaint as deireadh an tsamhraidh Beidh Eoghan ar ais ar scoil amárach mar sin beimid inár shuí anseo roimh a sé a chlog. Tá sé sin ró luath d’aon déagóir, gan trácht ar a mháthair bocht ach sin mar atá, tá drogall orm smaoineamh ar an tseachtain seo chugainn mar beidh sé ag tabhairt aire do dhá mhadra béal dorais agus de dheasca sin beidh sé ina shuí timpeall 5 30……….tá air ceachtanna a fhoghlaim faoi ciúnas. Nílim ag súil le seo ar chor ar bith, tosaíonn an saol ró luath sa mhaidin sna SAM ar uairibh!

Bhuel, nílim críochnaithe le Redemption Falls, tá sé fós deacair, ní ó thaobh scríbhneoireachta, ní gá dom a rá, tá sé sin ana mhaith, is scríobhnóir den scoth é O’Connor. Bíonn gach caibidil scríofa i guthanna daoine éagsúla, an-suimiúil, is féidir liom na daoine éagsúla a chloisteáil go soiléir i mo cluasa, ach, is duine simplí mé…ochón… ba mhaith liom go dtarlódh rud éigin deas dóibh ó am go ham, sin an méid, tá gach uile duine ag fulaingt, bíonn eagla orm ag bogadh ó leathanach go leathanach .

Saturday, September 01, 2007

Cuma aingil ar an diabhal féin

Chuireas tús le Redemption Falls (nasc ar an taobh dheis) cúpla lá ó shin, táim ar leathanach 106 anois agus ag tnúth le rud éigin dearfach………..go dtí seo tá gach cuntas lán de bhrón, deacrachtaí an tsaoil srl. Tá súil agam go dtiocfaidh athrú ar an scéal go luath.

Chaitheas beagnach an lá iomlán inné ag obair san oifig. Ní fíor “obair” a bhí ar siúl ach athrú troscán agus dearadh na hoifige. Tá an troscán nua an deas, anois tá an PC i gcófra beag faoin deasc in ionad ar a bharr ach ar ndóigh d’éirigh roinnt fadhbanna nach bhfuil réitithe i gceart fós. Fad na cables! Bíonn cuid acu gearr go leor, trí throigh idir an scanner agus an PC agus ceithre throigh idir an clódóir datha agus an PC agus ní leor sin. Bhí a fhios agam faoi seo ach fós féin cheapas go mbeadh an t-éalú “oifigiúil” ar chúl an chófra ceart go leor ach faraor níl…agus níl ach cúpla orlach eile uaim!….B’fhéidir go mbeidh orm poll a ghearradh sa deasc nua ar a bharr ach tá drogall orm é sin a dhéanamh. Ní féidir cable an scanner a leathnú.

Tá an cat nua fós anseo. "Demon" an leasainm atá air mar is sceimhlitheoir é!

Saturday, August 25, 2007

Cat ar strae? (Dílleachta bocht.)


Tháinig mé ar chat óg, abair sé mhí nó mar sin, luath maidin inné sa gharáiste. Bhí eagla air ar dtús ach tháinig sé chugam tar éis aga agus bhí sé cairdiúil, grámhar agus cainteach, rud a chur ar eolas agam díreach go raibh ocras air agus thugas roinnt bia dó. Ní raibh anseo liom inné ach Eoghan, an mac is óige, mar sin bhí cruinniú agam faoin gcat leis, cad ba cheart dúinn a dhéanamh ? Ach thit Eoghan i ngrá leis ar an bpointe. (Tán cat seo an-ghleoite) Chuireamar Instant Message ar fear a tí (atá as baile) faoin gcat ach fuaireamar freagra dhá fhocal díreach ar ais: “Animal Shelter” gan focal eile! Freagra crua a cheapas, an dílleachta bocht seo. (Tuigim go n-éiríonn an t-uasal Mac Suibhne píosa beag mí shásta nuair a bhíonn Púca agus Banba ar an leaba linn istoíche ach fanann siad i gcónaí ar mo thaobhse…)

Chuireas glaoch ansin ar chara agus tháinig sise chun féachaint ar an gcat. Thit sise i ngrá leis chomh maith ach tá trí cinn aici cheana. Rinne mé iarracht a fháil amach ó na comharsana an raibh cat ar iarraidh ó éinne acu ach níl. Chuaigh mé go dtí an oifig an phoist ar maidin, tá bord eolais ann ach níl nóta faoi cat ar iarraidh ann.

Tá an cat fos anseo, bhí eagla air dul amach as an ngaráiste mar sin tá sé ann, compordach go leor ón gcuma atá air. Bhí sé sásta lena bhricfeasta agus a lón! Bíonn sé ag crónán aon uair a thugamid cuairt air.

Tá Cara, mo sheanamhadra ceart go leor leis, ach nuair a dheineas iarracht Banba a chur in aithne leis theip orm. Ní raibh sise sásta leis ar chor ar bith agus d’éirigh sí ina meamhlachán glórach nuair a chonaic sí é. Bhí eagla orm go mbeadh troid eatarthu, chuireas ar ais laistigh í go tapaigh ……..(ach níl aithne aici ar aon cat eile ach amháin a deartháir dána Púca, b’fhéidir gurb í sin an fhadhb?)……….. anois tá drogall orm Púca a chur in aithne leis, dhá cheann fireann le cheile, ní dóigh liom go bhfuilim chomh cróga sin.



Wednesday, August 22, 2007

Marine Wedding. Griangraf le Nina Berman

Titeadh na deora uaim nuair a chonaic mé é sa NY Times ar maidin. Ní fheicimid aghaidh an chogaidh chomh soiléir agus atá sí sa ghrianghraf seo, in aghaidheanna an lánúin seo, ní hamháin aghaidh an fhir bhocht ach aghaidheanna an bheirt acu ar a lá mór ……….
An t-alt iomlán anseo agus grianghraif eile.

Monday, August 13, 2007

Coireanna sa Chiúnas!

Is baile ciúin é seo agus ní ró mhinic a tharlaíonn aon rud cearr. Bhí ionadh ar mo mhac aréir nuair a goideadh a thiachóg agus a iPod as a charr fad is a bhí sé agus a chairde sínte amach i ngort ag féachaint ar na meteorites i lár na hoíche. D’fhágadar deich charr ar thaobh an bhóthair iargúlta sin agus goideadh rudaí éagsúla ó chuid acu. (Ní rabhadar faoi ghlas!) Bhí ar Chian dul chuig oifig na ngardaí inniu tuairisc oifigiúil a thabhairt isteach dóibh agus ansin ceadúnas tiomaint nua a fháil.

Tháinig sé abhaile agus miongháire air, cé go raibh sé tromchroíoch am bhricfeasta. Ar dtús, a dúirt sé, ní raibh ach póilín amháin ag obair inniu agus ní raibh mo dhuine in ann teacht ar an gcáipéis cheart an tuairisc a ghlacadh uaidh. Bhí air glaoch a chur ar phóilín eile a bhí sa bhaile. Ansin, thug Cian faoi dheara liosta a bhí ar an mbord eolais san oifig …

1) Car 286 is missing it’s spare tire
2) A beagle is lost in town.
3) This week's password is per903


Soiléir nach i an chathair mhór atá i gceist anseo.
Beidh cur síos faoin gcoir sa nuachtán áitiúil an tseachtain seo chugainn agus faoin madra bocht atá ar iarraidh chomh maith, beidh na scéalta faoin teideal “Police Blotter”

Friday, August 10, 2007

Tommy Makem agus ceoltoirí eile.

Léigh mé go bhfuair Tommy Makem bás le déanaí, anseo sna SAM. Bhí sé lonnaithe anseo le fada anuas ach i gcónaí ina Éireannach. Trócaire Dé air. Bhí ionadh orm a fhail amach nach raibh aige ach trí scór is ceithre bhliain déag. Cheapas ar shlí go raibh sé i bhfad níos sine. Bhíodh LPs dá The Clancy Brothers and Tommy Makem ag m’athair sa bhaile agus bhíodh an-suim ag an nglúin níos sine ná mise anseo ina gceol chomh maith ó tús na 60s nó mar sin. Is cuimhin liom iad ar an teilifís anois is arís, ar an Late Late Show is dócha.

Is cuimhin liom nuair a thánas anseo go NE don chead uair i 1979/80 thugas faoi dheara go raibh suim nach beag ag m’uncail, (bhíos ag tabhairt cuairte air) agus a chairde uile (Gael-Mheiriceánaigh) sa cheol seo agus bhí díomá orthu nuair nach raibh ceol na Clancys agus Tommy Makem uile agamsa. Bhuel, bhí cuid de agam go smior, ach ní raibh a gceol chomh tábhachtach ag an am san ná : disco (!) nó, amanna machnamhacha, na bannaí ceolta mór la rá na tíre seo agus na Bhreataine, nó ceol traidisiúnta/nua aimseartha, más féidir é sin a rá. Ar thaobh an cheoil traidisiúnta na hÉireann bhíodh Planxty, Clannad againn agus Horslips fiú agus bhíodar uile úr agus iontach. Ní raibh mórán eolais acu anseo sna SAM ar Chlannad nó mórán faoi na ceoltóirí eile a bhí againn in Éireann ag an am san. Is cuimhin liom am a chaitheamh i Lios Dún don féile mór ag deireadh na 70’s. Bhí an saol níos simplí agus gan trioblóid síob a fháil le d’ordóg ó Luimneach go Lios Dún, go Cill Chaoibhe go Sráid na Cathrach nó pé áit cé nach raibh agam agus ag mo chairde ach cúig nó sé bhliana déag d’aois! Bhíodh daoine i gcónaí toilteanach síob a thabhairt agus bhíomar slán i gcónaí….ní raibh sé deacair dul ar Bhóthar na hInse sa mhaidin i lár an tsamhraidh agus teacht ar ais luath go leor san oíche, go h-airithe le solas an lae go dtí ar a laghad leath uair tar éis a deich!
Chonaic mé Clannad don chéad uair (i lár na 70’s silim,) in NIHE, anois tugtar Ollscoil Luimnigh air. Bhí ceann dá LPs agam cheana agus cheapas go rabhadar an-cool ar fad. Ach ar ais go dtí an bpríomh pointe an píosa seo, D’oscail na Clancys agus Tommy Makem na doirse anseo is dócha agus d’éirigh go h-ana mhaith leo sa 60s agus 70s ach níl a fhios agam cén fáth nár éirigh na ceoltóirí eile? B’fhéidir trioblóidí le riaracháin agus bainisteoireacht? Ba mhinic a bhí droch scéalta ag ceoltóirí faoi bainisteoireacht. Cá bhfios? B’fhéidir nach raibh an lucht éisteachta anseo i SAM réidh don gluaiseacht seo i gceol traidisiúnta na h Éireann na tréimhse sin. Nó b’fhéidir nach bhfuil an scéal iomlán agamsa ar chor ar bith……. taighde atá uaim in ionad ceisteanna a chaitheamh amach i gcónaí.

Tuesday, August 07, 2007

Radairc eile


An Canyon ón Heileacaptor!

Ar ais sa diallait inniu!

Radharc ón éadramán roimh eiri na gréine.

An Grand Canyon

Ar ais sa diallait inniu! Beagnach ceithre lá breá i Sedona, Arizona. Is baile beag é Sedona, bunaithe ar turasóireacht, agus cén fáth go bhfuil na turasóirí ag dul ann? na sléibhte aisteacha, na Mesa, na radhairc, an solas suimiúil agus dathanna an nádúir.

Chonaic mé fíor buachaill bó! ‘Sea, ar an turas ó Phoenix ó thuaidh go Sedona a chonaic, bhí sé sa diallait féin ar a chapall ar ndóigh, ag marcaíocht le sé nó seacht bó trí an gaineamhlach. Bhíos lán sásta é a fheiscint.

Ansin, mar a luaigh mé, bhíos thuas in éadromán roimh éirí na gréine maidin dé Chéadaoin, chomh ciúin scéimh a bhí sé thuas san aer an lá sin, ach corraithe go leor agus sinn ag teach anuas! Ní bhíonn smacht ar bith ag píolótaí ar a héadromáin, ach amháin nuair a bhíonn siad ag dul suas nó ag teacht anuas, níl roth stiúrtha ar bith acu rud a bhí soiléir dúinn nuair a thángamar chun talaimh díreach in aice an highway, abair sé throigh, agus na carranna agus na trucailí ag gluais tharainn. Bhuaileamar isteach i gcrann beag ar dtús stop a chur ar an gciseán agus sinn ag dul i dtreo claí sreang dealgach, rud nach bhfuil ró mhaith d’éadromán…….. agus ansin ar an talamh linn le preab.
Thugamar cuairt ar an
Grand Canyon chomh maith, turas ó thuaidh ó Sedona. Ní féidir cur sios ceart a dhéanamh ar an radharc sin, ní dhéanann na grianghraif an beart ach oiread, i ndáiríre glacadh sé d’anáil uait go mór mhór má théann tú in héileacaptar síos sa Canyon féin!


Monday, July 30, 2007

An Samhradh

An ritheann an t-am níos tapúla uainn sa samhradh nó cad é?
Ní raibh leath nóiméad agam cuairt a thabhairt ar mo bhlogín bocht le beagnach coicís anois. Tá cuairteoirí anso linn le deich lá anuas agus sinn uile inár suí taobh amuigh go lár na h oíche de gnáth, comhluadar breá, an fíon go flúirseach, (agus sinn ag iarraidh na feithidí a sheachaint.) Oícheanta leisciúla a tsamhraidh, agus maidineacha leisciúla an tsamhraidh leis!
Beidh gach duine acu ag imeacht inniu i dtreonna éagsúla agus sinn féin ag imeacht luath maidin amárach go Sedona, Arizona. Beidh mé ag Ballooning den chéad uair, agus b’fhéidir ag eitilt sa Grand Canyon chomh maith.

Wednesday, July 18, 2007

Thar n-Ais

i Mín a Chladaigh

An tEargail Maorga

An Trá Bhán




Thar n-ais abhaile atáim tar eis coicíse in Éireann, bhuel, le bheith macánta dhá lá déag. Cúpla lá i mBAC ar dtús, ansin seachtain i dTír Chonaill agus ansin cúpla lá i dTiobraid Árann deireadh a chur ar an saoire.

Chuala mé ana chuid gearáin faoin aimsir in Éirinn i mbliana roimh an turas seo… mar sin a chairde bhíos réidh!... éadaí de gach saghas liom, agus bhaineas úsáid as an cuid is mó acu, (ach amháin an chulaith snámh, ochón….)

Ar dtús i mBAC ní raibh a fhios agam ó nóiméad go nóiméad cad a bheadh ag teacht; teas mór na gréine, ansin tréimhsí gaofara, le fearthainn throm ina ndiaidh san agus ansin an ghrian arís ag spalpadh anuas aga eile. Aisteach go leor.

Fuaireas roinnt rabhaidh faoin aimsir i dTír Chonaill chomh maith ach caithfidh mé a rá nach raibh sí go dona thuas ansin. Bhí sé ag cur go rialta ceart go leor ach bhí tréimhsí breátha grianmhara ann chomh maith agus tharla go raibh seans agam dul ar siúlóidithe iontacha gach lá, mar atá soiléir ó na pictiúr thuas. Chuaigh mé ag siúl ar Shliabh Leigh lá amháin agus suas go dtí an túr mór oíche eile. Chuas ar turas ó thuaidh go Mín a’Chladaigh oíche amháin cuairt a thabhairt ar mo chairde Soisear agus Mollaí Mac Cionnaith........Chuig an trá bhán tráthnóna eile, trí mám na háilleachta i dtreo Ard an Ratha...

Bhí dream dáréig againn le cheile ag freastal ar chúrsa in Oideas Gael i nGleann Cholm Cille. Cúrsa oiliúna a bhí i gceist i gcomhair lucht múinte na Gaeilge do dhaoine fásta. Bhí an cúrsa iontach suimiúil agus le sin iontach amach is amach domsa teacht le cheile leo siúd, mo chomhbhádóirí sa rang, agus fíor suim acu uile i saol na teanga; i a mhúineadh agus i a labhairt an t-am ar fad! Níor gá focal béarla a rá taobh amuigh den seomra ranga ach oiread, rud atá ana thábhachtach domsa (...ach amháin aon uair a bhíos ag déileáil le cuid des na daoine áitiúla nó le turasóirí gan Ghaeilge)

Bhí roinnt mhaith daoine ag freastal ar chúrsaí difriúla in Oideas Gael an tseachtain seo chaite, daoine fásta ag foghlaim na teanga in áiteanna éagsúla timpeall an domhain agus múinteoirí ó bun scoileanna in Éireann ag iarraidh fhaid trí lá a chur lena gcuid laethanta saoire dlíthiúla as cúrsa cúig lá a dhéanamh.

Bhaineas an taitneamh as an turas, an rang féin, na siúlóidí, na radhairc bhreátha, an ciúnas, an saol sna phubanna istoíche! Bia blasta i mbialann Kitty Kelly (an bia is fearr sa cheantar dar liom). Ach is é an comhluadar, mo rang luaite thuas cheana féin, agus na daoine eile le fíor suim acu sa teanga, an cuimhne is fearr atá agam. Tá súil agam go mbeidh seans teacht le cheile ag cuid againn arís uair éigin amach anseo.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil chuig Daltaí na Gaeilge, agus go mór mhór Seán agus Helen Tierney, as an scoláireacht i ndil cuimhne ar Firefighter John P. Tierney (1974-2001) a bhronnadh orm i mbliana. Mo bhuíochas chomh maith chuig Liam Ó Cuinneagáin as a bhuantacaíocht dúinn uile a bhíonn ag muineadh na Gaeilge anseo sna SAM.

Friday, June 29, 2007

Mí Iúil

Tosaíonn an fíor samhradh i NY inniu, an Aoine roimh an 4ú lá de Mhí Iúil. Glacann mórán daoine cúpla lá breise óna bpost an tseachtain iomlán a bheith saor acu. Tá an aimsir go hiontach agus beidh na sluaite ag déanamh chun na dtránna i Long Island agus N. Jersey. Beimid ag dul amárach chuig bainis mhór i Long Island agus tá lá breá geallta. Ghlan toirneach agus tintreach an t-aer aréir agus beidh cúpla lá breá úr againn anois, tirim agus te, gan tais. Foirfe!

Beidh mise ag taisteal an tseachtain seo chugainn go Éireann, turas coicíse. Chloisim, faraoir, nach bhfuil an aimsir ró mhaith ansin le déanaí, deirtear liom go raibh an samhradh i mBealtaine!
Tá súil agam go dtiocfaidh athrú ar an scéal seo go luath. Ní rabhas in Éireann i lár an tsamhraidh le fada an lá, b’fhéidir ocht mbliana nó níos mó.

Sunday, June 24, 2007

Droch Feighlí Leanaí

Tháinig na h-uigingigh san oíche!
Is cosúil go raibh racún ar chuairt orainn oíche aréir agus fuair sé nead na tortóige. Tá na uibheacha uile ite agus gan fágtha ach na blaoscanna scaipthe timpeall. Ní bheidh na leanaí ag teacht ar an saol ar chor ar bith.
Fuaireas comhairle ó Shóisear Mac Cionnaith, tá seachtain ó shin “
Faoi an turtar ba ceart duit píosa sreang shicín leis na racún a choinnigh amach as.” ach cé go raibh plean agam an chomhairle a ghlacadh, faraoir, ba mise an fíor moilleadóir an uair seo, agus mar sin tá sé ró dhéanach anois…...

Friday, June 22, 2007

Béarlachas

Chuir cara liom ephoist chugam inné agus í diomúch go mór de píosa Ghaeilge a léigh sí le déanaí i nuachtán….. “Ní chreidfeá an cac atá ann in ainm na Gaeilge” a scríobh sí….”Imrím deacair le fáil” maidir le bean agus i ag iarraidh an chluain mhuimhneach a chur ar fear i slí indíreach………….Hmm.
Tharla go raibh beirt bhan le Gaeilge ón gcliabhán acu ar chuairt orm inné. Chuireas an ceist orthu …….agus an freagra? Níl an meon san ann mar ní raibh bean ón nGaeltacht riamh “deacair le fáil” …..Ha! …bhuel, bhí cúpla gloine fíona faoinár bhfiacaile againn ag an am san.

Chuir sé i gcuimhne sampla eile a thaispeánadh dom le déanaí ó leabhar gramadaí le Donna Wong……….madra “gearr” !!

Iarfhocal:

Ní fhaca mé an focal "gearr” mar aidiacht le ainmfhocal atá beo, ACH is cosúil go bhfuil “madra gearr” saghas brocaire Éireannach! Féach thíos.

Friday, June 15, 2007

Bloomsday arís..........

Amárach an 16ú lá de mhí an Mheithimh, Bloomsday, mar a déarfá. Leabhair nach bhfuil leite agam fós! Chonaic mé ar an NY Times ar maidin go mbeidh eachtra dhá uair déag ó meán lae go meán oíche ar siúl i Symphony Space i Manhattan.
Plean agam a bheith ag siúl sna sléibhte i dtuaisceart an stáit!
Chríochnaigh mé an leabhar The Professor and the Madman, an tseachtain seo. An-suimiúil, scéal faoin Oxford English Dictionary, beathaisnéis ar shlí, más féidir é sin a rá. Taobh istigh an bheathaisnéis seo faightear scéalta na rannpháirtithe, agus an tslí ina cuireadh le céile an bailiúcháin na bhfocal.
Ansin in aon tráthnóna amháin leigheas Castle Rackrent le Maria Edgeworth. Leabhar a bhí ar mo liosta le blianta fada anuas. Tháinig mé air sa leabharlann de thaisme fad is a bhíos ag lorg leabhar eile. Tá an scéal go leir anseo.

Monday, June 04, 2007

Cuairteoir Gan Choinne!


Lá fliuch atá ann inniu, ceart go leor dár dtalamh a bhí tirim go leor tar éis tréimhse an-te le déanaí. Bhí ionadh orm cuairteoir a fheiscint sa ghairdín, tortóg mhór atá ann agus í gnóthach ag breith a cuid uibheacha! Bíonn eireaball géar ag na cinn seo an chré a bhaint agus poll oiriúnach a dhéanamh dá n-uibheacha. Is Snapping Turtle í, Chelydra Serpentina, tá a blaosc breis agus troigh ar fad, agus a h-eireaball beagnach troigh eile., b’fhéidir go bhfuil sí timpeall dhá troigh go leith ar fad ó cheann ceann?
Ghlac mé an phictiúr seo ach bhí drogall orm dul ró ghar dí, d’imigh a ceann isteach píosa beag ina blaosc aici nuair a chonaic sí mise ag teacht chuici. Rud eile nó bíonn eagla orm rompu…níl mórán taithí agam le tortóga agus bím amhrasach fúthu. Is cosúil go mbíonn an aicme seo duáilceach go leor agus fonn ar na cinn móra alp a thabhairt ar dhuine, dá bhrí sin an “ainm ceana” Snapping Turtle!

Friday, June 01, 2007

Gnóthach gan Strus! An gairdín, drámaí, scannáin, siúlóidí le Cara…


Inniu, sílim gurb í Meitheamh an mí is fearr.
Ar dtús tá níos mó am agam saor ó aon sort struis, cé go gcoimeádaim an droch meon sin ó leac mo dhorais de gnáth, caithfidh mé a admháil go rabhas gnóthach go leor an téarma seo chaite, ansin díreach d’imigh mé ar turas seachtaine go Portland, (an deas) ach anois tá an clog ag casadh níos moille agus am agam díriú ar na tascanna beaga a bhí curtha ar cheal agam le tamall. Tascanna suaracha go leor ach tábhachtach ag an am céanna……An NY Times a léamh i gceart le cupán caife ar maidin! Tá an t-am agam seal a chaitheamh sa ghairdín go rialta! Ghlan mé amach an cuisneoir! Chuaigh mé trí na cófraí uile ag caitheamh amach na bailiúcháin a thagann le cheile le linn na bliana. Saghas Glantachán an Earraigh, ach ní raibh an t-am é a dhéanamh san earrach.
Rachaidh mé chuig níos mó imeachtaí i NYC chomh maith an mhí seo, is iontach na tairiscintí a bhíonn ós mo chomhair ach an t-am súp a bhaint astu...tiocfaidh athrú ar an scéal go luath.

Chonaic mé dráma ó pheann Tim McGillicuddy an tseachtain seo chaite. “The Irish Play” réamhthaispeántais a bhí ann an Sathairn seo chaite agus bhí sé go breá, dráma greannmhar rómánsach lonnaithe i mBAC i lár na 70s atá i gceist. Tá sé ar siúil anois san Irish Arts Center go dtí an 9ú de mhí Meitheamh. Rachaidh mé arís an oíche deireanach más féidir.

Plean agam an scannán Away From Her a fheiscint anocht. Sílim go mbeidh sé suimiúil agus machnamhach…. faoi Alzheimer’s atá sé agus dís atá le cheile a saolta iomlán. Ach ar ndóigh, beidh mé cinnte go bhfuil an galar sin orm tar eis an scannáin seo a fheiscint! Tá aintín liom (mo mháthair bhaistí) atá ag fulaingt faoin ngalar seo le breis agus fiche bliain anuas…ach dar le mo mháthair níl an bhean bocht ag fulaingt ar chor ar bith, ach tá a cuimhní uile imithe uaithi…ní aithníonn sí a chlann féin anois……
An bhfuil seans ann go léimeann an galar seo thar glúin?

Thursday, May 31, 2007

Féile an tSamhraidh

Ceannaire an mhórshiúil.

Bíonn "Firetrucks" ana thabhachtach i gcónaí!

Cuirtéis ceithre ghunna a scaoileadh

Luadh ainmneacha na marbh ón bhaile seo

Tosaíonn an Samhradh oifigiúil anseo ar Memorial Day, an Luan seo chaite. Lá breá a bhí ann agus ar ndóigh bhí mórshiúil sa bhaile seo maraon lena bailte beaga agus móra ar fud na tíre. Is baile an bheag é seo agus tagann cuid againn amach ar a deich a chloig ar maidin lá na féile tacaíocht a thabhairt…Buailtear le na daoine céanna ag an ocáid seo gach bliain.
Is maith liom an traidisiún agus ní thuigim i ndáiríre nach dtagann níos mó daoine amach ar an sráideanna beaga ómós a thabhairt do saighdiúirí uile a fuair bás san am thart agus iad siúd atá in Iraq nó Afghanistan nó pé áit an lá atá inniu ann. Bíonn orthu a gcuid oibre a dhéanamh de réir a ndualgais, gan cheist. Níl orthu atá an locht.
Ní raibh ach timpeall trí chéad daoine ag an mórshiúil seo, ar an mhéad.

Wednesday, May 23, 2007

An Tréimhse in Oregon.


Sorcha Ní Chonchuir, iníon Ashlinn Adams agus Tommy Ó Conchúir agus an gaeilgeoir is óige ag an Lá na Gaeilge. Bhíomar i Salem an lá seo agus an ghrian ag spalpadh anuas orainn.



Cailín ó ceann des na treibheanna i Salem.


Multnomah Falls. 620 Throigh


Bob agus Éamonn


Cuireann sé ionadh agus áthas orm i gcónaí an tsuim mhór sa teanga a bhíonn le braith go rialta ag imeachtaí sa tír seo… Bhí an Lá na Gaeilge i bPortland, Oregon, ana mhaith ar fad. Is dócha go raibh breis agus ochtú páirteach sa deireadh, idir daltaí, múinteoirí agus ceoltóirí. Bhí ceithre leibhéal de rang Ghaeilge, agus trí rang ar gach leibhéal i rith an lae agus do bhí na ceardlanna amhránaíochta, cheoil agus rince scaipeadh eatarthu. Bhí léacht faoi shaothar Nuala Ní Dhomhnaill i lár na maidine agus ansin chuir céilí deireadh le cúrsaí an lae. Bhí ceathrar againn ag múineadh, Ger Killeen (as Luimneach, lonnaithe i bPortland), Lucy Ni Breathnach (as Corcaigh, lonnaithe i bPortland) Éamonn Ó Dónaill (as Tír Chonaill, lonnaithe i mBaile Átha Cliath) agus mise, (as Luimneach, lonnaithe i NY). Teanga idirnáisiúnta! (Faire Esperanto….)

Rinne an fhoireann, faoi stiúir Bob de Búrca agus Aislinn Adams, an-jab ….. Anois beimid uile ag súil leis an gcéad Lá mór eile amach ansin i bPortland i 2008! Cá bhfios, b’fhéidir Deireadh Seachtaine na Gaeilge uair éigin?
Sos an deas domsa a bhí ann agus chaitheas cúpla lá roimh agus cúpla lá tar éis an Lá Mór i mo thurasóir.

Bhí an aimsir an-oiriúnach chomh maith!! Bíonn fíor aimsir na hÉireann acu i Oregon agus Washington State. Bhí sé ag cur báistí an t-am ar fad… beagnach …….AGH!!! An bháisteach bhog sin a leanann idir lá is d’oíche… ....tuigeann cách……… Ní raibh sé ró fhuar ach tagann an fhuacht ormsa i gcónaí ó éadaí tase nó fiú ón aer tais nuair a bhíonn an aimsir bog mar seo. Níl éalú as, ach an teas lárnach a chur i bhfeidhm le cuairt a thabhairt ar an bpub go rialta, agus rinnemar amhlaidh...… Chuamar ar turais beaga ag féachaint ar easa anseo is ansiúd sa cheantar agus ar ndóigh thugamar cuairt ar Powells, siopa leabhar mór le rá i lár Portland. Chonaic mé teacht le cheile, nó ceiliúradh, ocht dtreibh os comhair Halla an Rialtais i Salem, sin príomhchathair an Stáit. Bíonn brú ar na hIndiach i gcónaí, is cosúil gur ghoid na feirmeoirí uisce ó na haibhneacha le déanaí i gcomhair a gcuid bairr. Cuireann sé seo brú ar saol na mbradán, eisc atá an tábhachtach i gcultúr na hIndiach Meiriceánaigh, ní hamháin ina sean scéalta ach fiú ina ngnáth saolta an lá atá inniu ann. Ach do bhí an-ceiliúradh le feiscint an lá seo i Salem, agus dea chuma ar chách. Rinne roinnte déagóirí ó na treibheanna damhsa le cheile ina gnáth éadaí, (chuir sé seo rince ar a sean nós ar intinne agam, go mór mhór ag an oireachtas agus na déagóirí uile ag damhsa le cheile)………Bhí cuid acu gléasta ina balcaisí traidisiúnta.

Dúradh linn go raibh ceol breá le fáil i bPortland agus thángamar air oíche Dé Dhomhnaigh i Pick Up (Ní trucail ach ainm an phuib…...pub deas go leor ach boladh aisteach na coinclí a bhí ag teacht aníos an staighre....) agus oíche Dé Luain i Moon and Sixpence. Ni fheadar cad iad ainmneacha na gceoltóirí ach bhíodar uile go hiontach. Oíche Dé Luain bhíos i mo shuí sa phub ag déanamh mionchaint le bean deas chairdiúil, cheapas ar dtús gur bhualeas lei áit éigin cheana, bhí súil aithne agam uirthi??? Bhíos mí-cheart, ach ceart i slí, do bhí súil aithne agam uirthi óna DVD Dance Sean Nós. DVD a fuair mé ag an Oireachtas anuraidh agus a luaigh mé ar an mblog seo cúpla uair. Maldon Meehan a bhí inti, agus bean mór damhsa í siúd. Bhí sí ag damhsa ar an sean nós sa Moon and Sixpence an oíche sin. Is aoibhinn liom an saghas damhsa seo agus anois tar éis bualadh léi tá fonn orm cleachtadh a dhéanamh arís agus na céimeanna bunúsacha a fhoghlaim ar a laghad.

Tá thiar orm anois le mo chuid oibre ach b’fhiú an turas.

Friday, May 18, 2007

Ar Saoire!

Anseo i Salem Oregon ataim! Beidh La na Gaeilge ar siuil anseo i Marylhurst College, Portland, amarach, an chead La na Gaeilge anseo riamh agus creid no na creid beidh breis agus ochtu daoine pairteach…(nios mo is docha. mar i gconai tagann daoine ar an la nach bhfuil claraithe ar chor ar bith). Ta an ocaid curtha le cheile ag Bob de Burca agus Aislinn Adams le cabhair o foireann iontach ata ag obair leo. Tuilleadh eolais i gceann la no dho.
Ta an aimsir go brea anseo, nios fionuaire na Nua Eabhrac ach an deas. Bhraitheas on gcead dul sios go raibh an t aer cosuil leis an aer in Eirinn. Ur….ach aeraid tais ata ann! Ta cuma alainn agus beagnach gach rud faoi bhlath cheanna.

Tuesday, May 15, 2007

Ar ais ó deireadh seachtaine in Esopus, seo thuas dream againn a bhí ag léamh gearrscéalta ó pheann Tomas Bairéad le cheile. Bhí na scéalta go breá, ón leabhar “An Geall A Briseadh” dá chuid. Thug Seán Molloy (ar chlé) cóipeanna dúinn ón leabhar a bhí aige ar scoil i gConamara.

Cheapaim go bhfuil ceird scríbhneoir an ghearrscéil le feiscint go soiléir sna scéalta seo. Plean agam anois teacht ar leabhar eile ó Tomas Bairéad “Cumhacht na Cinniúna ” Tá cóip sa leabharlann ag feitheamh orm. Gheobhaidh mé inniu é. ( Bhí Soisear Mac Coinnaith linn chomh maith ach eisean an griangrafadóir! )


Tán galar Lyme ar Cara bocht. Thug mé go dtí an tréidlia inné, scrúdú na bliana. Fuair sé gnáth scrúdú fola, agus bíonn uirthi insteallthaí a fháil gach bliain, na vacsaín, i gcoinne confadh (rabies,) conslaod (distemper) agus araile. Bhíos cúig seachtaine déanach an choinne seo a shocrú agus taobh istigh an fhuinneog chaol sin fuair sí an galar ó sceartán fhia. Bhí an galar seo ar Páraic faoi dhó, ar Eimhin faoi dhó, ar Eoghan uair amháin agus ar Cian uair amháin. Ní raibh sé riamh orm, B le D.………. Beidh Cara ag ghlacadh antiobiotics anois ar feadh míosa. Ní raibh airíonna an ghalar uirthi ar chor ar bith. Anois tá orm piollaí a thabhairt dí idir maidin is d’oíche i bhfolach ina cuid bia. Bíonn a fhios aici áfach mar is cailín ana glic í agus í ag iarraidh iad a sheachaint i gcónaí….
Beidh mé ag imeacht amárach ar turas gearr go
Portland, Oregon agus í a fhágáil faoi cúram an líon tí anseo. Ní maith liom páiste nó peata a fhágáil tinn agus mé ar turas.

Tuesday, May 08, 2007

Rotha Mór an tSaoil.

North Enters New Power Sharing Era. Ceannlíne san Irish Times inniu. Dé gnáth sheachnaím cúrsaí pholaitíochta anseo agus is lá aisteach é seo. Tá siad uile chomh gung ho sin, tá an t-am atá thart uile faoin mbrat anois…..Fan go bhfeicfimid cad a tharlóidh tar éis an mhí na meala! Ach táim dóchasach ar son muintir tuaisceart na hÉireann, go h airithe iad siúd a bhí sáite sna trioblóidí ar an dá thaobh. Tá súil agam go mbeidh siad in ann spiorad an chonartha seo a ghlacadh….. ach fiú domsa, (agus mise ó chlann nach raibh baint acu i gcúrsaí polaitíochta an tuaiscirt, ach amháin mar lucht féachana an deiscirt,) bíonn sé i gcónaí deacair dom smaoineamh ar Ian Paisley gan mórán déistine.

Leanann an bhóthair ar aghaidh i slí amháin, ní stopann sí choíche.

Tá cara liom an-tinn faoi láthair. Bhí a fhios againn, mise agus cúpla cara dó, nach raibh gach rud i gceart leis ar feadh tamaillín ach thit an tóin as an saol an tseachtain seo chaite agus tá sé san otharlann anois, fad is atáimid uile ag leanúint le gnáth eachtraí ár saolta agus ag smaoineamh air agus ar a chlann. Sin mar atá, tagann an grian aníos agus imíonn sí síos.

Saturday, May 05, 2007

Craic agus Comhluadar (Pleidhcíocht sa phub)

Braithim go bhfuil an samhradh buailte linn!
Cé nach bhfuil i gceist ach an t-earrach, tagann mothúcháin an tsamhraidh chomh luath agus a bhraithim teas na gréine ag spalpadh anuas ar mo chraiceann geal!

Is aoibhinn liom é agus is aoibhinn liom na séasúir uile.

Chuireas tús leis an deireadh seachtaine oíche Chéadaoin! Tháinig dream againn, an Club Chéad Céadaoin, le cheile i Dunne’s phub i White Plains agus ós rud é go raibh an ceol go breá (Brian Conway agus a chairde, Joanie Madden ina measc) bhí orainn rince! Bainim an-taitneamh as damhsa ach faraoir bíonn na rincí go léir measctha agam agus ní bhíonn muinín agam a bheith páirteach i seit muna bhfuil an t eolas ag mo pháirtí.(Má bhíonn an t eolas aige bím ceart go leor ag leanúint ordaithe!!!!!)
Bhí an t-ádh dearg liom agus le mo chara Mairéad oíche Chéadaoin mar do bhí Noel, Alphie, Cathal agus
Maitiú inár gcomhluadar agus iad uile in ann damhsa. Ní fheadar cén saghas seiteanna a bhí ann ach do bhí an-craic againn. Chuala bean sinn ag caint as Gaeilge agus tháinig sí chugainn, Siobhán Ní Cinnéide as Daingean Ui Chúis ó dhúchas a bhí inti agus í ina cónaí i White Plains anois. Bhuaileamar lena deirfiúr atá ar turas ón nDaingean faoi láthair agus ní fada go rabhadar ag damhsa linn chomh maith. Measaim gur chuir sé ionadh ar mhac Shiobhán í a chloisint ag caint go compordach sa Ghaeilge linne, gan trácht ar a aintín a fheiscint ag rince an cornphíopa os chomhair an tslua sa phub, agus damhsóir breá a bhí inti. Bhíomar uile “maith go leor” cé nach raibh mórán le n-ól againn.

Monday, April 30, 2007

Suim sa Ghaeilge i Nua Eabhrac

Bhí lá breá againn dé Sathairn in Áras na hÉireann, NYU. Mar a luaigh mé an tseachtain seo chaite, bhí an Siompóisiam seo i ndil chuimhne ar Bharra Ó Donnabháin, scoláire mór na Gaeilge anseo i Nua Eabhrac. Bhí Eibhlín Zurell agus Tomas Ó Cathail ag caint linn faoi an slí ina bhfuaireadar a gcuid Gaeilge. I gcás Eibhlín, fuair sí an teanga ó daoine éagsúla, trí canúintí éagsúla, anseo i Nua Eabhrac, agus mhínigh sí go bhfuil a fhios aici na slite ina bhfuair a múinteoirí a gcuidse! Braitheann sí go bhfuil rian na bhfoinsí sin, a bhí ag a múinteoirí, ina Gaeilge féin agus tá. Léirigh Tomás dúinn a saol le Gaeilge. Bé Albert Fry i mBéal Feirste an múinteoir a bhíodh aige ar dtús, timpeall fiche bliain ó shin agus lean Tomas ar aghaidh ina aonar agus é ar ais sna Stát, le cabhair ó Albert trí téipeanna a thug sé dó agus é ag fágáil slán leis i mBéal Feirste. Tháinig Tomás chuig an teanga trí an suim a bhí aige sa cheol traidisiúnta, agus is ceoltóir den scoth é. Rith sé leis go mbeadh tuiscint níos doimhne aige faoin gceol dá mbeadh an teanga aige, spreag an suim seo chun na teanga é. Labhair Roslyn Blyn La Drew faoi dathanna sa teanga, go mór mhór an dath oráiste, an dath nó toradh amháin é? Cad faoi flannbhuí? Ról an dath seo i stair na hÉireann agus araile. Lean sé ag labhairt faoi dathanna eile chomh maith, Uaine agus glas (bhíodh glas againn i gcónaí mar saghas “liath” chomh maith ach ní raibh sé sa tuaisceart de réir dealramh) Bán, geal agus glan….. is dócha go bhfuil athruithe ag teacht i n-úsáid na bhfocal agus b’fhéidir go raibh ana chuid focal eile a bhain le dathanna i nádúr sa sean teanga, nach bhfuil aistriúcháin ann ar chor ar bith go béarla? Bheadh sé suimiúil teacht orthu seo ach conas??? Bhíos ag smaoineamh ar seo ag teacht abhaile ar an traein mé.
Bhí Seán Ó Cathail ag caint linn faoin teanga i gcúrsaí polaitíochta in Éireann (ó 1366!! Go dtí an lá atá inniu ann), scéal brónach i ndáiríre ar ndóigh, go raibh an teanga mar ghalar! Agus meon, nó cuspóir, an rialtais deireadh a chur léi le na céadta bliana. Ansin do bhí mé féin, Francesca Nic Colla agus Elaine Ní Bhraonáin ag labhairt faoi teagasc na Gaeilge: Bé m’ábhar ná ag teagasc na Gaeilge do dhaoine fásta i Meiriceá, na modhanna a úsáidim agus na slite ina éiríonn cuid acu i gcomparáid le cuid eile. Bhí Francesca ag caint faoin scéim múinteoireachta teanga idirnáisiúnta Fulbright agus sise ar scoláireacht anseo i Nua Eabhrac (NYU) ar son an bhliain acadúil 2006 -2007. Bhí Elaine ag míniú dúinn an tslí ina mhúineann sí an teanga le cabhair ón idirlíon, ní thagann na mic léinn chuig an seomra ranga ar chor ar bith ach bíonn sí i dteagmháil leo trí mheán an idirlíon le comhaid na fuaime, obair bhaile agus araile.
Is léir go bhfuil an tsuim sa Ghaeilge sa tír seo (agus b’fhéidir i tíortha eile ar fud na cruinne?) ag eirí ó bhliain go bliain.

Wednesday, April 25, 2007

Siompóisiam i ndil chuimhne ar Barra Ó Donnabhain


Beidh Siompóisiam i ndil chuimhne ar Barra Ó Donnabháin ar siúil an deireadh seachtaine seo in Áras Glucksman na hÉireann, NYU., NYC..

Beidh lá iontach againn. Féach ar an gClár anseo. Ní gá dom cuir sios a dhéanamh ar Bharra agus an méad oibre a dhein sé ar son na Gaeilge anseo i Nua Eabhrac. Bheinn anseo go meán oíche! Bhraithimid uainn é i gcónaí agus bíonn a spiorad le mhothú aon uair a thagann a chairde le cheile an teanga a cheiliúradh. Is iontach an rud é go bhfuil an ócáid againn in onóir do ar son a sheirbhís fíor luachmhar ar son dul chun cinn agus múineadh na Gaeilge i Meiriceá. Beidh fáilte is fiche roimh cách, beidh sé saor in aisce, agus an lá iomlán trí mheán na Gaeilge.

Táim cinnte go bhfuil Barra sásta le seo, grásta Dé ar a anam dílis.

Bí Linn

Friday, April 20, 2007

Droch Seachtain

Tháinig saghas pairilise orm an tseachtain seo. Bhain an droch eachtra sa ollscoil Virginia Tech geit mhór asam. Bhí pictiúir des na híobartaigh uile ar an teilifís oíche aréir agus ar na nuachtáin chomh maith inné, roinnt agallaimh lena gcairde le chloisteáil ar an raidió, a dtuismitheoirí agus araile,... go raibh orm an TV a mhúchadh. Bhí sé mós brónach. Tháinig na híobartaigh seo chun na beochta tri na hagallaimh céanna.

Chonaic cuid den scannán féin déanta ag an ndúnmharfóir agus chuir fuaim a ghutha déistin orm. Níl suim agam níos mó a fheiscint faoi nó níos mó a thuiscint faoi ach oiread. Sin a bhí uaidh! Gach duine sa tír a bheith tógtha leis. Níl plean agam a bheith ag damhsa lena dhrochcheol óna uaigh, an mac mallachtán sin.

Buailim le mic léinn cosúil lena híobartaigh seo ceithre uair in aghaidh na seachtaine, daoine óga a bhaineann taitneamh agus sult as gach rud, gan mórán cúram ag an am seo dá saolta ach staidéir a dhéanamh, craic a bheith acu agus bhféidir roinnte oibre gan mórán brú, i siopaí nó i mbialanna. Seo mar a bhí ag cuid is mó des na mic léinn bochta a bhfuair bás ag tús na seachtaine.

Bhí plean agam cur síos ar an deireadh seachtaine bhreá na Gaeilge a bhí againn i New Jersey, timpeall daichead bailithe le cheile an uair seo, ansin bhí an turas abhaile Dé Dhomhnaigh seo chaite suimiúil i lár stoirme fearthainne, a leithéid nach bhfaca mé riamh! Ach bhí an t ádh liom gur shroich mé mo theach cúpla uair roimh dúnadh na mbóithre uile ó thuaidh i Westchester NY.
Anois, ar ndóigh, chuir iompar Don Imus an tseachtain seo chaite isteach orm, ní hamháin gur chaith sé maslach uafásach ar na cailíní ar fhoireann Chispheil coláiste Rutgers ach cad faoi an slí ina thugadh bata agus bóthar do? ní ar son an masla ach ar son an toradh……… gur ghlac roinnt comhlachtaí móra a gcuid urraíochta óna sheó... agus rinne sé sin an beart! Is trua go labhraínn an t-airgead i gcónaí, i nguth níos airde ná aon creidimh i gceart agus an t-éigeart…... Ar aon nós níl mo thuairimí faoi na h ábhair luaite thuas ró thábhachtach tar eis an eachtra i Virginia Tech. Cad é cearr le daonnacht? Cén fáth go dtéann duine, le fuadar maraithe, as smacht mar seo chomh rialta? Tuigim go raibh an duine seo tinn ach an bhfuil aon gné eile a dhéanann slad cosúil le seo nuair a bhíonn rud as smacht in a shaol féin? Féach táim ar ais ar an ábhar arís.

Plean agam cúpla abairt a scríobh faoin ACIS (American Conference of Irish Studies) atá ar siúl i NYC faoi láthair. Tugadh “Lá na Gaeilge” ar chúrsaí inné, fuaireas ephoist á rá……... bhuaileas isteach ann tar éis lóin mar bhíos ag múineadh maidin inné. Faraor bhí imeachtaí an tráthnóna, maidir leis an teanga, trí mheán an bhéarla. Mar shampla, tháinig dream le cheile ag phlé, Staidéir na Gaeilge sa Thodhchaí … Bhí cúpla rud suimiúil le rá ag cuid des na rannpháirtigh sin, agus bhí Gaeilge acu uilig sílim...... Tar éis sin painéal eile ag caint faoi, An Ghaeilge San Am Fadó Agus Anois, (trí mheán an bhéarla chomh maith)…..
Bhíos ag caint faoi seo le Séamas de Bláca …….."de gnáth," a dúirt sé, "ní bhíonn faic trí mheán na Gaeilge ag an ócáid mhór seo."
Más é mar atá sé is dócha go raibh an comhdháil seo i bhfad níos fearr ar son na teanga ná aon ceann riamh!!

Bhuel, tá an aimsir ag éirí nios fearr anois.

Thursday, April 12, 2007

An Buachaill Bocht


Bhuel, tháinig Eoghan abhaile tar éis seachtaine caite aige i bhFlorida. Tréimhse bhreá a bhí aige ach tharla go raibh rian slaghdáin air oíche Dhomhnaigh, scornach tinn agus gan fuinneamh éin ann. Ní raibh dul as ach cuairt a thabhairt ar an dochtúir mar is mhinic a thagann droch tinneas ó rian scornach tinn…tinneas i bhfad níos measa.

Chuamar chuig oifig an dochtúra maidin dé Luain. Bíonn sé greannmhar ag oifig an Pediatrician le déanaí mar is scafaire fir é Eoghan anois cé nach bhfuil ach 15 bliana d’aois air. Bhíomar ann sa seomra fheithimh le beirt bhan eile agus a gcúram, mamailíneacha beaga ag imirt le bréagáin agus iad ina suí ar na gcathaoireacha beaga oiriúnach do phaistí beaga. Bhí m’ Eoghainín óg ina chineál fathaigh agus é níos airde ná aoinne eile sa seomra.

Ar aon nós isteach leis nuair a tháinig a sheal aníos, d‘fhan mise sa seomra fheithimh, seans teacht aníos le scéalta Brad agus Angelina agus araile sna h-irisleabhair a bhaineann le scéalta scannalaigh na tíre seo……….Ach tar eis roinnt nóiméad fuaireas glaoch ón dochtúir. Isteach liom.

“Tá a scornach an nimhneach ar fad” a dúirt sí, “Tuigim” arsa mise, agus lean sí “Ach ní he sin an fáth go bhfuil orm labhairt leat.”
D’fhéach mé uirthi le ionadh agus chonaic miongháire beag ar aghaidh Eoghain. “ Luaigh Eoghan dom gur ghortaigh sé a ordóg breis agus mí ó shin ag sciáil, scrúdaigh mé é agus tá seans mhaith ann gur bhris sé é……….féach” a dúirt sí “ Tá sé fós mós ait, an bhfeiceann tú é “

Bhuel, bhí a fhios agam go raibh sé gortaithe aige tamall ó shin ach le triúr mac múna bhfuil rud a chur fola, nó múna bhfuil duine ag scread le pian, is minic a dhéanann pacáiste oighir an beart!

Bíonn an triúr acu mór le cúrsaí spórtúla agus bíonn pacáistí oighir réidh i gcónaí……!

”Is cuimhin liom an lá a ghortaigh sé é ceart go leor”, a dúirt me ag iarraidh mé féin a chosaint, “Thug mé an comhairle dó oighear a chur air an lámh, níor chuala mé mórán ghearáin uaidh ó shin…..” agus mise ag tabhairt an drochshúile ar an gcréatúr le gáire ina shúile aige.

“An buachaill bocht” a dúirt an dochtúir, “ní bhíonn sé nádúrtha dó a bheith ag gearán is dócha “ (bhain Eoghan an taitneamh as sin!!).

Bhí sé á mo mhagadh an oíche iomlán………..Dhein an chuairt seo an mhaitheas dá scornach tinn chaithfidh mé a rá.

Ar aghaidh linn an mhaidin dár gcionn X ray a fhail agus bá é an toradh ná dá raibh an ordóg bhriste sé seachtain ó shin, níl sé briste níos mó………….. Ní gá aon rud a dhéanamh leis anois. (cé go bhfuil cuma beagáinín as ord ann ceart go leor.)
B’fhéidir nach raibh sé briste ar chor ar bith? agus mise sábháilte mar mháthair?
An radharc dearfach i gcónaí....

Monday, April 09, 2007

Imeachtaí ag Teacht Chugainn in Aibreán

Beidh lucht na Gaeilge gnóthach go leor an t-Earrach seo. Beidh deireadh seachtaine na Gaeilge ar siúl ó an 13ú Aibreáin go dtí an 15ú i Long Beach Island, New Jersey. Bionn an deireadh seachtaine seo ana mhaith gach bhliain agus os rud é go bhfuil sí in Aibreáin in ionad mí an Mhárta i mbliana táim ag súil le aimsir geal agus taitneamhach. Tuilleadh eolais ár suíomh Daltaí.

Ansin ar an 28ú de mhí Aibreáin beidh Siompóisiam Bharra Uí Dhonnabháin in Áras na hÉireann, NYU. Beidh an siompóisiam uile trí mheán na Gaeilge agus tá lá iontach geallta. Ós rud é nach bhfuil Áras Glucksman ró mhór bá choir glaoch a chur má bhíonn spéis agat a bheith páirteach agus do shuíochán a chur in áirithe. Níos mó faoi seo i gceann cupla lá ach tá tuilleadh eolais, uimhir fóin agus araile anseo.

Beidh deireadh seachtaine na Gaeilge ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann i Kingston Ontario ó an 27ú go dtí an 29ú de mhí Aibreáin. Tuilleadh eolais ó Bob Mac Diarmuid (613)544-1055