D’éag cara liom timpeall ocht mí ó shin. Seanduine a bhí ann agus saol lán saibhir caite aige. Ní raibh sé tinn ag an deireadh, tharla go bhfuair sé bás i slí tobann go leor cé go raibh sé breis agus nócha bliana d’aois. Bhíodh sé de nós agam cuairt a thabhairt air go rialta. Ba dhuine géarchúiseach cliste, daingean ina bharúla é cé go raibh sé oscailte roimh díospóireacht i gcónaí.
Fuaireas cuireadh seachtain ó shin dul go dtí a theach féachaint ar a mhaoin phearsanta, dá mbeadh suim agam…. Chuaigh tráthnóna inné. Cuireadh ceithre bosca beaga plastic os mo chomhair. Saol fada i gceithre bosca beaga a cheapas agus an méad bruscair atá bailithe agamsa (agus mise níos lú ná leath a aois féin nuair a d’imigh sé ar shlí na fírinne.) ach ghlac sé móideanna crábhaidh agus é ina fhear óg, ceann na bochtaineachta ina measc, agus níor bhog sé uathu.
Bhraitheas ait go leor ag féachaint ar gach rud, a mhaoin phearsanta, ….ar dtús a bhailiúcháin ghrianghraf, é ina bhuachaill óg, ansin ina dhéagóir i gcontae an Chláir, ansin ina fhear óg scafánta, ard agus láidir, dathúil agus fiú ag an am sin cuma duine intleachtach air le spéaclaí beaga ciorclacha… Tháinig mé ar teastas ó 1931 nuair a d’éirigh sé ina staonaire, agus roinnt teastais eile chomh maith ó Ollscoil na hÉireann agus Ollscoil Fordham anseo i N.Y.
Ansin nóta gearr uaidh ó 2000: “ If anyone asks how I want to be remembered please say the following about me: “and gladly wolde he lerne and gladly teche” “
focail ó na Canterbury Tales sílim. Níor chuala mé na focail sin ag a socraid agus níl siad ar a lia, ach tá siad anseo anois a Bhráthair Ó Cuinn.
Lean mé ag léamh sean léachta óna pheann a bhí bailithe ann, lámhscríbhinní, agus sa bhosca deireanach tháinig mé ar mála cáipéisí leathair, ceann cosúil le ceann a bhí ag m’athair féin, ina choimeádfadh clúdaigh glana agus páipéir scríbhneoireachta d’iad siúd le nós litreacha a scríobh, sean nós an lá atá inniu ann! Bhí a pas i gclúdach sa mhála seo chomh maith. Ansin chonaic mé go raibh clúdach amháin ann le ainm agus seoladh air... Thógas aníos é agus cad a bhí le feiscint air ach m’ainm agus seoladh féin, ní raibh aon rud laistigh.
Bhíos ceart go leor go dtí an pointe sin ach tháinig tocht orm ar feadh aga. Bhí plean aige nóta a scríobh chugam ach b’fhéidir nach raibh an t-am aige an lá sin? Cad a bhí ar intinn aige a chur chugam? Ceist gan freagair.
3 comments:
Beannacht Dé ar a anam uasail.
An bhfuil a fhios agat an ndearna Pádraig Ó Cearbhúil aon rud eile leis an scannán sin (an t-agallamh) fós?
Tá an scannán sin sa chartlann in NYU. Ní dóigh liom go raibh plean áirithe rud ar bith a dhéanamh ach amháin fo-theidil a chur leis. An bhfuil suim agat é a fheiscint arís? is féidir liom teacht air. H
Ba mhaith, am éigin.
Ba chóir dóibh é a chur ina chodanna ar Youtube...
Post a Comment