Wednesday, January 15, 2014

Cuaifeach Fuatha ag Éirí



Blianta ó shin bhíodh an nós agam cúpla focal a scríobh faoi na leabhair a bhíos ag léamh, ansin d'éirigh mé as an nós, ní fheadar cén fáth, anois seo liom thar n-ais ag roinnt mo thuairim faoi leabhar.  Mhol cara liom an ceann seo díreach roimh na Nollag agus tá áthas orm gur léigh mé é.

Chríochnaigh mé The Invisible Bridge (Vintage Contemporaries)  le Julie Orringer an tseachtain seo caite, leabhar a bhí i gcomhluadar liom ar feadh coicíse. Osclaíonn imeachtaí an scéil seo i Budapest i 1939, áit a bhfuil an príomh charachtar, Andras ina chónaí. Is Giúdach óg é Andras, 22 bliana d'aois ag tús an scéil, agus é ar tí an chéad chéim a ghlacadh mar fhear fásta. Ba mhaith leis a bheith ina ailtire, ach tá air bogadh go coláiste i bPáras de dheasca fríth Ghiúdachas ina thír féin. Cuireadh tús le cosc ar oideachas ar an tríú leibhéal do na Giúdaigh timpeall an ama seo, agus fad is a bhíonn Andras ag iarraidh a shaol a eagrú i bPáras feictear saolta a threibh trasna na hEorpa ag titim ina phraiseach agus cearta sibhialta bainte uatha i ngach gné dá saolta de réir a cheile. Cailleann Andras, a chlann agus a chairde smacht ar gach a bhfuil acu, go dtí go bhfuil an rud deireanach, a ndóchas féin, bainte uathu. Cheapas go raibh scil nach beag ag an údar seo carachtair réalaíocha a chruthú, bhíodar dóchasach agus iad óg, ag baint súp as an saol, ag titim i ngrá agus cinnte go mbeadh gach rud níos fearr sa todhchaí. Bhí an t-ádh dearg air cuid acu agus mí-ádh air cuid eile. Ach rud amháin a bhí acu go léir ná nár thuigeadar an fuath agus an ghráin a bhí dírithe orthu.

(Ní nach ionadh.
Sin rud nach dtuigim féin.
An tUileloscadh?)

Is é seo an chéad úrscéal foilsithe ag Julie Orringer agus anois is arís, go mór mhór sa tarna leath, cheapfá gur sobal-dhráma a bhí ann leis an méad comhtharlaithe agus an nós teacht ar tarrthálaithe ar an nóiméad práinneach, ach chomh luath agus a bheadh smaoineamh mar sin agam d'éirigh mé as de bharr imeacht éigin stairiúil fite go dlúth sa scéal. Is leabhar fada go leor é, ní fheadar cé mhéad leathanach atá ann mar léigh mé ar mo Kindle é, ach bíonn an t-am ag an léitheoir aithne mhaith a chur ar na carachtair go léir, agus as sin a gcinntí a thuiscint san atmaisféar tragóideach ina rabhadar.
Braithimid an cuaifeach fuatha ag éirí níos láidre agus sinn agus iad éagumasach roimhe. Cé go bhfuil leabhair go leor leite agam faoin dara cogadh domhanda ní cuimhin liom ceann lonnaithe san Ungáir, agus go dtí seo caithfidh mé a admháil nach raibh mórán eolais agam faoi cúrsaí pholaitíochta sa tír sin thar na blianta dorcha san 1939 - 1945 ach an oiread. Is leabhar ficsean é The Invisible Bridge ach tá sé bunaithe ar scéalta shean tuismitheoirí an údair, agus is léir gur dhein sí taighde domhain ar an ábhar mar cíorann sí gach gné den scéal san Ungáir agus sa bhFrainc ó thaobh staire agus suíomh de.
Tá scéalta brónacha bunaithe na cogaidh dhomhanda mar seo againn cheana féin ar ndóigh, ach fós féin is fiú cuairt a thabhairt ar an ábhar arís is arís eile, dar liom, ní bheadh sé rómhaith dearúd a dhéanamh ar an tréimhse sin riamh.