Tuesday, June 21, 2011

...Ag Seoladh Siar



Chaith mé seal in iarthar na tíre le déanaí, i gceantar Portland, Oregon. Bhí sé ana dheas ar fad. Chaith mé lá amháin níos faide siar in aice an chósta le mo chairde, turas dhá uair nó mar sin ón gcathair. Bhí sé ag cur fearthainne an lá seo, ach bhí sé bog leis agus chuamar ag siúl faoin bhfearthainn. Stop an bháisteach tar éis tamaill agus tháinig ceobhrán orainn, níor chuir sé isteach orainn áfach nó ar éanlaith na spéire ach oiread, bhíodar ag canadh agus ag glaoch. Bhí fáinleoga go flúirseach ansin, iad ag teacht anuas agus ag dul suas, ag luascadh os ár gcomhair.

Thursday, June 02, 2011

Manhattan

Bíonn sí crua agus cneasta, a cruth caol in aghaidh a h-aois, a dóigheanna tarraingteach go síoraí, mealltach agus mín fiú.
Meallann sí chuig a fuinneamh iad gan geallta, le solas na rógaireachta ina súile meidhreacha aici.
Tagann siad, glún tar éis glúna, ag súil lena dea-mhéin, cinnte go mbronnadh sí orthu é, go bhfuil sé tuillte acu.
Ach bíonn súil in ard aici - ise a cruthaíonn na rialacha, agus athraíonn sí iad de réir mar a bhuaileann an spadhar í!
Ní i gcónaí a bhíonn sí ceart nó cóir ach bíonn sí riamh saor ó phionós.
Cúitíonn sí a ndúthracht in amanna agus beirtear greim ar a grabhróga le mór buíochas, mar mhamailínigh ocracha.
Foghlaimítear uaithi, gurb fhearrde nósanna beagintinneacha biogóideacha a fhágáil ar a leac dorais,
go bhfuil fáilte mór aici roimh féith grinn agus gach cineál gháire 's magadh agus go mbíonn blas ar an mbeagán i gcónaí. Tagann tuiscint.
Agus má imítear uaithi, agus iad tuirse, míshásta fiú, nó níos cumasaí agus níos saibhre, bíonn a fhios acu nach cuma léi.
Croitheann sí slán le póg san aer agus caoch a súil - déanann sí dearmad orthu díreach, ach tá a fhios aici nach ndéantar dearmad riamh uirthise mar téann sí go smior iontu.