Thursday, June 02, 2011

Manhattan

Bíonn sí crua agus cneasta, a cruth caol in aghaidh a h-aois, a dóigheanna tarraingteach go síoraí, mealltach agus mín fiú.
Meallann sí chuig a fuinneamh iad gan geallta, le solas na rógaireachta ina súile meidhreacha aici.
Tagann siad, glún tar éis glúna, ag súil lena dea-mhéin, cinnte go mbronnadh sí orthu é, go bhfuil sé tuillte acu.
Ach bíonn súil in ard aici - ise a cruthaíonn na rialacha, agus athraíonn sí iad de réir mar a bhuaileann an spadhar í!
Ní i gcónaí a bhíonn sí ceart nó cóir ach bíonn sí riamh saor ó phionós.
Cúitíonn sí a ndúthracht in amanna agus beirtear greim ar a grabhróga le mór buíochas, mar mhamailínigh ocracha.
Foghlaimítear uaithi, gurb fhearrde nósanna beagintinneacha biogóideacha a fhágáil ar a leac dorais,
go bhfuil fáilte mór aici roimh féith grinn agus gach cineál gháire 's magadh agus go mbíonn blas ar an mbeagán i gcónaí. Tagann tuiscint.
Agus má imítear uaithi, agus iad tuirse, míshásta fiú, nó níos cumasaí agus níos saibhre, bíonn a fhios acu nach cuma léi.
Croitheann sí slán le póg san aer agus caoch a súil - déanann sí dearmad orthu díreach, ach tá a fhios aici nach ndéantar dearmad riamh uirthise mar téann sí go smior iontu.

1 comment:

John said...

Go hálainn ar fad.

(Ach fós féin, b'fhearr liomsa Siceagó!)