Monday, April 30, 2007

Suim sa Ghaeilge i Nua Eabhrac

Bhí lá breá againn dé Sathairn in Áras na hÉireann, NYU. Mar a luaigh mé an tseachtain seo chaite, bhí an Siompóisiam seo i ndil chuimhne ar Bharra Ó Donnabháin, scoláire mór na Gaeilge anseo i Nua Eabhrac. Bhí Eibhlín Zurell agus Tomas Ó Cathail ag caint linn faoi an slí ina bhfuaireadar a gcuid Gaeilge. I gcás Eibhlín, fuair sí an teanga ó daoine éagsúla, trí canúintí éagsúla, anseo i Nua Eabhrac, agus mhínigh sí go bhfuil a fhios aici na slite ina bhfuair a múinteoirí a gcuidse! Braitheann sí go bhfuil rian na bhfoinsí sin, a bhí ag a múinteoirí, ina Gaeilge féin agus tá. Léirigh Tomás dúinn a saol le Gaeilge. Bé Albert Fry i mBéal Feirste an múinteoir a bhíodh aige ar dtús, timpeall fiche bliain ó shin agus lean Tomas ar aghaidh ina aonar agus é ar ais sna Stát, le cabhair ó Albert trí téipeanna a thug sé dó agus é ag fágáil slán leis i mBéal Feirste. Tháinig Tomás chuig an teanga trí an suim a bhí aige sa cheol traidisiúnta, agus is ceoltóir den scoth é. Rith sé leis go mbeadh tuiscint níos doimhne aige faoin gceol dá mbeadh an teanga aige, spreag an suim seo chun na teanga é. Labhair Roslyn Blyn La Drew faoi dathanna sa teanga, go mór mhór an dath oráiste, an dath nó toradh amháin é? Cad faoi flannbhuí? Ról an dath seo i stair na hÉireann agus araile. Lean sé ag labhairt faoi dathanna eile chomh maith, Uaine agus glas (bhíodh glas againn i gcónaí mar saghas “liath” chomh maith ach ní raibh sé sa tuaisceart de réir dealramh) Bán, geal agus glan….. is dócha go bhfuil athruithe ag teacht i n-úsáid na bhfocal agus b’fhéidir go raibh ana chuid focal eile a bhain le dathanna i nádúr sa sean teanga, nach bhfuil aistriúcháin ann ar chor ar bith go béarla? Bheadh sé suimiúil teacht orthu seo ach conas??? Bhíos ag smaoineamh ar seo ag teacht abhaile ar an traein mé.
Bhí Seán Ó Cathail ag caint linn faoin teanga i gcúrsaí polaitíochta in Éireann (ó 1366!! Go dtí an lá atá inniu ann), scéal brónach i ndáiríre ar ndóigh, go raibh an teanga mar ghalar! Agus meon, nó cuspóir, an rialtais deireadh a chur léi le na céadta bliana. Ansin do bhí mé féin, Francesca Nic Colla agus Elaine Ní Bhraonáin ag labhairt faoi teagasc na Gaeilge: Bé m’ábhar ná ag teagasc na Gaeilge do dhaoine fásta i Meiriceá, na modhanna a úsáidim agus na slite ina éiríonn cuid acu i gcomparáid le cuid eile. Bhí Francesca ag caint faoin scéim múinteoireachta teanga idirnáisiúnta Fulbright agus sise ar scoláireacht anseo i Nua Eabhrac (NYU) ar son an bhliain acadúil 2006 -2007. Bhí Elaine ag míniú dúinn an tslí ina mhúineann sí an teanga le cabhair ón idirlíon, ní thagann na mic léinn chuig an seomra ranga ar chor ar bith ach bíonn sí i dteagmháil leo trí mheán an idirlíon le comhaid na fuaime, obair bhaile agus araile.
Is léir go bhfuil an tsuim sa Ghaeilge sa tír seo (agus b’fhéidir i tíortha eile ar fud na cruinne?) ag eirí ó bhliain go bliain.

Wednesday, April 25, 2007

Siompóisiam i ndil chuimhne ar Barra Ó Donnabhain


Beidh Siompóisiam i ndil chuimhne ar Barra Ó Donnabháin ar siúil an deireadh seachtaine seo in Áras Glucksman na hÉireann, NYU., NYC..

Beidh lá iontach againn. Féach ar an gClár anseo. Ní gá dom cuir sios a dhéanamh ar Bharra agus an méad oibre a dhein sé ar son na Gaeilge anseo i Nua Eabhrac. Bheinn anseo go meán oíche! Bhraithimid uainn é i gcónaí agus bíonn a spiorad le mhothú aon uair a thagann a chairde le cheile an teanga a cheiliúradh. Is iontach an rud é go bhfuil an ócáid againn in onóir do ar son a sheirbhís fíor luachmhar ar son dul chun cinn agus múineadh na Gaeilge i Meiriceá. Beidh fáilte is fiche roimh cách, beidh sé saor in aisce, agus an lá iomlán trí mheán na Gaeilge.

Táim cinnte go bhfuil Barra sásta le seo, grásta Dé ar a anam dílis.

Bí Linn

Friday, April 20, 2007

Droch Seachtain

Tháinig saghas pairilise orm an tseachtain seo. Bhain an droch eachtra sa ollscoil Virginia Tech geit mhór asam. Bhí pictiúir des na híobartaigh uile ar an teilifís oíche aréir agus ar na nuachtáin chomh maith inné, roinnt agallaimh lena gcairde le chloisteáil ar an raidió, a dtuismitheoirí agus araile,... go raibh orm an TV a mhúchadh. Bhí sé mós brónach. Tháinig na híobartaigh seo chun na beochta tri na hagallaimh céanna.

Chonaic cuid den scannán féin déanta ag an ndúnmharfóir agus chuir fuaim a ghutha déistin orm. Níl suim agam níos mó a fheiscint faoi nó níos mó a thuiscint faoi ach oiread. Sin a bhí uaidh! Gach duine sa tír a bheith tógtha leis. Níl plean agam a bheith ag damhsa lena dhrochcheol óna uaigh, an mac mallachtán sin.

Buailim le mic léinn cosúil lena híobartaigh seo ceithre uair in aghaidh na seachtaine, daoine óga a bhaineann taitneamh agus sult as gach rud, gan mórán cúram ag an am seo dá saolta ach staidéir a dhéanamh, craic a bheith acu agus bhféidir roinnte oibre gan mórán brú, i siopaí nó i mbialanna. Seo mar a bhí ag cuid is mó des na mic léinn bochta a bhfuair bás ag tús na seachtaine.

Bhí plean agam cur síos ar an deireadh seachtaine bhreá na Gaeilge a bhí againn i New Jersey, timpeall daichead bailithe le cheile an uair seo, ansin bhí an turas abhaile Dé Dhomhnaigh seo chaite suimiúil i lár stoirme fearthainne, a leithéid nach bhfaca mé riamh! Ach bhí an t ádh liom gur shroich mé mo theach cúpla uair roimh dúnadh na mbóithre uile ó thuaidh i Westchester NY.
Anois, ar ndóigh, chuir iompar Don Imus an tseachtain seo chaite isteach orm, ní hamháin gur chaith sé maslach uafásach ar na cailíní ar fhoireann Chispheil coláiste Rutgers ach cad faoi an slí ina thugadh bata agus bóthar do? ní ar son an masla ach ar son an toradh……… gur ghlac roinnt comhlachtaí móra a gcuid urraíochta óna sheó... agus rinne sé sin an beart! Is trua go labhraínn an t-airgead i gcónaí, i nguth níos airde ná aon creidimh i gceart agus an t-éigeart…... Ar aon nós níl mo thuairimí faoi na h ábhair luaite thuas ró thábhachtach tar eis an eachtra i Virginia Tech. Cad é cearr le daonnacht? Cén fáth go dtéann duine, le fuadar maraithe, as smacht mar seo chomh rialta? Tuigim go raibh an duine seo tinn ach an bhfuil aon gné eile a dhéanann slad cosúil le seo nuair a bhíonn rud as smacht in a shaol féin? Féach táim ar ais ar an ábhar arís.

Plean agam cúpla abairt a scríobh faoin ACIS (American Conference of Irish Studies) atá ar siúl i NYC faoi láthair. Tugadh “Lá na Gaeilge” ar chúrsaí inné, fuaireas ephoist á rá……... bhuaileas isteach ann tar éis lóin mar bhíos ag múineadh maidin inné. Faraor bhí imeachtaí an tráthnóna, maidir leis an teanga, trí mheán an bhéarla. Mar shampla, tháinig dream le cheile ag phlé, Staidéir na Gaeilge sa Thodhchaí … Bhí cúpla rud suimiúil le rá ag cuid des na rannpháirtigh sin, agus bhí Gaeilge acu uilig sílim...... Tar éis sin painéal eile ag caint faoi, An Ghaeilge San Am Fadó Agus Anois, (trí mheán an bhéarla chomh maith)…..
Bhíos ag caint faoi seo le Séamas de Bláca …….."de gnáth," a dúirt sé, "ní bhíonn faic trí mheán na Gaeilge ag an ócáid mhór seo."
Más é mar atá sé is dócha go raibh an comhdháil seo i bhfad níos fearr ar son na teanga ná aon ceann riamh!!

Bhuel, tá an aimsir ag éirí nios fearr anois.

Thursday, April 12, 2007

An Buachaill Bocht


Bhuel, tháinig Eoghan abhaile tar éis seachtaine caite aige i bhFlorida. Tréimhse bhreá a bhí aige ach tharla go raibh rian slaghdáin air oíche Dhomhnaigh, scornach tinn agus gan fuinneamh éin ann. Ní raibh dul as ach cuairt a thabhairt ar an dochtúir mar is mhinic a thagann droch tinneas ó rian scornach tinn…tinneas i bhfad níos measa.

Chuamar chuig oifig an dochtúra maidin dé Luain. Bíonn sé greannmhar ag oifig an Pediatrician le déanaí mar is scafaire fir é Eoghan anois cé nach bhfuil ach 15 bliana d’aois air. Bhíomar ann sa seomra fheithimh le beirt bhan eile agus a gcúram, mamailíneacha beaga ag imirt le bréagáin agus iad ina suí ar na gcathaoireacha beaga oiriúnach do phaistí beaga. Bhí m’ Eoghainín óg ina chineál fathaigh agus é níos airde ná aoinne eile sa seomra.

Ar aon nós isteach leis nuair a tháinig a sheal aníos, d‘fhan mise sa seomra fheithimh, seans teacht aníos le scéalta Brad agus Angelina agus araile sna h-irisleabhair a bhaineann le scéalta scannalaigh na tíre seo……….Ach tar eis roinnt nóiméad fuaireas glaoch ón dochtúir. Isteach liom.

“Tá a scornach an nimhneach ar fad” a dúirt sí, “Tuigim” arsa mise, agus lean sí “Ach ní he sin an fáth go bhfuil orm labhairt leat.”
D’fhéach mé uirthi le ionadh agus chonaic miongháire beag ar aghaidh Eoghain. “ Luaigh Eoghan dom gur ghortaigh sé a ordóg breis agus mí ó shin ag sciáil, scrúdaigh mé é agus tá seans mhaith ann gur bhris sé é……….féach” a dúirt sí “ Tá sé fós mós ait, an bhfeiceann tú é “

Bhuel, bhí a fhios agam go raibh sé gortaithe aige tamall ó shin ach le triúr mac múna bhfuil rud a chur fola, nó múna bhfuil duine ag scread le pian, is minic a dhéanann pacáiste oighir an beart!

Bíonn an triúr acu mór le cúrsaí spórtúla agus bíonn pacáistí oighir réidh i gcónaí……!

”Is cuimhin liom an lá a ghortaigh sé é ceart go leor”, a dúirt me ag iarraidh mé féin a chosaint, “Thug mé an comhairle dó oighear a chur air an lámh, níor chuala mé mórán ghearáin uaidh ó shin…..” agus mise ag tabhairt an drochshúile ar an gcréatúr le gáire ina shúile aige.

“An buachaill bocht” a dúirt an dochtúir, “ní bhíonn sé nádúrtha dó a bheith ag gearán is dócha “ (bhain Eoghan an taitneamh as sin!!).

Bhí sé á mo mhagadh an oíche iomlán………..Dhein an chuairt seo an mhaitheas dá scornach tinn chaithfidh mé a rá.

Ar aghaidh linn an mhaidin dár gcionn X ray a fhail agus bá é an toradh ná dá raibh an ordóg bhriste sé seachtain ó shin, níl sé briste níos mó………….. Ní gá aon rud a dhéanamh leis anois. (cé go bhfuil cuma beagáinín as ord ann ceart go leor.)
B’fhéidir nach raibh sé briste ar chor ar bith? agus mise sábháilte mar mháthair?
An radharc dearfach i gcónaí....

Monday, April 09, 2007

Imeachtaí ag Teacht Chugainn in Aibreán

Beidh lucht na Gaeilge gnóthach go leor an t-Earrach seo. Beidh deireadh seachtaine na Gaeilge ar siúl ó an 13ú Aibreáin go dtí an 15ú i Long Beach Island, New Jersey. Bionn an deireadh seachtaine seo ana mhaith gach bhliain agus os rud é go bhfuil sí in Aibreáin in ionad mí an Mhárta i mbliana táim ag súil le aimsir geal agus taitneamhach. Tuilleadh eolais ár suíomh Daltaí.

Ansin ar an 28ú de mhí Aibreáin beidh Siompóisiam Bharra Uí Dhonnabháin in Áras na hÉireann, NYU. Beidh an siompóisiam uile trí mheán na Gaeilge agus tá lá iontach geallta. Ós rud é nach bhfuil Áras Glucksman ró mhór bá choir glaoch a chur má bhíonn spéis agat a bheith páirteach agus do shuíochán a chur in áirithe. Níos mó faoi seo i gceann cupla lá ach tá tuilleadh eolais, uimhir fóin agus araile anseo.

Beidh deireadh seachtaine na Gaeilge ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann i Kingston Ontario ó an 27ú go dtí an 29ú de mhí Aibreáin. Tuilleadh eolais ó Bob Mac Diarmuid (613)544-1055

Saturday, April 07, 2007

The Wind That Shakes The Barley.

Chonaic mé an scannán seo i Manhattan an tseachtain seo chaite. Bhí an tréimhse sin dár stair an crua ar fad. Ní fheadar an bhfuil aon saghas cogaidh chomh dona agus cogadh cathartha. Nuair a bhíonn cairde agus clanna ar taobhanna difriúla mar a bhí ag an am san, briseann anam an phobail. Fanann rianta an bhriste céanna sna glúine a leanann, mar is eol dúinn. Ní gá dom dul isteach sna eachtraí a chur isteach go mór orm sa ré bhrónach sin, ní hamháin de dheasca na Dúchrónaigh lofa ach de dheasa briste anama na hÉireannaigh.
Fuair an scannán gradam i gCannes anuraidh, an Palme dÓr.
Bhí triúr againn ann le cheile agus bhíomar scriosta ag teacht amach ón amharclann. Tá sé fos ar m’intinn.

Wednesday, April 04, 2007

Deireadh an Áil agus a Mháthair Ghaelach

Tá na scoileanna poiblí uile dúnta an tseachtain seo i stát Nua Eabhrac. Saoire an earraigh a tugtar uirthi. (ar eagla go dtuigfí aoinne gurb í saoire na cásca a tá ann!) Bíonn an nós ag go leor daoine dul go Florida an tseachtain seo agus tús a chur ar imeachtaí an séasúr úr, le snámh agus araile. Fuair mo mhac is óige (mo leanbh!) cuireadh dul le haghaidh na seachtaine le muintir charad dó. Dímigh an chlann oíche Aoine agus lean Eoghan ina ndiaidh maidin Dhomhnaigh ar eitilt ó La Guardia. Ní raibh mé ró shásta cead a thabhairt do ach tá sé beagnach sé bliana d’aois! Beidh sé ag iarraidh teacht ar ceadúnas tiomaint i gcionn míosa ……….agus fonn orm é a choimeád sa nead.

Cad é cailíní fiáine thíos ansin i bhFlorida!!!! :(

Is déagóir spraíúil cairdiúil dathúil é agus gach deireadh seachtaine bíonn sé ag dúl chuig coisir éigin ach dar liomsa is buachaill fós é, cé go bhfuil sé breis agus sé throigh! An bhfuil mo cheann sa ghaineamh?
Tá an teach sách chiúin gan é. Táim ag súil le é a bheith thar nais linn oíche Aoine (agus fanacht sa bhaile go dtí go bhfuil sé, abair, daichead bliana d’aois………)

Tuesday, April 03, 2007

Níos Mó Pictiúir

Scata ag iarraidh fadhbanna an domhain a réitigh...

Micheál ag canadh dúinn...

Cuid den dream...

...cuid eile!

Slánaitheoirí eile ag iarraidh fadhbanna an domhain a reítigh!

Fuaireas na griangraif seo ó Shoisear MacCionnaith. GRMA.