Monday, April 30, 2007

Suim sa Ghaeilge i Nua Eabhrac

Bhí lá breá againn dé Sathairn in Áras na hÉireann, NYU. Mar a luaigh mé an tseachtain seo chaite, bhí an Siompóisiam seo i ndil chuimhne ar Bharra Ó Donnabháin, scoláire mór na Gaeilge anseo i Nua Eabhrac. Bhí Eibhlín Zurell agus Tomas Ó Cathail ag caint linn faoi an slí ina bhfuaireadar a gcuid Gaeilge. I gcás Eibhlín, fuair sí an teanga ó daoine éagsúla, trí canúintí éagsúla, anseo i Nua Eabhrac, agus mhínigh sí go bhfuil a fhios aici na slite ina bhfuair a múinteoirí a gcuidse! Braitheann sí go bhfuil rian na bhfoinsí sin, a bhí ag a múinteoirí, ina Gaeilge féin agus tá. Léirigh Tomás dúinn a saol le Gaeilge. Bé Albert Fry i mBéal Feirste an múinteoir a bhíodh aige ar dtús, timpeall fiche bliain ó shin agus lean Tomas ar aghaidh ina aonar agus é ar ais sna Stát, le cabhair ó Albert trí téipeanna a thug sé dó agus é ag fágáil slán leis i mBéal Feirste. Tháinig Tomás chuig an teanga trí an suim a bhí aige sa cheol traidisiúnta, agus is ceoltóir den scoth é. Rith sé leis go mbeadh tuiscint níos doimhne aige faoin gceol dá mbeadh an teanga aige, spreag an suim seo chun na teanga é. Labhair Roslyn Blyn La Drew faoi dathanna sa teanga, go mór mhór an dath oráiste, an dath nó toradh amháin é? Cad faoi flannbhuí? Ról an dath seo i stair na hÉireann agus araile. Lean sé ag labhairt faoi dathanna eile chomh maith, Uaine agus glas (bhíodh glas againn i gcónaí mar saghas “liath” chomh maith ach ní raibh sé sa tuaisceart de réir dealramh) Bán, geal agus glan….. is dócha go bhfuil athruithe ag teacht i n-úsáid na bhfocal agus b’fhéidir go raibh ana chuid focal eile a bhain le dathanna i nádúr sa sean teanga, nach bhfuil aistriúcháin ann ar chor ar bith go béarla? Bheadh sé suimiúil teacht orthu seo ach conas??? Bhíos ag smaoineamh ar seo ag teacht abhaile ar an traein mé.
Bhí Seán Ó Cathail ag caint linn faoin teanga i gcúrsaí polaitíochta in Éireann (ó 1366!! Go dtí an lá atá inniu ann), scéal brónach i ndáiríre ar ndóigh, go raibh an teanga mar ghalar! Agus meon, nó cuspóir, an rialtais deireadh a chur léi le na céadta bliana. Ansin do bhí mé féin, Francesca Nic Colla agus Elaine Ní Bhraonáin ag labhairt faoi teagasc na Gaeilge: Bé m’ábhar ná ag teagasc na Gaeilge do dhaoine fásta i Meiriceá, na modhanna a úsáidim agus na slite ina éiríonn cuid acu i gcomparáid le cuid eile. Bhí Francesca ag caint faoin scéim múinteoireachta teanga idirnáisiúnta Fulbright agus sise ar scoláireacht anseo i Nua Eabhrac (NYU) ar son an bhliain acadúil 2006 -2007. Bhí Elaine ag míniú dúinn an tslí ina mhúineann sí an teanga le cabhair ón idirlíon, ní thagann na mic léinn chuig an seomra ranga ar chor ar bith ach bíonn sí i dteagmháil leo trí mheán an idirlíon le comhaid na fuaime, obair bhaile agus araile.
Is léir go bhfuil an tsuim sa Ghaeilge sa tír seo (agus b’fhéidir i tíortha eile ar fud na cruinne?) ag eirí ó bhliain go bliain.

1 comment:

Seán Ó' Fíannaí said...

Is deas glúin nua as Éirinn a fheicáil agus iad chun an Ghaeilge le Meiriceánaigh múineadh.

Seán