Thursday, April 12, 2007

An Buachaill Bocht


Bhuel, tháinig Eoghan abhaile tar éis seachtaine caite aige i bhFlorida. Tréimhse bhreá a bhí aige ach tharla go raibh rian slaghdáin air oíche Dhomhnaigh, scornach tinn agus gan fuinneamh éin ann. Ní raibh dul as ach cuairt a thabhairt ar an dochtúir mar is mhinic a thagann droch tinneas ó rian scornach tinn…tinneas i bhfad níos measa.

Chuamar chuig oifig an dochtúra maidin dé Luain. Bíonn sé greannmhar ag oifig an Pediatrician le déanaí mar is scafaire fir é Eoghan anois cé nach bhfuil ach 15 bliana d’aois air. Bhíomar ann sa seomra fheithimh le beirt bhan eile agus a gcúram, mamailíneacha beaga ag imirt le bréagáin agus iad ina suí ar na gcathaoireacha beaga oiriúnach do phaistí beaga. Bhí m’ Eoghainín óg ina chineál fathaigh agus é níos airde ná aoinne eile sa seomra.

Ar aon nós isteach leis nuair a tháinig a sheal aníos, d‘fhan mise sa seomra fheithimh, seans teacht aníos le scéalta Brad agus Angelina agus araile sna h-irisleabhair a bhaineann le scéalta scannalaigh na tíre seo……….Ach tar eis roinnt nóiméad fuaireas glaoch ón dochtúir. Isteach liom.

“Tá a scornach an nimhneach ar fad” a dúirt sí, “Tuigim” arsa mise, agus lean sí “Ach ní he sin an fáth go bhfuil orm labhairt leat.”
D’fhéach mé uirthi le ionadh agus chonaic miongháire beag ar aghaidh Eoghain. “ Luaigh Eoghan dom gur ghortaigh sé a ordóg breis agus mí ó shin ag sciáil, scrúdaigh mé é agus tá seans mhaith ann gur bhris sé é……….féach” a dúirt sí “ Tá sé fós mós ait, an bhfeiceann tú é “

Bhuel, bhí a fhios agam go raibh sé gortaithe aige tamall ó shin ach le triúr mac múna bhfuil rud a chur fola, nó múna bhfuil duine ag scread le pian, is minic a dhéanann pacáiste oighir an beart!

Bíonn an triúr acu mór le cúrsaí spórtúla agus bíonn pacáistí oighir réidh i gcónaí……!

”Is cuimhin liom an lá a ghortaigh sé é ceart go leor”, a dúirt me ag iarraidh mé féin a chosaint, “Thug mé an comhairle dó oighear a chur air an lámh, níor chuala mé mórán ghearáin uaidh ó shin…..” agus mise ag tabhairt an drochshúile ar an gcréatúr le gáire ina shúile aige.

“An buachaill bocht” a dúirt an dochtúir, “ní bhíonn sé nádúrtha dó a bheith ag gearán is dócha “ (bhain Eoghan an taitneamh as sin!!).

Bhí sé á mo mhagadh an oíche iomlán………..Dhein an chuairt seo an mhaitheas dá scornach tinn chaithfidh mé a rá.

Ar aghaidh linn an mhaidin dár gcionn X ray a fhail agus bá é an toradh ná dá raibh an ordóg bhriste sé seachtain ó shin, níl sé briste níos mó………….. Ní gá aon rud a dhéanamh leis anois. (cé go bhfuil cuma beagáinín as ord ann ceart go leor.)
B’fhéidir nach raibh sé briste ar chor ar bith? agus mise sábháilte mar mháthair?
An radharc dearfach i gcónaí....

2 comments:

Séamas Poncán said...

Tá Eoghan i gcomhaois le mo mhacsa, Connor. Bíonn seisean an duine is airde sa seomra beagnach i gcónaí.
Téann mo chlann go dtí an dochtúir céanna a úsáidimidne anois, mar níl páistí iontu níos mó. Tá m'iníon Emily 13.

Hilary Mhic Shuibhne said...

Beidh Eoghainín óg leis an pediatrician céanna tamall eile mar ní ghlacann gnáth dochtúir na bhfear eile sa chlann aoinne faoi 18 mbliana d’aois…...... Aisteach ach baineann sé lena chostas árachais sílim? Nílim cinnte áfach.