Sunday, June 24, 2007

Droch Feighlí Leanaí

Tháinig na h-uigingigh san oíche!
Is cosúil go raibh racún ar chuairt orainn oíche aréir agus fuair sé nead na tortóige. Tá na uibheacha uile ite agus gan fágtha ach na blaoscanna scaipthe timpeall. Ní bheidh na leanaí ag teacht ar an saol ar chor ar bith.
Fuaireas comhairle ó Shóisear Mac Cionnaith, tá seachtain ó shin “
Faoi an turtar ba ceart duit píosa sreang shicín leis na racún a choinnigh amach as.” ach cé go raibh plean agam an chomhairle a ghlacadh, faraoir, ba mise an fíor moilleadóir an uair seo, agus mar sin tá sé ró dhéanach anois…...

2 comments:

Anonymous said...

Bíonn an dúlra garbh!

stwidgie said...

Tá brón orm. Bhí muidne ag fanacht éin spideoige an t-earrach seo, ach d'fhág an mháthair an nead.