Tosaíonn an fíor samhradh i NY inniu, an Aoine roimh an 4ú lá de Mhí Iúil. Glacann mórán daoine cúpla lá breise óna bpost an tseachtain iomlán a bheith saor acu. Tá an aimsir go hiontach agus beidh na sluaite ag déanamh chun na dtránna i Long Island agus N. Jersey. Beimid ag dul amárach chuig bainis mhór i
Beidh mise ag taisteal an tseachtain seo chugainn go Éireann, turas coicíse. Chloisim, faraoir, nach bhfuil an aimsir ró mhaith ansin le déanaí, deirtear liom go raibh an samhradh i mBealtaine!
Tá súil agam go dtiocfaidh athrú ar an scéal seo go luath. Ní rabhas in Éireann i lár an tsamhraidh le fada an lá, b’fhéidir ocht mbliana nó níos mó.
4 comments:
Tá brádán anseo i gCill Mhantáin anois.
Bain sult as an turas pé scéal é!
Is fuath liom an brádán, go mór mhór nuair a leanann sé lá tar éis lae, ugh. B’fhéidir go mba chóir dom péire wellies a bheith agam.
Is maith liomsa brádáin. Tá siad an-bhlasta.
B'fhearr duit 'ar Inis Fada' a rá, agus as Béarla, 'on Long Island.' Sin a dhéanaimidne, na seanfhondúirí.
Bain sult as do thuras!
Bradáin, dar ndóigh...
Post a Comment