Friday, June 29, 2007

Mí Iúil

Tosaíonn an fíor samhradh i NY inniu, an Aoine roimh an 4ú lá de Mhí Iúil. Glacann mórán daoine cúpla lá breise óna bpost an tseachtain iomlán a bheith saor acu. Tá an aimsir go hiontach agus beidh na sluaite ag déanamh chun na dtránna i Long Island agus N. Jersey. Beimid ag dul amárach chuig bainis mhór i Long Island agus tá lá breá geallta. Ghlan toirneach agus tintreach an t-aer aréir agus beidh cúpla lá breá úr againn anois, tirim agus te, gan tais. Foirfe!

Beidh mise ag taisteal an tseachtain seo chugainn go Éireann, turas coicíse. Chloisim, faraoir, nach bhfuil an aimsir ró mhaith ansin le déanaí, deirtear liom go raibh an samhradh i mBealtaine!
Tá súil agam go dtiocfaidh athrú ar an scéal seo go luath. Ní rabhas in Éireann i lár an tsamhraidh le fada an lá, b’fhéidir ocht mbliana nó níos mó.

4 comments:

aonghus said...

Tá brádán anseo i gCill Mhantáin anois.

Bain sult as an turas pé scéal é!

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Is fuath liom an brádán, go mór mhór nuair a leanann sé lá tar éis lae, ugh. B’fhéidir go mba chóir dom péire wellies a bheith agam.

Séamas Poncán said...

Is maith liomsa brádáin. Tá siad an-bhlasta.

B'fhearr duit 'ar Inis Fada' a rá, agus as Béarla, 'on Long Island.' Sin a dhéanaimidne, na seanfhondúirí.
Bain sult as do thuras!

Séamas Poncán said...

Bradáin, dar ndóigh...