Wednesday, July 18, 2007

Thar n-Ais

i Mín a Chladaigh

An tEargail Maorga

An Trá Bhán




Thar n-ais abhaile atáim tar eis coicíse in Éireann, bhuel, le bheith macánta dhá lá déag. Cúpla lá i mBAC ar dtús, ansin seachtain i dTír Chonaill agus ansin cúpla lá i dTiobraid Árann deireadh a chur ar an saoire.

Chuala mé ana chuid gearáin faoin aimsir in Éirinn i mbliana roimh an turas seo… mar sin a chairde bhíos réidh!... éadaí de gach saghas liom, agus bhaineas úsáid as an cuid is mó acu, (ach amháin an chulaith snámh, ochón….)

Ar dtús i mBAC ní raibh a fhios agam ó nóiméad go nóiméad cad a bheadh ag teacht; teas mór na gréine, ansin tréimhsí gaofara, le fearthainn throm ina ndiaidh san agus ansin an ghrian arís ag spalpadh anuas aga eile. Aisteach go leor.

Fuaireas roinnt rabhaidh faoin aimsir i dTír Chonaill chomh maith ach caithfidh mé a rá nach raibh sí go dona thuas ansin. Bhí sé ag cur go rialta ceart go leor ach bhí tréimhsí breátha grianmhara ann chomh maith agus tharla go raibh seans agam dul ar siúlóidithe iontacha gach lá, mar atá soiléir ó na pictiúr thuas. Chuaigh mé ag siúl ar Shliabh Leigh lá amháin agus suas go dtí an túr mór oíche eile. Chuas ar turas ó thuaidh go Mín a’Chladaigh oíche amháin cuairt a thabhairt ar mo chairde Soisear agus Mollaí Mac Cionnaith........Chuig an trá bhán tráthnóna eile, trí mám na háilleachta i dtreo Ard an Ratha...

Bhí dream dáréig againn le cheile ag freastal ar chúrsa in Oideas Gael i nGleann Cholm Cille. Cúrsa oiliúna a bhí i gceist i gcomhair lucht múinte na Gaeilge do dhaoine fásta. Bhí an cúrsa iontach suimiúil agus le sin iontach amach is amach domsa teacht le cheile leo siúd, mo chomhbhádóirí sa rang, agus fíor suim acu uile i saol na teanga; i a mhúineadh agus i a labhairt an t-am ar fad! Níor gá focal béarla a rá taobh amuigh den seomra ranga ach oiread, rud atá ana thábhachtach domsa (...ach amháin aon uair a bhíos ag déileáil le cuid des na daoine áitiúla nó le turasóirí gan Ghaeilge)

Bhí roinnt mhaith daoine ag freastal ar chúrsaí difriúla in Oideas Gael an tseachtain seo chaite, daoine fásta ag foghlaim na teanga in áiteanna éagsúla timpeall an domhain agus múinteoirí ó bun scoileanna in Éireann ag iarraidh fhaid trí lá a chur lena gcuid laethanta saoire dlíthiúla as cúrsa cúig lá a dhéanamh.

Bhaineas an taitneamh as an turas, an rang féin, na siúlóidí, na radhairc bhreátha, an ciúnas, an saol sna phubanna istoíche! Bia blasta i mbialann Kitty Kelly (an bia is fearr sa cheantar dar liom). Ach is é an comhluadar, mo rang luaite thuas cheana féin, agus na daoine eile le fíor suim acu sa teanga, an cuimhne is fearr atá agam. Tá súil agam go mbeidh seans teacht le cheile ag cuid againn arís uair éigin amach anseo.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil chuig Daltaí na Gaeilge, agus go mór mhór Seán agus Helen Tierney, as an scoláireacht i ndil cuimhne ar Firefighter John P. Tierney (1974-2001) a bhronnadh orm i mbliana. Mo bhuíochas chomh maith chuig Liam Ó Cuinneagáin as a bhuantacaíocht dúinn uile a bhíonn ag muineadh na Gaeilge anseo sna SAM.

3 comments:

Séamas Poncán said...

Go maire tú. Tá na grianghraif go hiontach. Is dócha go raibh áthas ar Shóisear agus Mollaí tusa a fheiscint thall.

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Bhí sé go breá teacht le cheile le Mollaí agus Soisear agus os rud é nach rabhas riamh sa cheantar san bhaineas taitneamh nach beag as an turas. Oíche bhreá a bhí inti agus sinn le cheile, tirim agus grianmhar agus áilleacht fé leith a bheith ag féachaint ar an ngrian agus í ag dul ina luí.

Niamh84 said...

Ní raibh an aimsir mar sin nuair a bhí mise i nDún na nGall seachtain ó shin. Bhí an t-ádh ort! Tá na grianghrafanna go h-álainn agus is léir go raibh laethanta saoire den scoth agat. Bain sult as Esopus! xxx