Sunday, December 02, 2007

Iarfhocal!

Táim ceart go leor!!
Go raibh maith agaibh as na emails agus an comhairle iontu. Nílim i mo junky ar chor ar bith. Seo a tharla agus is cosúil nach raibh sé soiléir sa post sin. Bhí an fuisce te agam timpeall 8 30 i.n agus níor ghlacas an Robitussen go dtí gur bhuail babhta casacht orm ag 1 30 r.n nó mar sin, tús na hoíche codlata.

Bhí sé greannmhar áfach mar bhuail Eimhín (21) isteach orm déanach go leor tráthnóna Aoine agus é ar an turas ón Ollscoil ar Long Island go dtí na Adirondacks i gcomhair na deireadh seachtaine. Ní raibh an cinneadh déanta agam dul go dtí an ceolchoirm i Manhattan nó fanacht sa bhaile féin bhrónach. Chonaic sé an seanbhean a bhíodh ina mháthair uair agus cuma na geilte uirthi. Ansin chonaic sé an buidéal Robitussen fós ar an gcabhantar sa chistin. “ Hmm…”a dúirt sé. “I see someone’s been Robitrippin..” Sin an t-ainm a tugtar ar an diabhail stuif sin ina phobal. Ansin, ba chuimhin liom blianta blianta ó shin go raibh suim nach beag ag déagóirí i Benedryl agus araile chun teacht ar draíocht, ach cheapas go mbeadh athrú déanta ar oideas an leighis seo ó shin?

Dála an scéil, cheap Eimhín go raibh mo scéal bocht an-ghreannmhar agus mhol sé bainne té nó cocoa. Bíonn sé i gcónaí ciallmhar. Sin a bhí agam leis agus chuir sé sin m’anam agus corp ar ais le cheile.
D’fhágas i mo dhiaidh cuma na geilte laistigh uair eile (mar bhreith an fhéileacáin!!!), agus ar aghaidh liom go dtí an ceolchoirm, agus oíche bhreá a bhí agam ann.

2 comments:

tommacg said...

an-ghreannmhar:) tá suíomh myspace bunaithe agam le trí lá anuas le haighaidh mo cheol hilary..tóg sracfhéachaint más féidir leat...
Slán agus go raibh maith agat!

Séamas Poncán said...

Slaghdán atá ormsa anois, muise. Tá súil agam nach bhfuair mé é ó do bhlag!