Saturday, September 01, 2007

Cuma aingil ar an diabhal féin

Chuireas tús le Redemption Falls (nasc ar an taobh dheis) cúpla lá ó shin, táim ar leathanach 106 anois agus ag tnúth le rud éigin dearfach………..go dtí seo tá gach cuntas lán de bhrón, deacrachtaí an tsaoil srl. Tá súil agam go dtiocfaidh athrú ar an scéal go luath.

Chaitheas beagnach an lá iomlán inné ag obair san oifig. Ní fíor “obair” a bhí ar siúl ach athrú troscán agus dearadh na hoifige. Tá an troscán nua an deas, anois tá an PC i gcófra beag faoin deasc in ionad ar a bharr ach ar ndóigh d’éirigh roinnt fadhbanna nach bhfuil réitithe i gceart fós. Fad na cables! Bíonn cuid acu gearr go leor, trí throigh idir an scanner agus an PC agus ceithre throigh idir an clódóir datha agus an PC agus ní leor sin. Bhí a fhios agam faoi seo ach fós féin cheapas go mbeadh an t-éalú “oifigiúil” ar chúl an chófra ceart go leor ach faraor níl…agus níl ach cúpla orlach eile uaim!….B’fhéidir go mbeidh orm poll a ghearradh sa deasc nua ar a bharr ach tá drogall orm é sin a dhéanamh. Ní féidir cable an scanner a leathnú.

Tá an cat nua fós anseo. "Demon" an leasainm atá air mar is sceimhlitheoir é!

2 comments:

Séamas Poncán said...

Má bhíonn leabhar eile (brónach) uait as Béarla, molaim The Canal Bridge le Tom Phelan. An-leabhar.
Bhuail mé leis an údar tráth, agus tá cóip sínithe agam. Chríochnaigh mé é an tseachtain seo caite (tar éis cúpla bliain ar an seilf...).

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

b'Fheidir amach anseo, beidh sos uaim nuair a bheidh an ceann seo criochnaithe agam!