Tuesday, September 11, 2007

Stair Rúnda an Margadh Saor nó Raiméis?

Bhain an scannán seo geit asam, níl leanann sé ach cúig nóiméad. Ar ndóigh is feachtas margaíochta é an scannán don leabhar nua foilsithe seo, The Shock Doctrine: The Rise of Disaster Capitalism..ach ……….

2 comments:

Anonymous said...

Míle buíochas as sin. Tá Naomi ar mo liosta "le léamh" le fada an lá ach spreag tú mé "No Logo" a chuir in áirithe sa leabharlann. Bhí iomrá ar sin nuair a tháinig sé amach. Níl an ceann nua ag an Leabharlann go fóill

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Déarfainn go bhfuil No Logo suimiúil, níor léigh mé é, ach an oiread, go dtí seo! Bíonn díomá orm a fheiscint an méad sin daoine a bhíonn claon chun na logos, anseo bíonn sé go dona, in Éireann chomh maith, gach aon áit san iarthar is dócha. (Bhíos chomh truamhéalach sin agus mé i mo dhéagóir, ach ní raibh mórán airgid agam in ainneoin suim sa bhfaisean……..bhí an meon ag cách.....inmheánach ar shlí, agus lag roimh bolscaireacht.)
Bhí ionadh orm an mhalairt a fheiscint i mo mhac is sine roinnt bliana ó shin, nuair a bhí sé idir a ceathair agus a cúig bliana déag nó mar sin. D’éirigh sé as logos ina chuid éadaigh amach is amach, saghas misin a leanann go dtí an lá atá inniu ann. Bhí ionadh orm ag an am, níor chaith sé ach T léinte bána gan maisiúchán ar bith, bristí denim gan logo (i bhfad níos saoire), bhí (agus tá) suim aige i mbróga compordaigh agus sciáil agus sin a chuir sé a chuid airgid go h-iomlán.
Ach do bhí cuma aisteach air i gcomparáid le na déagóirí eile go mór mhór aon uair a bhíomar in Éireann agus a col ceathracha uile i Track Suits nó Ralph Lauren agus faoi láthair Aeropostale ….. ach ba chuma leis.