Friday, August 10, 2007

Tommy Makem agus ceoltoirí eile.

Léigh mé go bhfuair Tommy Makem bás le déanaí, anseo sna SAM. Bhí sé lonnaithe anseo le fada anuas ach i gcónaí ina Éireannach. Trócaire Dé air. Bhí ionadh orm a fhail amach nach raibh aige ach trí scór is ceithre bhliain déag. Cheapas ar shlí go raibh sé i bhfad níos sine. Bhíodh LPs dá The Clancy Brothers and Tommy Makem ag m’athair sa bhaile agus bhíodh an-suim ag an nglúin níos sine ná mise anseo ina gceol chomh maith ó tús na 60s nó mar sin. Is cuimhin liom iad ar an teilifís anois is arís, ar an Late Late Show is dócha.

Is cuimhin liom nuair a thánas anseo go NE don chead uair i 1979/80 thugas faoi dheara go raibh suim nach beag ag m’uncail, (bhíos ag tabhairt cuairte air) agus a chairde uile (Gael-Mheiriceánaigh) sa cheol seo agus bhí díomá orthu nuair nach raibh ceol na Clancys agus Tommy Makem uile agamsa. Bhuel, bhí cuid de agam go smior, ach ní raibh a gceol chomh tábhachtach ag an am san ná : disco (!) nó, amanna machnamhacha, na bannaí ceolta mór la rá na tíre seo agus na Bhreataine, nó ceol traidisiúnta/nua aimseartha, más féidir é sin a rá. Ar thaobh an cheoil traidisiúnta na hÉireann bhíodh Planxty, Clannad againn agus Horslips fiú agus bhíodar uile úr agus iontach. Ní raibh mórán eolais acu anseo sna SAM ar Chlannad nó mórán faoi na ceoltóirí eile a bhí againn in Éireann ag an am san. Is cuimhin liom am a chaitheamh i Lios Dún don féile mór ag deireadh na 70’s. Bhí an saol níos simplí agus gan trioblóid síob a fháil le d’ordóg ó Luimneach go Lios Dún, go Cill Chaoibhe go Sráid na Cathrach nó pé áit cé nach raibh agam agus ag mo chairde ach cúig nó sé bhliana déag d’aois! Bhíodh daoine i gcónaí toilteanach síob a thabhairt agus bhíomar slán i gcónaí….ní raibh sé deacair dul ar Bhóthar na hInse sa mhaidin i lár an tsamhraidh agus teacht ar ais luath go leor san oíche, go h-airithe le solas an lae go dtí ar a laghad leath uair tar éis a deich!
Chonaic mé Clannad don chéad uair (i lár na 70’s silim,) in NIHE, anois tugtar Ollscoil Luimnigh air. Bhí ceann dá LPs agam cheana agus cheapas go rabhadar an-cool ar fad. Ach ar ais go dtí an bpríomh pointe an píosa seo, D’oscail na Clancys agus Tommy Makem na doirse anseo is dócha agus d’éirigh go h-ana mhaith leo sa 60s agus 70s ach níl a fhios agam cén fáth nár éirigh na ceoltóirí eile? B’fhéidir trioblóidí le riaracháin agus bainisteoireacht? Ba mhinic a bhí droch scéalta ag ceoltóirí faoi bainisteoireacht. Cá bhfios? B’fhéidir nach raibh an lucht éisteachta anseo i SAM réidh don gluaiseacht seo i gceol traidisiúnta na h Éireann na tréimhse sin. Nó b’fhéidir nach bhfuil an scéal iomlán agamsa ar chor ar bith……. taighde atá uaim in ionad ceisteanna a chaitheamh amach i gcónaí.

No comments: