Ar ais sa diallait inniu! Beagnach ceithre lá breá i
Chonaic mé fíor buachaill bó! ‘Sea, ar an turas ó Phoenix ó thuaidh go Sedona a chonaic, bhí sé sa diallait féin ar a chapall ar ndóigh, ag marcaíocht le sé nó seacht bó trí an gaineamhlach. Bhíos lán sásta é a fheiscint.
Ansin, mar a luaigh mé, bhíos thuas in éadromán roimh éirí na gréine maidin dé Chéadaoin, chomh ciúin scéimh a bhí sé thuas san aer an lá sin, ach corraithe go leor agus sinn ag teach anuas! Ní bhíonn smacht ar bith ag píolótaí ar a héadromáin, ach amháin nuair a bhíonn siad ag dul suas nó ag teacht anuas, níl roth stiúrtha ar bith acu rud a bhí soiléir dúinn nuair a thángamar chun talaimh díreach in aice an highway, abair sé throigh, agus na carranna agus na trucailí ag gluais tharainn. Bhuaileamar isteach i gcrann beag ar dtús stop a chur ar an gciseán agus sinn ag dul i dtreo claí sreang dealgach, rud nach bhfuil ró mhaith d’éadromán…….. agus ansin ar an talamh linn le preab.
Thugamar cuairt ar an
1 comment:
Ó! Ní thig liom amharc! Bíonn uamhan aoirde orm!
Ach : grianghrafanna deasa!
Post a Comment