Thursday, November 29, 2007

Féinbhrónach agus Truamhéalach!

Tá slaghdán sa tigh. Tá sé go dona mar ní gnáth slaghdán é seo. Táimid uile an-tuirseach, gan in ann codladh ceart a fháil, te agus fuar ag an am céanna, lag. Bímse ansin mall agus sluggish an lá iomlán amhail is go bhfuil ualach trom ar mo ghuaillí, agus tá mo cheann ró throm leis, ba mhaith liom é a bhaint díom ach amháin bíonn sá uaim is dócha. Tá scornach tinn ormsa agus casacht á cigilt. Tá tochas i mo shúile!! Tá an féilire ag éirí lán mar a tharlaíonn ag an am seo den bhliain agus faraor tá alan oibre idir lámha agam leis. Ba mhaith liom mo Rumpelstiltkin pearsanta a bheith agam gach rud a chur in ord agus in eagar fad is a bhím ag iarraidh néal codlata a fháil.
Rud eile ná nil caife maith sa tigh. Táim ar tí léimt amach an fhuinneog, ach cén maitheas, táim ar an gcéad leibhéal. Ar ais ag glacadh Omega -3 liom gan mhoill.

2 comments:

aonghus said...

Nára fada go raibh sibh ar bhur seanléim.

Anonymous said...

Tá súil agam go mbeidh biseach oraibh go léir go luath, Hilary.

Nuair a mbíonn slaghdán mar sin ormsa, ní obraíonn faic ach... fuisce te agus taisire.
Faighim DVDeanna amaidigh (“Uncle Buck,” le John Candy, srl) chomh maith.

Tháinig slaghdán orm le gairid, agus chonaic mé fógra faoi stuif dar ainm Zicam Nasal Gel. Cheannaigh mé amhlaidh, agus thosaigh mé é á úsaid. Thug mé le fios dom (inniu) go raibh agra dlí mór in aghaidh an comhlacht sin ar son daoine a chaill a mboladh go buan tar éis Zicam a úsaid (uair amháin, fiú). A thiarcais! Ar ais go dtí na seanleigheasanna, is dóigh liom.

Tabhair aire,
Paul