Monday, November 05, 2007

Sive

Chonaic mé Sive (le J.B Keane) sa chathair an tseachtain seo chaite. Ní fhaca mé an dráma seo cheana agus tá sé suimiúil. Rinneadar jab ana mhaith leis san Irish Rep., ní h-amháin gluaiseacht an dhráma agus na h-aisteoirí, ach dearadh an ardáin féin agus an treoir stáitse, tháinig gach rud le cheile i gceart, fiú bhí ceol fite go dlúth ann. Tá an téama seanfhaiseanta go leor an lá atá inniu ann (san t-Iarthar ach go háirithe ), saint daoine áirithe maidir le cúrsaí chleamhnais idir ainnir óg álainn soineanta agus seanduine saibhir gránna ach ag an am céanna súil siar atá ann i dtreo na laethanta crua agus easpa rogha a bhíodh ag mná óg na tíre ag an am san. Sin ceann des na fáthanna is dócha gur thréig chuid mhaith dóibh an tír, mar ní raibh eolas na rogha eile acu, thugadar aghaidh ar an Oileán Úr agus Sasana, fágadh na seandaoine cráite ina aonar.

4 comments:

aonghus said...

Chonaic mé leagan roinnt blianta ó shin in Amharclann na Mainistreach. Scéal cumachtach.

Scríobh John B. leabhar i nGaeilge faoi cursaí cleamhnais chomh maith:
Dan Pheaidí Aindí

Tá greann agus trua araon ag baint leis.

tommacg said...

Dia dhuit Hilary. Faoi dheireadh tá an t-am agam blog as gaeilge a bhunú!!.. agus más féidir leat aiseolas de shaghas éigin a thabhairt dom bheinn an-bhuíoch :)

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

A Chaillte a chara,
Ná bíodh caillte!
Fáilte chuig domhan an bhlogadóireachta, is féidir leat cuid mhaith dod shaol a chaitheamh ar an ríomhaire as seo amach, agus mura n-éireoidh tú i Sasana is féidir leat triail a bhaint as na Stáit A. Meiriceá.
Ádh mór,
Hilary
IF. Bíonn Top Gear go breá, ní maith leo na Meiriceánaigh áfach! go mór mhór iad siúd sa deisceart……..

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Tá an leabhar sin agam a Aonghus agus is aoibhinn liom é, tán ceart agat ar ndóigh, greann agus trua, cinnte.