Friday, November 10, 2006

Turas go hÉireann (Freestaters sinne! i 2006?)


Luaigh mé go rabhas in Éireann le déanaí. Tháinig mé thar n-ais oíche Luain timpeall 7 30 pm tar éis beagnach 17 uaire ag taistil ó BAC. Bus go dtí an t-aerfort i mBAC, an eitilt, bus ó Newark go Manhattan, traein abhaile ó Grand Central!

Bhíos traochta…ach b’fhiú é!

Cé go raibh an-tuirse orm roimis dul ar an saoire ghearr seo b’shin tuirse ó brú oibre agus a leithead………i bhfad níos measa ná traochta tar éis saoire breá taistil!

Táim ag teacht ar ais chugam féin anois.

Ar dtúis, bhí an aimsir ar fheabhas, tirim agus geal…….gach lá. Samhlaigh ar sin…tirim agus geal gach lá! agus in Éireann a bhíos? Bhí sé fuar go leor anois is arís ach níor chuir sé sin isteach nó amach orm, b’fhearr liom an fhuacht aon uair ná an bháisteach.

Maidir leis an teanga chonaic an dráma “Cré na Cille” leis an Taibhdhearc, oíche Shamhna i mBAC. Bhí an amharclann plódaithe. (Níl an leabhar seo leite agam fós, anois tá orm coip a fháil agus é a léamh teacht ar an bhfoclóir nach raibh agam an oíche sin, go háirithe na maslaí) Thugas cuairt le ceathrar cairde ar siopa leabhar Cúpla Focal i mBré, iontach an rogha leabhar atá le fáil ann…. Ansin ar aghaidh linn ar turas ó thuaidh le céile go dtí Tuaisceart na hÉireann. Bhaineas an-taitneamh as Cósta Aontroma ar lá breá geal grianmhar. Ní raibh mé ann roimis seo riamh i mo shaol agus chuir an áilleacht ionadh orm. Ach b‘fhéidir go bhfuil gach áit deas in aimsir álainn in éineacht comhluadar breá?

Leanamar trí na bailte beaga ar an gCósta sin, áiteanna mar Cushendall agus Cushendun, Torr Head. Chonaiceamar an Mull of Kintyre díreach os ár gcomhair amach agus cheapfá go bhféadfá in ann cloch a chaitheamh thar an uisce a dtiocfadh chun talaimh ann gan stró. An lá dár gcionn thugamar cuairt ar Giant’s Causeway agus Bushmills.
Bhí deireadh seachtaine againn i nDoire Cholmcille chomh maith, áit a bhí Oireachtas na Samhna (nó Oireachtas na Gaeilge is féidir a rá,) ar siúl ag an am. Is dócha go raibh beagnach dhá míle duine ann ar son na féile breá seo, deacair teacht ar an uimhir ceart, ach is iontach an rud é an teanga a chloisint ó dubh go dhubh ar feadh cúpla lá, páistí ag rith timpeall á labhairt agus iad ag sugradh, déagóirí ag damhsa le cheile agus bród orthu as a dteanga féin srl.
Bhí díomá orm le Doire Cholmcille áfach, cé go bhfuil cuma deas go leor ann lena seana fallaí, agus a seana foirgnimh, bhraitheas íseal brí sa chathair ársa seo. Ní raibh an fuinneamh céanna inti agus atá sna cathracha móra i ndeisceart na hÉireann. BAC, Corcaigh, Cathair Luimnigh nó Gaillimh. Bhí easpa bialanna deasa cur i gcás….saghas slat tomhais dar liom. B’fhéidir go bhfuil ganntanas tionscail agus investment ann tar eis na blianta dorcha ó 1970? agus mar a luaigh cara dom níor thug an Tíogar Ceilteach cuairt ann ar chor ar bith. Bhí na daoine áitiúil an deas cairdiúil agus chomh fada agus is eol dom bhí áthas orthu leis an dream mór ina gcathair.

(Ach amháin chuala duine dár ngrúpa an fear a tí ón B+B ag labhairt lenár tiománaí taxi oíche…. “Who’v ya got stayin? ”arsa tiománaí an taxi, “ a bunch o’freestaters” a fhreagair ár bhfear a’ tí …)

Freestaters! Sinne… i 2006!

Ar nós gach plean mór theip orainn gach rud a dhéanamh ar bhí ar intinn againn……Imíonn an t-am go tapaigh ar saoire ach d’fhreastalaíomar ar cuid des na comórtais mór le rá agus bhíodar uile go h-iontach ar fad agus greannmhar leis, cuir i gcás Lúibíní, Agallamh Beirte, agus ar ndóigh damhsa ar an Sean Nós, atá an ghnéisiúl ar fad! dar liom....... Bhí an amharclann lán go doirse.

Bíonn atmaisféar an-éadrom ag an bhFéile seo i gcónaí agus is seans maith do lucht na teanga buaileadh lena sean cairde nuair nach bhfuil an t-am nó an seans acu teacht le cheile le linn na bliana. Mar sin, is mór an gnó sna pubanna chomh maith ár gcultúr a cheiliúradh. Beidh an fhéile mhór i gCathair na Mart, Chontae Mhaigheo an bhliain seo chugainn

6 comments:

Fearn said...

Ba spéisiúl do thuairisc, a Hilary.

Séamas Poncán said...

Ná bíodh aon ionadh ort faoin 'Freestater' sin. Tá daoine áirithe (líon nach beag) i ndeisceart na tíre seo atá fós ag troid an chogaidh chathartha ina n-intinn féin.

Hilary Mhic Shuibhne said...

GRMMA a Fheirn.
Tá an ceart agat a Shéamais, fós féin bíonn ionadh orm aon uair a thagaim ar raiméis mar seo, ach tá se ann, is trua a rá.
Chonaic mé Borat ag an deireadh seachtaine! Omg!! Beidh orm cúpla focal a scríobh faoin scannán seo ar ball.

John of Dublin said...

Go hana mhaith a Hilary!

Richard said...

A Hilary,

Tá súil agam gur bhain tú sult as an chósta Aontroma Thuaidh. Is as Baile Monaidh mé féin agus tá mé ar ais i gContae Aontroma do Nollaig. Beidh mé ag táisteal chuig an Cósta gan mhóill. Ádh mór ort agus Nollaig Shona duit!

Hilary Mhic Shuibhne said...

Bhaineas an taitneamh as an gcósta sin a Risteard. Bhí sé go breá.
Nollaig Shona duit féin agus bain sult as do shaoire.