Tuesday, November 14, 2006

Borat

Chonaic mé an scannán! Is aoibhinn liom comedy cliste agus bhíos ag tnúth leis an scannán seo. Bhí aithne agam ar Borat cheana ó na skits ar YouTube agus é ag pleidhcíocht le daoine agus ag magadh fúthu, agus bhíos fiosrach faoin scannán agus conas a n-éireoidh sé, níor theip air. Bhí an scannán ana ghreannmhar, cúpla uair bhíos beagnach tinn ó a bheith ag gáire, ach, (trua go bhfuil “ach” ann….) D’fhág sé píosa beag mí chompordach i slí éigin mé ……Cheap mé go raibh na skits bunaithe ar mhí chumarsáide go hiontach amach is amach, is féidir liom féachaint ar an gceann seo arís is arís eile.

Níor bhaineas taitneamh as na cinn bunaithe ar chiníochas, chuir siad isteach orm i ndáiríre, tuige nach raibh náire ar na daoine seo lena dtuairimí sin?…… (bhí ionadh an domhan orm go bhfuair Sacha Baron Cohen cead cuid acu a úsáid ina scannán? Bhíodar chomh dona sin….) Ach caithfidh mé a admháil gur dhein Borat jab maith an ciníochas i ndaoine áirithe a nochtaigh, ach ní cúis grinn í sin, ach cúis na gránach. Bá gháire neirbhíseach a bhí le cloisint san amharclann uaireanta! B’fhéidir gurb é an cuspóir a bhí aige? An lucht féachana a admháil go bhfuil na droch tuairimí fós chomh láidir agus atá siad.

Níor lean an scannán ar aghaidh ró mhaith dar liom. D’éirigh mé tuirse de tar eis abair daichead nóiméad nó mar sin de, ach tá áthas orm go bhfaca mé é ag an am céanna, bhí cuid de go breá. Sílim go maireann na skits níos fearr mar píosaí gearra ar an idirlíon nó páirt ina chlár teilifíse.

10 comments:

Anonymous said...

Maith do thuairisc ar an scannán arís. Bhí sé meáite agam gan dul ag an scannán seo óir ní greann dom náire a chur ar dhaoine. Ach gach léirmheas a scríobh mé, dúradh, d'ainneoin an náire, gurb é an rud is greannmhaire amuigh. Tá mé fós idir dhá chomhairle dul aige

Séamas Poncán said...

Conas a scríobh tú léirmheasanna gan an scannán a fheiscint, a Fhirn? :- )

Nach raibh sé rí-gháirsiúil, a Hilary?

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Ba cheart duit an scannán a fheiscint, a Fhirn, ansin beidh sé níos soiléire cad atá i gceist agam. (Ach nílim á moladh a dtuigeann tú! cheap mé go raibh sé go maith i slite áirithe agus go dona i slite eile.)
Is dócha go raibh féith grinn ag cuid is mo des na daoine a bhí páirteach, agus thugadar siúd cead dó na píosaí sin a úsáid sa scannán, cuir i gcas mo dhuine sa skit atá ceangailte thuas. Tá na cinn mar sin soineanta go leor ach an-ghreannmhar leis.
Bhí cuid den scannán ana gháirsiúil ar fad, aontaím leat a Shéamais, ní bhainim aon sult as fir nochta ag rith timpeall na h-áite mar shampla……! Cheapas go raibh an píosa sin amaideach, ach bhain sé sin gáire mhór as an dream inár dtimpeallacht san amharclann, rud nár thuig mé….…. Bhain Cohen úsáid as an “shock factor” (Gaeilge éinne?) go minic le tagairtí gáirsiúla eile nach raibh greannmhar ar chor ar bith, dar liom.
Is rud fíor pearsanta é an greann. B’aoibhinn liom Seinfield nuair a bhí an clár sin againn, faoi láthair tá ganntanas grinn maith ann, is trua sin. Tá cúpla CD’s dá chuid (Seinfield) agam agus bhainim taitneamh astu fós ar turas chairr cé go bhfuil siad cloiste agam go minic.

Séamas Poncán said...

Is fíor duit nach bhfuil aon chlár greannmhar ar an teilifís faoi láthair. Is trua sin. Ní bhíonn na Simpsons greannmhar go minic níos mó, mo léan. Uaireanta tá rud greannmhar ar Saturday Night Live, agus is annamh iad fós.
Ag a Fhirn - má tá rud an ceann is fearr dá bhfuil ann, ní ionann sin agus go bhfuil sé go maith!

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Rud beag eile…má théann tú chuig an scannán seo a Fhirn, tar ar ais le do thuairim! Bheadh suim agam inti.

Anonymous said...

GRMAgaibh!
Má tá breith agam ar a fheiceáil, tapaigh mé an deis. Tá an pictiúrlann is gaire dom 70km ó "m'uaimh". Maith an cuntas a thugann tú air, a Hiliry.

Is trua nach bhfuil aithint scríobha ó aithint léamha. Mo náire.

Anonymous said...

.i. aithint scríobha ó aithint léamha AGAM. Mo náire arís.

Anonymous said...

Ní mé cad d'imigh orm inné.

"Tapóidh mé an deis"(!)

Proinsias said...

A Hilary,

Cad faoi 'ábhar alltacht' ar 'shock factor.'

Proinsias

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Is maith liom an focal alltacht.
Grma a Phroinsias, oibríonn sé sin go maith.
Ábhar na halltachta…. Mír na halltachta.