Wednesday, November 22, 2006

Ag Scuab na Tonnta

Bhuaileas le cara ó Indreabhán le déanaí agus chonaic go raibh cuma bhreá air. Chaill sé roinnt mheáchain ó anuraidh agus bhí dath na gréine air chomh maith. Cheapas go raibh sé i mbarr a shláinte (cé nach raibh sé go dona roimis seo….) Mhínigh sé go raibh caitheamh aimsire nua aige, ‘sé sin dul amach ag surfáil cúpla uair in aghaidh na seachtaine agus gurb é sin an fáth go raibh an chuma bhreá air, níos mo ama amuigh faoin aer breá úr.

Is minic a cathain daoine mean aosta a saolta taobh istigh san oifig nó sa teach le drogall tús a cur ar caitheamh aimsire nua na haclaíochta.

Ar aon nós bhíos ag caint le mo mháthair cheile faoi seo agus ag moladh an fear agus a eachtraí nua, “Is cuimhin liom” á dúirt sí, “nuair a bhíodh Paraic agus a chairde tógtha leis an spórt sin” (Is cuimhin liomsa chomh maith, bhíomar ar an ollscoil i mBAC ag an am agus chaith dream againn gach ré deireadh seachtaine ar turas éigin lenár bpubaill go dtí an Trá Bhán i gContae an Chláir, nó go Rossnowlagh nó Easky nó áiteanna éagsúla eile ar an gCósta Thiar. Chaithfinn an t-am ag siúil ar an dtrá, ag scríobh, ag snámh dá raibh an lá go breá, nó muna raibh; ag léamh leabhair agus mé go deas compordach i mo mhála codlata ar an ngaineamh agus an ghaoth ag séideadh umam. Ní raibh fadhb ar bith agam leis an tréimhse sin!)

Lean Caitlín ar aghaidh lena smaointí cúpla nóiméad ansin dúirt sí. “ Ach, thugaimis “ag scuab na tonnta” ar an spórt sin. Bíonn na 'áils' ann faoi láthair”

Ag scuab na tonnta! go hálainn!

Anois táim ag smaoineamh go bhfuil slí níos fearr ann ná “ ag sciáil”…….. cad faoi “Ag scinneadh an sneachta?”

Lá Altaithe amárach. Féile an-deas. Plean agam dul ó thuaidh ar feadh cúpla lá agus dul ag scinneadh an sneachta.

3 comments:

Fearn said...

Is maith liom scuab na dtonnta cé go bhfuil tonnmharcaíocht ann cheanna.

Ach ó thabh aclaíochta de, is dona liom a rá ach sleamhníonn gach spórt uaim sa gheimhreadh, an rothaíocht, an snámh agus an choisíocht fiú.

Tá mé rógheallmahr ar chompord.

Mo Dhuine said...

Táim ag tonnmharcaíocht ar feadh beagnach 10 mbliana anois, is as an cheantar ina bhfuil Iascaigh suite mé.
Agus le déanaí, nó ar feadh bliana nó dhó anois, feictear go bhfuil gach gach mac máthair sa tír ag tonnmharcaíocht chomh maith, nó ag déanamh iarracht ar aon chuma. Bíonn na háiteanna ciúine dubh le daoine na laethanta seo chomh maith. Níl aon éalú as.
Cúpla bliain ó shín ní raibh aoinne ann seachas mise fhéin, mo deartháirse agus ár gcairde.
Anois bíonn scuainí ann chun na tonnta a fháil.
Is fuath liom é.

Hilary Mhic Shuibhne said...

Tuigim an fhadhb, ach níl aon dul as, chomh fada agus is eol dom ach cur suas leis. Dul ann lá níos ciúine.
Bhímis ag freastal ar na háiteanna sin breis agus cúig bhliain déag ó shin agus ag an am san ní raibh mórán daoine ag scuabadh na tonnta ar chor ar bith. Chonaiceamar i mbliana agus sinn i Lahinch aimsir na Cásca, go raibh an trá plódaithe agus páistí gach áit ina culaith na farraige. Bhí cúrsaí ar siúl ann thar an tsaoire.
Bíonn sé go deas a fheiscint go bhfuil i bhfad níos mó páistí páirteach áfach ….ní raibh campaí nó a leithéidi le fail nuair a bhíos óg.
Re: Gnóthaí faiseanta / Tarlaíonn an rud céanna i gcónaí, i slite éagsúla, cur i gcás tourist attractions srl nach dtarlaíonn? . Faighim níos mó sásamh as fanacht i mo chúl ghairdín ag féachaint ar na héin………. (Is cosúil go bhfuil Mt Everest plódaithe le turasóireacht anois fiú.)
Saghas consumerism arís is arís eile agus le breis airgid éiríonn sé níos mó agus níos amaidí. Leigh mé san Irish Times inné (eagrán Dé Sathairn seo chaite) go mbeidh roinnt mhaith daoine ag teacht go Nua Eabhrac ó Éireann ag siopadóireacht roimh na Nollag ag iarraidh teacht ar díolacháin…..
Mar dhea!