Fuair mé litir inné ó m’aintin. Gretta is ainm dí agus tá sí ceithre scór is cúig bliana d’aois. Is annamh anois le email, skype srl a fhaighim fíor litreacha sa phost agus bhí a fhios agam díreach gur ise a scríobh an ceann seo… ní ón lámh caolchrúbach ach ón gclúdach seanfhaiseanta éadrom ‘aerphoist’ a bhí ann le riabha ar na taobhanna. D’úsáid sí seanpháipéar éadrom scríbhneoireachta chomh maith taobh istigh! Bhíos mar pháiste le bréagán nua, fíor litir le cúig leathanach!! Duine den ghlúin sin atá inti a scríobhann níos mó ná fiú cianghlaoch a dhéanamh ar an bhfón, “trunk call” a thugann sí orthu siúd! Bhí lón breá againn le cheile le déanaí nuair a bhíos in Éireann agus sinn ag plé cúrsaí polaitíochta an dá tíortha, Darfur, leabhair, ealaíon, agus a sean madra nach maireann, bíonn tuairim aici faoi gach aon ábhar agus ní théann aon scéal domhanda thairsti. Cónaíonn sí ina aonar anois ach bheinn níos compordaí dá mbeadh madra beag aici, ní hamháin de bharr an comhluadar ach mar ghléas sábhála! Tamall gearr ó shin tháinig bean chun a dorais agus do shá sí isteach gan choinne agus ghoid sí mála na seanamhná a bhí ar bhord an halla.
Bhí an droch eachtra sin críochnaithe taobh istigh soicind, ach mar a deir Gretta féin, cé gur bhain an eachtra geit mór aisti ar a laghad ní raibh sí gortaithe ………agus ní raibh mórán sa mhála sin ach airgead, mar sin níor goideadh sa deireadh ach a féinmhuinín. Sílim go bhfuil sé sin ag teacht thar n-ais chuici anois. Ba bhean neamhspleach í a saol iomlán agus ba mhaith léi fanacht mar sin tamall eile más féidir. Tuigim go mór é sin agus déarfainn go mbeadh sí go breá gan daoine bagrach ag cur isteach uirthi.
Beidh mé ag dul ar turas seachtaine inniu; cúpla lá i mBoston, ansin seal i Maine agus ansin trasna go Montreal ar feadh tamaillín agus sa deireadh cúpla lá sa pháirc Adirondack anseo i stát Nua Eabhrac.
No comments:
Post a Comment