Bhí orm an saol a ghlacadh go réidh Dé Sathairn de dheasca an diabhal slaghdán seo. Tá sé fós ag cur isteach go mór orm. Tagann an casacht orm go trom aon uair a bhím i mo luí. Mar sin bím ag casacht oíche go maidin agus bím tuirse i rith an lae. Má caithim leath uair ar an tolg tosaíonn an casacht arís! Tá orm a bheith i mo shuí nó i mo sheasamh an tam ar fad. Ar aon nós thosnaigh mé ag léamh sean leabhar tráthnóna Sathairn. ‘Sé sin The Tailor and Anstythug duine éigin dom é blianta ó shin agus níor léigh mé go dtí seo é . Is dócha gur chuala nach mór gach duine le suim i stair na hÉireann trácht ar an leabhairin seo. Is scéal an deas é seo faoi seanduine agus a bhean, a meonta agus an saol a bhí acu. Meonta sean aimseartha na nGael a bhí ag an dís seo gan puinn mheasa ar an rialtas, ar rialta na heaglaise nó a leithéid. Ach bhíodar spioradálta go leor ina slí feínig, bhí creideamh acu agus ana mheas acu ar an bhFear Thuas. Bhíodh an táilliúir ag insint scéalta an t-am ar fad óna chathaoir (bosca in aice na tine ar a thugadh “Cornucopia”) lena milte cuairteoirí agus ise ag magadh faoi gan stad gan staonadh i rith an lae …..seo nós a bhíodh ag na sean díseanna in Éireann (agus nós nach bhfuil ró fhada uaimse ar uairibh! ..níl sé ceart seans cloigeann mór a ligint d ‘fhear ar chor ar bith!) Ach in ainneoin é a bheith cráite clipthe léi chuir sise barr maise ar a shaol ag an am céanna, agus, ag deireadh an lae do bhíodh gach rud ciúin séimh idir an táilliúir agus a bhean. Tá scéalta an tseanduine seo ana mhaith agus bhaineas taitneamh nach beag as teacht orthu agus mé ar an tolg! Agus mana an bheirt acu: Glac an saol go réidh agus glacfaidh an saol go réidh leat.
Scríobh Frank O’Connor an réamhrá den leagan atá agam agus soiléir go raibh an dearg-ghráin aige roimh rialtas na tréimhse seo 1940’s. Bhíodh bord cinsireachta an rialtais ana chrua ag an am seo agus gan ciall ar bith uaireanta. Bhíodh lámh na sagairt ann ar ndóigh agus chuireadar cosc ar an leabhar seo. Cén fáth? Tagann gnéas isteach i slí greannmhar i gcuid des na scéalta agus déanann an táilliúir nó a bhean tagairt ar feis leaba na hoíche anois is arís. Sin an méid. Bhí sé chomh soineanta sin…….. Tháinig triúr “ionadaí” Dé ar chuairt orthu ina dtigh beag agus bhí ar an seanduine a chóip féin den leabhar a chaith sa tine os a gcomhair. Chuireadar a bparóiste i gcoinne an sean dís…..Samhlaigh ar sin! Ionadaí an diabhal a bhí iontu siúd. Oh tá a fhios agam gur tréimhse eile a bhí ann srl srl ach ní raibh aon leithscéal ann den drochchuairt sin ón dtriúr sagairt. Rud eile ná silim go bhfuil sé tábhachtach súil a choimeád ar an saol atá thart agus sinn ag bogadh ar aghaidh….bíonn ceachtanna le foghlaim i gcónaí agus ní sé ceart a rá “tharla na droch rudaí sin chomh fada siar nach mbaineann siad linn níos mó” nó “nach féidir slán a fhágáil le na sean laethanta” Is meon caolaigeanta agus aineolach eile é sin.
Nuair a léigh mé an réamhrá sin chuir sé mé ag smaoineamh gurb í seo tréimhse óige mo thuismitheoirí féin agus chuala mé cúpla droch scéalta ó mo mháthair faoi smacht na heaglaise ag an am san. Scéal eile. Lá eile.
No comments:
Post a Comment