Bhí an Ghaeilge le cloisteáil i Nua Eabhrac agus i Washington an deireadh seachtaine seo. Cuireadh tús le na himeachtaí domsa le seoladh bogearraí nua, The Rosetta Stone for Irish, san Embassy i Washington oíche Déardaoin, bhí seisear againn ó Nua Eabhrac ann, ach níos mó faoi sin lá eile.
Tá sé níos suimiúla mo smaointí a chasadh chuig an chomhdháil thábhachtach Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh a bhí ar siúil thar an deireadh seachtaine seo thart san óstlann Affinia i gcathair Nua Eabhrach. Cuireadh Glór na nGael le cheile an chomhdháil seo agus osclaíodh oíche Aoine í le fáilte oifigiúil in oifigí na consalachta, Nua Eabhrac. Thug Breandán Ó Caollaí, leas-consal, agus Máire Ní Annracháin, Cathaoirleach Ghlór na nGael, fáilte is fiche roimh cách agus bhí an-choisir againn ann (..a lean ar aghaidh in O’Neills …)
Níl a fhios agam an raibh cuspóir áirithe i gceist ag an gcomhdháil seo ach is é an rud is tábhachtaí, dar liom, ná a aithint go bhfuilimid uile ag iarraidh obair a dhéanamh an teanga a bheith in úsáid níos mó mar ghnáth teanga an lae acu siúd le suim acu inti, pé tír (nó pé mór roinn!) ina tá siad lonnaithe. Is í an tseana íomhá ná an teanga gafa sa seomra ranga, nó le lucht na h ollscoileanna mar ábhar taighde nó foilsitheoireachta, nó sa Ghaeltacht taobh thiar teorann na bochtaineachta fadó, aicmí uile a bhí scoilte óna cheile. Tá athrú tagtha ar an íomhá seo gan dabht, buíochas le Dia, ach fós féin tá an bóthar ós ár gcomhair casta. Ní maireann teanga gan pobal. Fíric shimplí. Ní foláir dúinn mar sin pobail na Gaeilge a chothú le imeachtaí a mheallann daoine le cheile, ní chun an teanga a phlé, ach an teanga a úsáid fad is atá daoine ag baint taitneamh as an imeacht nó as an gcomhluadar, sé sin an cur chuige cairdis! Is í easpa comhthéacs an fhadhb a bhain, agus a bhaineann fós, leis an teanga…agus, má cothaítear comhthéacs trí imeachtaí a eagrú tiocfaidh na gaeilgeoirí, agus ní foláir fáilte roimh foghlaimeoirí a bheith páirteach agus iad a spreagadh leanúint lena gcuid staidéar.
Ní féidir teanga a úsáid gan í a fhoghlaim agus chualamar ag an gComhdháil ana chuid faoi cúrsaí tacaíochta atá ar fáil anois d’fhoghlaimeoirí agus do mhúinteoirí ar fud na cruinne ó fhoinsí éagsúla in Éirinn. Labhair ochtar linn ó eagraíochtaí agus gluaiseachtaí in Éirínn faoina bhforbairtí difriúla; Julian de Spáinn, Conradh na Gaeilge, BAC. Feargal Ó Cuilinn, Comhluadar; Orla Nic Suibhne, Seachtain na Gaeilge, Tomás Mac Gearailt, Bard na Gaeilge Teo, Déaglán Ó Briain, An Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, Breandán Mac Cormaic, Fondúireacht na Gaeilge Teo, Anna Ní Ghallachair, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, Liam Ó Cuinneagáin, Oideas Gael agus Pádraig Ó Ceithearnach, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Bá mhór an onóir dúinne go raibh suim acu go léir teacht agus a saothair difriúla a mhíniú agus bhí sé go breá dúinn teagmháil a dhéanamh leo agus tá súil agam gur bhaineadar taitneamh as bualadh linne chomh maith.
Chualamar chomh maith scéalta ó ár gcairde féin ón taobh seo den Aigéan Atlantach, faoi stair a gcumainn agus a bpleananna amach anseo. Ken Nilson, Ollscoil St Francis Xavier, Pádraig Ó Siadhail, St Mary’s University, Mike Newell, Conradh na Gaeilge, Boston, Aralt Mac Giolla Chainnigh, Cumann na Gaeltachta Ceanada, Séamas Ó Neachtáin, Cumann Carad na Gaeilge, Elaine Ní Bhraonáin, Irish Arts Centre, agus Liam Guidrey, Daltaí na Gaeilge.
Aithnítear go soiléir anois gur coincheap idirnáisiúnta í An Ghaeltacht agus nach mbaineann an coincheap seo níos mó le píosa talún taobh istigh teorann. An é sin an fáth go gcloistear tagairt do Global Gaeilge go minic le déanaí? Maireann an teanga leo siúd a labhraíonn í, leo a cuireann fuinneamh isteach í a choimeád slán, leo a scaipeann eolas fúithi, leo atá toilteanach ranganna agus imeachtaí a bhunú agus a thugann fáilte roimh foghlaimeoirí, leo a bhíonn ag iarraidh í a úsáid mar gnáth teanga in ionad ábhair cainte an t-am ar fad. Nach bhfuil aithne againn uile ar daoine nach stopann riamh ag caint faoin teanga i mBéarla! in ionad sa teanga..…agus caithfidh mé a rá go bhfuil aithne agam ar dream maith daoine eile a ritheann chun an dí na cainteoirí sin a sheachaint!
An mbeidh aon toradh dearfach le feiscint amach anseo ó chúrsaí na deireadh seachtaine seo? Déarfainn go mbeidh, mar tagann torthaí dearfacha i gcónaí ó teagmhálacha nuair a bhíonn an cuspóir céanna ann. Ní neart go cur le cheile.
Fiú i mo chas féin tharla go raibh mé ag caint sa bheár le cúpla cairde, Briain Ó Broin agus Una McGillicuddy, ní rabhamar le cheile le fada anuas de dheasca brú oibre ach do bhíodh an nós againn teacht le cheile i Manhattan go rialta le cúpla daoine eile le Gaeilge, i gcomhair cúpla deoch agus dinnéar. Faraor mar a luaigh bhíomar uile ró gnóthach teacht le cheile le tamall anuas …. Ach bhraithimid uainn ár mbaicle chomhrá bheag. Dheineamar cinneadh agus sinn sa bheár teacht le cheile i gcomhair picnic b’fhéidir sa Pháirc Lárnach anseo i Nua Eabhrac sa Samhradh agus sraith léitheoireachtaí drámaí a chur ar bun ansin. Cuirfimid cuirí chuig ár mic léinn agus ár gcairde go léir teacht. Feicfimid! Tá bailiúchán drámaí agam ón Comhairle Náisiúnta Drámaíochta, foilsithe faoi choimirce Conradh na Gaeilge fadó fadó (costas 1/= an cóip acu!) Tá roinnt drámaí ag Una agus ag Briain chomh maith. Nach mbeadh sé go deas na focail sin a chloisteáil i mbéil daoine in ionad a bheith ina gcodladh ar an seilf?
Aon rud eile amach anseo?...Plean agam dul go Portland, Oregon ag deireadh na míosa go dtí an Lá na Gaeilge i gColáiste Marylhurst, agus tá lá breá geallta, buí le Bob Burke agus Aislinn Adams… anuraidh bhí ceithre scór daoine páirteach… agus ar ais ar an gcósta seo beidh Lá na Gaeilge i gColáiste Elms i Chicopee Mass. ar an 7ú lá de mhí Meitheamh.
Bí linn!
2 comments:
Maith thú! Rinne tú an chéad tuairisc, sílim, ar imeachtaí na deireadh seachtaine.
An bhfaca tú na scannáiníní is na grianghraif a chur mé ar an idirlíon?
www.scoilgaeilge.org/events/FGMT
Post a Comment