Thursday, September 04, 2008

Tá an Rás Tosnaithe Anois.

Le teacht Sarah Palin isteach san áireamh tosaíonn an rás chuig Oifig an Uachtaráin sa tír seo i gceart. Chonaiceamar ag caint í don chead uair go h oifigiúil ag an RNC (Republican National Conference) aréir mar iarrthóir leasuachtaránachta, rognaithe ag Seanadóir McCain. (Níor chuala mise tada fúithi go dtí an tseachtain seo chaite.) Anois agus le Seanadóir Obama agus Seanadóir Biden ar thaobh Páirtí Daonlathach táimid ag an líne tosaigh arís. Is comórtas ró fhada é seo gan dabht.

Tá sé ráite anois gur rogha mhaith í Sarah Palin toisc go mbeidh mná na tíre, a bhíodh taobh thiar Seanadóir Clinton, toilteanach anois a vótaí a chaitheamh ina treo, tá súil agam nach glacfaidh éinne leis an seafóid seo, mar is masla amach is amach é. An bhfuil mná anseo a gcaithfeadh a vótaí bunaithe go hiomlán ar an gcineál banda, gan trácht ar rud ar bith eile?

Ní raibh mórán le rá aici aréir áfach, cé gur labhair sí le muinín agus fuinneamh. Chuir sí in aithne dúinn a fear cheile agus a gclann agus ansin lean sí ag caitheamh masla i dtreo Seanadóir Obama agus ómós i dtreo Seanadóir McCain. Sin an ról atá aici. Tá ana chuid ráite cheana féin faoi a gclann, an mac is sine acu atá san arm agus an maicín úr atá acu, gan trácht ar an iníon atá torrach agus í 17 bliana d’aois agus anois ar tí pósadh. Ní bhaineann sé seo leis an toghchán ar chor ar bith?.... sílim féin nach rud ró mhaith é í a chur chun pósadh. Nach mbeadh sé níos fearr di fanacht go dtí go bhfuil a oideachas foirmiúil faighte aici agus faighte ag a fear óg?,

An féidir le daoine díriú ar na príomh aidhmeanna agus fealsúnachtaí na bpáirtithe in ionad an raiméis a chloistear fad is atá na iarrthóirí agus cuid dá lucht leanúna ag iarraidh na toghthóirí uile a spreagadh chucu? Táim féin toilteanach éisteacht le tuairim cách, fiú muna aontaím léi!!! Is maith liom díospóireacht… ach is trua nuair a bhíonn tuairim toghthóra bunaithe ar bréaga agus nuair nach bhfuil an tsuim nó an intleacht aige ná aice dul ag lorg na fírinne.

Chaitheas an tseachtain seo chaite le dream iontach ag seachtain na Gaeilge. Bhuaileas le bean lá thar bricfeasta agus, mo léan, osclaíodh an toghchán mar ábhar cainte an bhoird. Bean na tuairime tréine atá inti agus d’fhógraigh sí go raibh Barack Obama ina sceimhlitheoir agus go raibh sé ina Mhoslamach chomh maith, mar sin, a dúirt sí, ní raibh an tarna suíochán sa bhuaile aici ach a vóta a chaitheamh le McCain! “Fan nóiméad”, a dúirt mé féin léi nuair a bhí sé soiléir go raibh sí dáiríre, (agus mé ag smaoineamh ar dtús go rabhas ag brionglóid nó gur saghas cleas cainte a bhí ar siúl… gur ól mé an iomarca fíona an oíche roimhe b’fhéidir?..) “Cá bhfuair tú na fíricí seo?” …Bá chosúil gur léigh sí áit éigin i bpáipéar éigin, lá éigin, bliain ó shin…. Bhíos fiosrach anois agus chuireas ceist eile uirthi..” An aontaíonn tú le polasaí an Pháirtí Phoblachtaigh os rud é go bhfuil tú cinnte? “Is cuma liom faoi sin” a dúirt sí lán dáiríre, “Ach ní féidir liom mo vóta a chaitheamh le Moslamach!” omg.

Nílim ag insint bréige. Sin an comhrá a bhí eadrainn. Is trua go bhfuil daoine sásta fanacht aineolach, ach b‘fhéidir gurb é sin sainmhíniú an aineolais; an té nach bhfuil ceisteach ar bith agus é sásta glacadh le aon seafóid a chaitear chuige. Ach tá áthas orm nach bhfuil formhór des na Gael Mheiriceánaigh mar sin! Bíonn an-suim acu i gcúrsaí pholaitíochta mar a mbíonn na Gael in Éirinn.

Beidh na hóráidí le cloisint as seo amach ach tá cúpla rud fíor, tá praiseach mhór déanta ag an Páirtí Poblachtach le ocht bliana anuas, mar shampla cogaidh, saint na ngnóthaí móra, go h-áirithe eachtraí neamhrialta sna bainc a chur tús le trioblóidí eacnamaíochta na tíre seo agus thar lear. Nach raibh ar Uachtarán Bush athraithe a dhéanamh ar a chomhbhádóirí sa rialtas minic go leor de dheasca droch iompar? Tá meas an domhain mór caillte ag an dtír seo acu as na geáitsí go léir agus is mór an trua, dar liom, mar is tír iontach í de bharr a pobal díograiseach. Pobal a cuireann a chroí ina chuid oibre agus a bhíonn toilteanach i gcónaí cabhair a thabhairt gan teacht ar mórán buíochais ………. Tá athrú uainn.

Ar aghaidh linn.


No comments: