Dhúisigh mé go luath maidin inné. Bhí mé san áit chompordach chluthmhar sin idir múscailt agus lán dhúiseacht. Mo shúile dúnta gan suim agam iad a oscailte, mo chorp leagtha amach fós trom le codladh, mo chosa gan fuinneamh, mo lámha thuas thar mo cheann, marbh agus mé ar mó sháimhín só.
Chuala mé glór bog, ciúin, glór nár chuala le tamall anuas, ag cogarnach, ag athrá. Glór deas, ag bladar faoi choim, íseal. D’aithin mé é, chuala mé cheana áit éigin é. Glór suaimhneasach. Agus mé ag teacht chugam féin rith sé liom go raibh sé ag cur fearthainne lasmuigh, ba í an fhearthainn ar dhíon an tí a bhí ag canadh go caoin dom ag tús an lae, agus déarfainn gurb í seo an chéad uair riamh go raibh fíor fáilte agam roimh an fhearthainn!
11 comments:
M'anam, ach tá sí ag titim anseo inniu, freisin, a Hilary - níl stop léi na laethanta seo!
An fhadhb a bhí againn anso a Aine ná easpa fearthainne le sé seachtain anuas ara laghad agus aimsir an-te ar fad leis, breis agus 90 céim gach lá, bhí an talamh bocht chomh crua le concrete!
Uachtar gréine 50spf orm gach lá mar is maith liom an ghrian.
Nach aoibhinn bheith fileta agus tú idir codladh is dúiseacht?
GRMA! agus seans i bhfad níos fearr luath sa mhaidin ná dir codladh is dúiseacht ag deireadh an lae.
Tá tonn teasa againn anois, ach bhí ag cur fearthainne cupla seachtain ó shin le cupla bomaite. Bhí sé cosúil le hósais i ngaineamhlach!
Ní leor cúpla bomaite ar chor ar bith... Cad faoi damhsa báistí a thosnú i do cheantar? (Nó b'fhéidir go bhfuil sé ró-the a bheith ag damhsa lasmuigh ansin!)
Róthe anois, cinnte. Dúirt mo shagart aifreann le haghaidh báistí anuraidh nuair a bhí triomach againn. Neart báistí agus an samhradh fionnuar a bhí againn i mbliana. Cronaím a hamhrán.
Is breá liom do bhlog. Uaireanta cuireann do chuid focail iontas orm. Is cuimhin liom fós gur scríobh tú an bhliain seo chaite: "Spéir throm lagbhríoch glas ag crochadh os cionn na crainn báite." Go raibh maith agat.
John a chara, grm agatsa! Ba dheas uait an nóta sin a chur chugam. Ní chuimhin liom cathain a scríobh mé na focail sin, ba chóir dom dul thar n-ais féachaint ar na píosaí sa bhlog uair éigin. Feicim go raibh mé ag tagairt don aimsir an t-am san chomh maith! Ní bhíonn an aimsir rófhada ó mo chroí riamh, rud a léiríonn gur Éireannach mé is dócha. An aimsir, mo mhadra, an aimsir, mo mhadra, an Ghaeilge, an aimsir…..agus rudaí beaga eile anois is arís, ach saol iontach ag an am céanna. Ádh mór agus grma arís. H.
A Shéain a chara, tá súil agam go dtiocfaidh an fhearthainn i do threo go luath, tá an aimsir anseo i NY go breá faoi láthair. H.
scríobhta go hálainn, a Hilary.
Is breá liom aire speisialta a thabhairt ar na rudaí simplí inár saol, sa domhain inár dtimpeall... rudaí go ndéantar neamhiontas de ó lá go lá leis an gcuid is mó de dhaoine, a n-áilleacht caillte orthu; rudaí atá álainn agus iontach, mar a chonaic 's dúírt tú, ina slí féin.
go raibh maith agat arís don radharc simplí breá ar an saol i measc na gníomhaíocht gnóthach. : )
Grmma agatsa a Jennifer.
Is iad na rudaí beaga a chuireann blas ar an saol go minic,dar liom, agus nach iad na gnáth daoine inár dtimpeallacht ár bhfíor laochra ag deireadh an lae?
ádh mór, Hilary
Post a Comment