Thursday, August 05, 2010

Ná Déan Dearúd




Má smaoinítear ar na hÉireannaigh a aistriú go dtí na Stáit Aontaithe Mheiriceá timpeall 1850 tagann pictiúr áirithe ar an gcéad amharc, sé sin ar ndóigh na mílte bochta ó fud na tíre a bhí in ann éalú ón ocras agus ó anró an tsaoil go dtí an tOileán Úr. Ach nach mbíonn níos mó i ngach pictiúr ná an príomhábhar agus is fiú féachaint siar le radharc níos fairsinge ar an dream mór a d’fhág an tír le linn na tréimhse dorcha san ….Tháinig eisimirce go Meiriceá ó Bhaile Átha Cliath chomh maith, seans maith nach raibh na taistealaithe sin ar a ndé deirí i gcomparáid leis na créatúir bhochta ó thimpeall na tíre- ach bhíodar go léir ag iarraidh saoil níos fearr a bhaint amach, dóibh féin, dá bpáistí agus i slí indíreach, dá muintir fágtha sa bhaile.


Chonaic mé taispeántas dealbhóireachta le Augustus Saint-Gaudens (1848-1907) sa Metropolitan Museum of Art tamaillín ó shin. Seans nach bhfuil ainm an dealbhóra seo ar eolas ag cách ach, ag an am céanna is beag duine nár bhfaca sampla dá shaothar uair éigin í Nua Eabhrac agus i gcathracha móra eile, Baile Átha Cliath ina measc ……sin le rá ar ndóigh….má bhíonn a súile ar oscailt. Cuireann an smaoineamh sin chara liom i mo chuimhne; do bhíodh sé i gcónaí mí shásta le daoine gan an nós acu rudaí a thabhairt fé deara ar ghnáth bóthar an tsaoil.. “erra, bíonn súile an té sin oscailte ceart go leor ach faraoir ní fheiceann an t-amadán céanna tada” a ndearfadh sé . (Púicíní a chuirtear ar chapaill na cathrach tá a fhios agat.. agus is é púicín focal eile a chiallaíonn le h-amadán sa Ghaeilge…duine nach bhfeiceann an pictiúr go hiomlán).

Ba é Augustus Saint-Gaudens duine de na dealbhóirí is mo i stair ealaíona na SAM, ach níor Mheiriceánach ó dhúchas é. Rugadh ar shráid Charlemont í mBaile Átha Cliath é, ba Éireannach í a mháthair , Mary McGuinness ó Bhaile uí Mhatháin, Co Longfort, agus ba Fhrancach a athair, Bernard Saint-Gaudens, caibléir a bhí ann agus é lonnaithe i mBaile Átha Cliath ó 1840. D’aistrigh Bernard a chlann go Meiriceá nuair nach raibh in Augustus ach leanbh, bhí beirt mac caillte ag an gclann cheanna agus ba chosúil go raibh eagla air roimh an gorta mór cé go rabhadar ina gcónaí i mBAC . Chuir Mary agus a maicín fúthu ar dtús i mBoston ar feadh cúpla seachtain fad is a bhí Bernard ag eagrú árasáin i Nua Eabhrac dá chlann, agus ansin d’aistríodar go Nua Eabhrac, go Sráid Duane atá thíos bhaile i NYC na laethanta seo, ach a bhí i lár na cathrach ag an am san. D’oscail Bernard siopa bróg. Ní raibh ard mheas ag muintir Nua Eabhrac ar na hÉireannaigh bochta a bhí ag díle isteach sa chathair na blianta san, an chuid is mó acu i gcruachás, ach d’éirigh le clann Saint-Gaudens. Tá sé soiléir ó scríbhneoireacht Augustus faoina thuismitheoirí go raibh saol réasúnta compordach acu agus gur bhain sé sult as a chúlra neamhghnách. Labhraíodar Béarla agus Fraincis sa bhaile.

Nuair a bhí Augustus dhá bhliain déag d’aois d’éirigh leis printíseach a fháil le gearrthóirí chaimeo, ba iad seodra coitianta an t-ard aicme an ré sin agus ba mhór an t-éileamh orthu. Chaith sé trí bliana le máistir amháin agus lean sé ar aghaidh le máistir eile ansin, d’fhreastail sé ar coláiste Cooper Union i NYC agus ansin an National Academy of Design. Nuair a bhí sé 19 bliana d’aois bhailigh Augustus leis go Páras agus d’éirigh leis tús a chur ag staidéar san École des Beaux-Art, ar aghaidh leis go Rome ansin agus sa deireadh chuir sé faoi thar n-ais i NYC i 1874. Bá ré mhór cogaidh í, agus le linn a shaol tugadh údaráis phoiblí do Saint-Gaudens le fonn saolta na laochra móra a cheiliúradh i slite poiblí.

Thug an t-oideachas a fuair Saint-Gaudens i bPáras fuinneamh nua aimseartha dá chuid oibre agus ní fada go raibh eisean duine de na dealbhóirí is cáiliúla sa tír. Feictear a chuid oibre sna cathracha móra, mar shampla The Sherman Monument i Manhattan, agus The Robert Gould Shaw and 54th Massachusetts Memorial i mBoston ( Boston Common), agus Lincoln ina Sheasamh i Chicago. Sílim ó na cinn atá feicthe agam gur dhein Saint-Gaudens teagmháil le hanamacha a ábhar trína aghaidheanna, feictear gach mionchuntas ar a gcuntanóis. Thug na blianta ar chaith an dealbhóir ag obair mar ghearrthóir chaimeo taithí dó mion thréithe pearsanta a nochta ina chuid ealaíne.

Faoi láthair ní dóigh liom go bhfuil aon mhaitheas le fáil cogaidh a cheiliúradh, is trua nach bhfuilimid in ann teacht ar slí eile ár ndifríochtaí a réitigh ach seo ré eile. Ach tar éis dom an Robert Gould Shaw and 54th Massachusetts Memorial a fheiscint d’éirigh suim ionam sa bhfear sin agus a scéal; scéal tábhachtach atá ann, ina gcuireadh tús le gluaiseacht chuig cearta comhionanna do dhaoine gorma í gcóras míleata na tíre seo. Ba é an 54th Massachusetts an chéad reisimint do fir ghorma sa tír faoi cheannas Coirnéal Gould Shaw, fear óg, 25, agus é mór le rá sa ghluaiseacht i gcoinne an daorsmachta. Ag féachaint ar an píosa ealaíne seo agus an scéal ar eolas agam anois ba bhreá liom mo lámh a shá amach trí na blianta agus é a chur ar ghualainn duine de na fir óga gorma cróga sin ag siúl go bródúil le chéile agus cogar a chur ina chluas, Ádh mór a fhir óig agus tar abhaile slán, tá a fhios agam áfach gur baineadh úsáid as an reisimint seo; níor tháinig mórán acu abhaile ar chor ar bith, a dtaoiseach-catha óg i measc na mairbh.

Thosnaigh Saint-Gaudens ag obair ar shéadchomhartha Charles Stewart Parnell i 1903, buí le John Redmond, cé go raibh an ealaíontóir breoite le ailse ag an am. Cuireadh suas i Sráid uí Chonnaill i 1911 le sliocht ón rí gan coróin féin. Ní fheadar an raibh saothar Saint-Gaudens faoi tionchar mór a bhunadh Ghaeil ar ach ba eisean a mhol píosa as Gaeilge a chur le Parnell: Go Soirbhigidh Dia Éire dá Chlainn.

Is minic a shiúltar thar shéadchomhartha gan féachaint orthu, gan iad a fheiscint i gceart ar chor ar bith, níl iontu don chuid is mó againn ach cúlbhrat inár saolta a mbaineann le ré eile, fadó. Ach, anois is arís, labhraíonn ceann liom i gcogar: Ná déan dearúd.



2 comments:

Anonymous said...

Ná déan dearmad ar an scannán Glory.

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Tá an cheart agat. Tá an scannán sin go maith a Sheáin, chonaic mé é tar éis dom an taispeántas Saint-Gaudens a fheiscint.....