Wednesday, September 22, 2010

Am a chur amú, ach...ag foghlaim

Bhí comhrá suimiúil agam le fear ón Ind tá cúpla lá ó shin. Tharla go raibh trioblóid riomhraíochta agam agus bhí mé ar an bhfón leis, bhí sé lonnaithe in ionad glaonna áit éigin sa mhór roinn sin. Fad is bhiomar ag feitheamh ar ioslóidáil bhogearraí thosaíomar ag caint le chéile. Chas an comhrá chuig teangacha tapaidh go leor, mhínigh mo dhuine dom go bhfuil ocht dteanga náisiúnta déag acu siúd san Ind agus gurb í Hindi a theanga dhuchas féin. Ach dúirt sé nach raibh a chumas i léitheoireacht nó i scríbhneoireacht in Hindi ró mhaith aige níos mó. Dúirt sé go raibh a léitheoireacht agus a scríbhneoireacht i bhfad níos fearr i mBéarla anois. An nós a bhíonn acu san Ind ná an bhéim a chur ar staidéar ar an mBéarla ar scoil, agus ós rud é nach gá ach teanga amháin a staidéar ar an ard scoil déanann beagnach gach duine Béarla má bhíonn aon suim ar bith acu in oideachas. Is cosúil go mbíonn an Bhéarla acu mar ábhar scoile ón dtús báire. “Faoi láthair,” a dúirt sé in a Bhéarla beagáinín briste blas láidir, “Is fearr liom a bheith ag léamh nó ag scríobh i mBéarla in ionad mo theanga dhúchais, ní bhíonn an méid sin botún agam ann” Bíonn na nuachtáin foilsithe sna teangacha náisiúnta agus i mBéarla agus ceannaíonn sé ceann i mBéarla i gcónaí; bheadh an ceann in Hindi ró dheacair do.

9 comments:

aonghus said...

Is trua sin. Iadsan ag déanamh na botúin céanna a rinne ár sinsir.

Dubhaltach said...

Ní amháin go bhfuilid ag tréigean a dteangacha ach chonac tuairisc le déanaí inar míníodh go raibh sé an-fhaiseanta thall sa lá atá inniu ann dath do chraicinn a athrú le hearraí costasacha le go mbeifí níos gile sa ghnúis!

Seo chugaibh é

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Fágann coilínigh athruithe nach féidir a thomhas go hiomlán,
agus téann an dochar go smior ar an bpobal coilínithe.

Cuireann an t-ábhar seo dán Pádraig Ö Broin (1907-1967) i gcuimhne dom:
I do not know the tongue my fathers spoke
I cannot sing the songs my fathers sang
I cannot read the books my fathers wrote
Treasure on treasure in my hungry hands:
I cannot read a word.

ormondo said...

An é go bhfuil ré na débhéascna buailte leis an India cheana féin agus na teangacha dúchais in áit na leathphingine?

Más amhlaidh atá sé, tá tús an deiridh scoite acu, faraor.

Mise Áine said...

@ 'Is trua sin. Iadsan ag déanamh na botúin céanna a rinne ár sinsir.'

Aontaím.

Dubhaltach said...

Go raibh maith agat as an dán sin Hillary.

John said...

Dán álainn Hillary. Tá beirt Indiach ina gcónaí liom sa teach anseo. As deisceart na tíre iad, agus labhraíonn siad ceann do mhionteangacha na tíre: Malayalam. Is breá liom ainm phalandrómach na teanga. Tá siad breá compórdach an Béarla a labhairt liom agus i gcónaí fiosrach faoi nathanna cainte na teanga sin, ach fós fhéin tá an-bhród acu ina dteanga fhéin. Is aoibhinn liom éisteacht leo agus iad ag cócáil, agus an Malayalam tapa rithimiúil idir beola acu. Dála an scéil b'fhearr leo scannáin Bollywood, agus cé nach dtuigeann Anju Hindi baineann sí taitneamh as an gceol agus an damhsa. Ní bhíonn mórán sa scéal ar aon nós!

Colm said...

Trua go leor.

"Is trua sin. Iadsan ag déanamh na botúin céanna a rinne ár sinsir."

Agus tá an rud céanna à tharlú san Ísiltír agus sa Danmhairg freisin.

Hilary de Bhál, bn. Mhic Suibhne said...

Tá sé ag tarlú gach áit. Ní mé an bhfuil dul as?