Tá an aimsir ana the ar fad le seachtain anuas anseo i Nua Eabhrac, is maith liom í ach bíonn sí ró-the domsa i lár an lae, fanaim laistigh idir meán lae agus a ceathair a chlog de ghnáth. Ach inniu braithim athrú ag teacht, tá sé fós an te ach tá an t-aer ag éirí trom, braithim mar ualach orm é, ag brú ar mo ghuaillí. Níl an spéir glan geal níos mó, tá an solas bog. Ciúnas gach áit, níl na héanlaith ag canadh tráthnóna inniu, tá a fhios acu go bhfuil stoirm ag teacht ar ball anocht. Níl Cara sásta, braitheann sise an t-athrú chomh maith cé nach bhfeiceann sise mórán níos mó, ní chloiseann si tada mar tá ciúnas na seanaoise uirthi, ach is fuath léi toirneach agus tintreach, cuireann siad scanradh uirthi agus bíonn a fhios aici i gcónaí ó thús an lae, gan bogadh as a leaba, nuair a bhíonn siad ag teacht.
3 comments:
Is dócha go bhfeidhmíonn an tuiscint do bhrú an aeir i ndiaidh na céadfaí eile.
Bíonn sé ró-the san áit seo freisin i rith an tsamhraidh agus is maith liom nuair a thagann an toirneach agus an tintreach mar fhuarú agus mar fhaoiseamh beag.
Níor tháinig an stoirm sin go fóill, bhí sí ag bagairt an lá san ach inné ghlan an spéir arís agus d'éirigh sé níos teo! Is maith liom na séasúir áfach agus luaineacht na haimsire leis.
Ní raibh mé riamh sa Ghearmáin!
Post a Comment