Monday, July 18, 2011

Cara Cliste

Tá an aimsir ana the ar fad le seachtain anuas anseo i Nua Eabhrac, is maith liom í ach bíonn sí ró-the domsa i lár an lae, fanaim laistigh idir meán lae agus a ceathair a chlog de ghnáth. Ach inniu braithim athrú ag teacht, tá sé fós an te ach tá an t-aer ag éirí trom, braithim mar ualach orm é, ag brú ar mo ghuaillí. Níl an spéir glan geal níos mó, tá an solas bog. Ciúnas gach áit, níl na héanlaith ag canadh tráthnóna inniu, tá a fhios acu go bhfuil stoirm ag teacht ar ball anocht. Níl Cara sásta, braitheann sise an t-athrú chomh maith cé nach bhfeiceann sise mórán níos mó, ní chloiseann si tada mar tá ciúnas na seanaoise uirthi, ach is fuath léi toirneach agus tintreach, cuireann siad scanradh uirthi agus bíonn a fhios aici i gcónaí ó thús an lae, gan bogadh as a leaba, nuair a bhíonn siad ag teacht.

7 comments:

aonghus said...

Is dócha go bhfeidhmíonn an tuiscint do bhrú an aeir i ndiaidh na céadfaí eile.

ormondo said...

Bíonn sé ró-the san áit seo freisin i rith an tsamhraidh agus is maith liom nuair a thagann an toirneach agus an tintreach mar fhuarú agus mar fhaoiseamh beag.

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Níor tháinig an stoirm sin go fóill, bhí sí ag bagairt an lá san ach inné ghlan an spéir arís agus d'éirigh sé níos teo! Is maith liom na séasúir áfach agus luaineacht na haimsire leis.

Ní raibh mé riamh sa Ghearmáin!

Caitríona Uí Cheallaigh said...

Táimse i mo chonaí i mBaile Átha Cliath, Éire, agus ní fhaca mé an ghrian le fada. Tá na scamaill mar scath fearthainne mór timpeall orainn faoi láthair. Ba mhaith liom seal a chaitheamh i Meiriceá chun an ghrian a fheiceáil arís! Táimse ag féachaint amach an fhuinneog faoi láthair agus tá sé ag stealladh báistí arís! Agh.....

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Tuigim do chás a Chaitríona, táim in Éirinn faoi láthair agus aontaim leat, tá sé an fhliuch ar fad le déanaí. Ach bhíos i nGaillimh aréir ag an bhféile mhor agus bhí sé tirim ar a laghad le linn ceolchoirm na Sawdoctors, agus tá an ghrian le feiceáil anseo i gcathair Luimnigh maidin inniu. Beidh mé i mBAC ag an deireadh seachtaine agus déanfaidh mé iarracht í a thabhairt liom... Bí dochasach! H

Caitríona Uí Cheallaigh said...

Tá feabhas mór tagtha ar an aimsir inniu buíochas mór le Dia! Níl sé ag cur baistí. Caithfidh mé imeacht anois díreach. Rachfidh me ar siúlóid agus déanfaidh mé roinnt gnó ag an am céanna. Yipee!

Caitríona said...

Tá súil agam gur bhain tú an taitneamh as na Sawdoctors i nGaillimh. An ndeachaidh tú chuig an Ghaeltacht i gConnemara nuair a bhí tú ann? An Samhraidh seo chaite d'fhan mé sa ghaeltacht ar feadh trí seachtain. Corr na Móna an t-ainm a bhí ar an áit. I dtosach báire cheap mé nach mbeadh faic le déanamh. Tar éis seachtain a chaitheamh ann dhreapamar gach sliabh a bhí inár dtimpeall!