Friday, May 20, 2005

Mo Cheol Thu

Bhí mé i dteagmháil le cara agam, Jerry O’Sullivan inné. Píobaire den scoth atá ann agus chuir ár gcomhrá i gcuimhne dom scéal grinn maidir le na píobairí Albanaigh i gcomparáid leis na cinn Éireannaigh (…..a bhíonn ina gceoltóirí níos fearr!) . “Cén fáth go mbíonn na hAlbanaigh ag siúl timpeall agus iad ag iarraidh ceol a sheinm? Bíonn sé i bhfad níos deacra caitheamh le cruinnsciath (targaid) a bhíonn ag bogadh…………”
Bhíos ag iarraidh teacht ar foinse an magadh sin agus sílim gur ndeachaigh mé air in agallamh le Ciarán Mac Mathúna san Irish Times coicís nó mar sin ó sin. Deacair a ghuth ar an raidió le "Mo Cheol Thú" a dhearmad riamh agus bhí sé go deas a fháil amach go bhfuil sé fós ina chraoltóir an chláir sin go rialta ar RTE agus é beagnach 80 bliana d’aois…. Anois tá fonn orm éist air arís, simplí go leor leis an idirlíon ach ní bheidh sé sin mar a chéanna le bheith ag éisteacht air sa leaba maidin Dhomhnaigh éigin idir dreas codlata agus dhúiseacht.
Mo cheol thú, a Chiaráin.

Ag imeacht go New Hampshire amárach le Eoghan chuig baisteadh iníon mo cholceathrar, Jessica. Beidh Eoghan in a h-athair baistí, is onóir leis é agus tá sé lán sásta a bheith páirteach. Beidh an baisteadh acu tráthnóna Dhomhnaigh (ansin cúig uair eile sa carr teacht abhaile, ochón)

No comments: