Friday, April 29, 2005

The Crossing le Cormac McCarthy

Críochnaigh mé an leabhar The Crossing aréir. Seo an tarna ceann sa Border Trilogy le Cormac McCarthy, agus scéal faoi déagóir ag teacht ina fhear i saol crua, bunaithe i New Mexico ar dtús ach bíonn an fear óg ag taisteal go Mexico agus ar ais agus é ag éirí ciall a tharraingt as an saol agus an cinneadh ceart a dhéanamh i gcónaí. Bhuaileann sé le daoine de gach saghas ar a thuras, cuid acu cabhrach agus cneasta, ach an chuid eile……. Ní fhéadfá a rá gur bhaineas taitneamh as an leabhar seo, i slite b’fhéidir, ach bhí an fhírinne ann sílim faoi saolta déagóirí gan tacaíocht aon áit sa domhan, ní hamháin i Mexico i lár an chéid seo chaite. Éiríonn an príomh carachtair Billy ina fhear le costas an ard ar fad agus fágtar chomh uaigneach go raibh mé an-bhrónach ar a shon agus ar son déagóirí eile a bhíonn fágtha mar seo gan treoir. Tá cara agam agus é 92 bliana d’aois, tagaimid le cheile go rialta agus is chuimhin liom é a rá uair amháin agus sinn ag caint faoi leabhair go bhfaigheann sé rud éigin éagsúla ó leabhar maith gach uair a léann sé é. Braitheann sé ar do shaol féin, a dúirt sé, cad a bhíonn ar siúil agat ag an am, cad iad do chúraimí ag an am, srl. Bíonn sé ag léamh an t am ar fad, leabhar nua aimseartha agus sean leabhair clasaiceacha a bhíonn leite aige uair nó dhó cheanna. Anois táim ag smaoineamh os rud é go bhfuil triúr mac agam ina ndéagóir go dtuigim níos mó an fear óg sa scéal seo agus anróití an tsaoil leis. An léifidh mé arís é uair éigin? Ní a fhios agam.

No comments: