Monday, April 11, 2005

Gnáth Lá d'Aibreáin i NY

Chuala mé ón Saotharlann i mBuffalo nach bhfuil an jab éasca agus go bhfuil orthu trí lá níos mo a chaitheamh ag obair ar an diabhal external drive sin mo chuid oibre a shábháil. Tá súil agam nach mbeidh an costas níos mo de dheasca é seo..................
Bhuel, ar ábhar níos fearr bhí an Lá Mór na Gaeilge ana mhaith. Tháinig 76 sa deireadh agus bhaineamar uilig sult as....ní bhfuair mé gearán ó éinne, go dtí seo ar aon chuma, ach amhain gur chaill duine des na múinteoirí a sheic. Lá gnóthach a bhí ann, ní raibh mórán am saoire againn, rang uair go leith ar dtús, ansin léacht a lean breis agus uair, lón, crannchur, duine ar dhuine, an tarna rang timpeall uair go leith eile, ceardlann drámaíochta le Úna McGillicuddy, seisiún le ceol ó Jerry O’Sullivan, uileann pipes ar ndóigh, Tomás Ó Chathail, flute agus Gobnait Humphries, bodhrán, ana chuid amhránaíochta le Brian Ó Broin, Rath de Houst, Tom Moriarty, Lucas Ó Cathain, Séan Feeney, agus Úna McGillicuddy .....Thosnaigh an dream ag teacht luath go leor ar maidin, timpeall ceathrú chun a naoi. Bhíos féin ann timpeall a h ocht a clog ar maidin in éineacht le na daoine eile a bhí a obair agus bhíomar críochnaithe timpeall leath uair tae éis a cúig sa tráthnóna. Traochta, agus fós tá tuirse orm dhá lá tar éis, ach b'fhiú é. Nach iontach an rud é go raibh 76 duine páirteach i saol na teanga, gnáth lá Aibréain i NY

3 comments:

Seán Feeney said...

76 duine. Tá sé sásúil a fheiceáil an suim sa Ghaeilge ag fás. Táim buíoch díot as an Lá.

Seán

Hilary Mhic Shuibhne said...

Go raibh maith agat a Sheáin, ní hamhain faoin comment seo ach faoi do chuid chabhrach ag an seisiún. Is amhráin an deas é sin a chan tú, cad é an tainm atá air?

Seán Feeney said...

Go ndéana a mhaith duit, a Hilary. Tháinig mé an amhráin ar dlúthdhiosca Éist. Is Na Conghailigh an t-ainm ata air. Tá sé ag Christy Moore. Bhí eagla orm i gconaí ag canadh roimh daoine agus mar gheall air sin níor chan mé riamh. Ach is féidir liom ag canadh roimh an dhream ag Tara agus Daltaí. Táim ar mo shuaimhneas romhaibh. (Faoi chearthaí fós ach...)