Friday, February 22, 2013

Lean an t-Airgead


Cuireann an scannal bia is déanaí déistin orm, ach bíonn sé greannmhar chomh maith ar slite, féachaint ar na fógraí grinn ar Facebook agus Twitter srl ach i ndáiríre níl i gceist anseo ach sampla eile don saint a dtagann aníos arís is arís eile sa saol atá inniu ann - b'fhéidir go bhfuil samplaí le feiscint i gcúrsaí an tsaoil ón tús báire! 
Ní fheadar.

Má bhíonn seans teacht ar saibhreas in aon slí agus brabús breise a bhailiú, isteach sa seans le gach éinne de réir dealramh. Is cosúil go bhfuil saint chun airgid nádúrtha anois gan fiú catsúil a thabhairt ar thorthaí na sainte céanna. Lean an t-airgead agus gheofar an fhírinne. 
Is cuimhin liom laethanta "The Beef Tribunal"

4 comments:

Anonymous said...

Saint cinnte, a H, ach bhí saint riamh ann. An rud atá in easnamh anois, sé feighlíocht nó maoirseoireacht an tionscail. Lastas amháin "breac le feoil eich", bhí ar na fiosraitheoirí dul siar ó Éirinn, ón Bhreatain, ón Fhrainc, ó Lucsambarg, ón Chipir, ón Ollainn, go shroich siad an Romáin. Agus bhí dhá thrádálaí ar an tslí a raibh coireanna mar seo curtha síos dóibh cheana. Agus níl ansin ach aon lastas amháin. Agus fós, níl fhios baileach acu cé bhíos ciontach.
Cá bhfios cad a bhíos a ithe againn?

Fearn

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

...agus anois dream i Carrick-on-Suir i lár na trioblóide ag cur lipéid mí cheart ar fheoil.

Cá bhfios cad a bhíos a ithe againn? Sin an fhadhb, níl a fhios ag éinne
mura itheann sé torthaí agus glasraí as a ghairdín féin! nó ó fheirm in a cheantar, bia áitiúil más féidir.

Anonymous said...

@bia áitiúil más féidir

Tagaim leat, a Hilary, ( ach amháin nuair is fíon a mbíonn i gceist) :-)


Fearn

pakistannationalnews said...

The Istikhara is an Islamic tradition which is strongly rooted in our culture of Iran, India and Pakistan. Amil Bangali Baba"
"Man Pasand Shadi"">Rohani Wazifa"">Taweezat"">Black magic
"